Is cinnte gur athraigh an saol ó chaith an file Anér mac Con Glinne seal a chuarta sa naoiú haois ar Mhainistir Chorcaí gar don áit ina bhfuil Coláiste Ollscole Chorcaí faoi láthair. Tá an chuairt fós sa seanchas.
Mar chúiteamh ar na gearáin a rinne sé agus é ag tabhairt amach faoin fháilte suarach a cuireadh roimhe dar leis, agus don aoir a chum sé leis sin a chur in iúl, buladh é, tomadh sa Laoi é agus daoradh chun báis é ar orduithe an aib.
Ar an dea-uair dó féin, tháinig sé slán, sheachain sé an t-anbhás agus tháinig feabhas ar chúrsaí a shaoil as sin amach mar a mhíníonn Pádraig Ó Macháin ...
Cothrom agus céad bliain is an 3ú Nollaig seo chughainn is ea a saolaíodh Seán Ó Rordáin i mBaile Bhúirne, Co. Chorcaí.
I gcaitheamh mí na Samhna, beidh comóradh á dhéanamh ar shaol agus ar shaothar an Ríordánaigh i gColáiste Ollscoile Chorcaí.
San institiúid léinn sin is ea a fuair an file tamall dídine ó bhuarthaí an tsaoil agus é i mbun léachtóireachta ar bhonn ócáidiúil i Roinn na Gaeilge sna 60í déanacha agus isteach sna 70í.
Socrú é sin a dhein an tOllamh R.A. Breatnach, Ollamh le Gaeilge, a raibh meas mór aige ar an bhfile.
Mar is eol do chách, bhí teist na filíochta go láidir ar Chúige Mumhan i gcónaí riamh, ó Ghofraidh Fionn go Donnchadh Ruadh agus Eóghan Ruadh.
Sa bhfichiú haois, níor shuarach an bhaint a bhí ag an gColáiste Ollscoile le cur chun cinn na filíochta sin, ná go deimhin le tacú le filí comhaimseartha. Tadhg Ó Donnchadha (‘Torna’), duine a bhí an-eolgaiseach ar an bhfilíocht dúchasach, dob é, agus é ina Ollamh le Gaeilge, a chinntigh go n-aithneofaí Carraig na bhFear mar róimh na héigse san 18ú haois déag, mar shampla.
Tá cáil fé leith ar Sheán Ó Tuama, Ollamh le Gaeilge, agus ar an iarracht a dhein sé teoiricí léirmheastóireachta nua-aimseartha a chur i bhfeidhm ar fhilíocht na Gaeilge ón tsean-aimsir go dtí a aimsir féin.
Ní hamháin sin, ach thug sé misneach agus spreagadh dá chuid mac léinn i gcónaí maidir le cumadh na filíochta de, agus ní beag an toradh a bhí air sin.
Luaitear filí Innte i gcónaí, ach b’fhéidir gurbh é an tsuim sa litríocht, agus i léann na litríochta, a mhúscail an Tuamach ina chuid mac léinn go léir an oidhreacht is mó a d’fhág sé le huacht orainn.
Maidir leis an Ríordánach de, níl amhras ná gurb é saothrú Sheáin Uí Choileáin, Ollamh le Gaeilge, sméar mullaigh an léinn agus na critice. Sa bheathaisnéis liteartha leis a foilsíodh in 1982, thug sé buantseasamh don Ríordánach mar ealaíontóir, agus chuir sé saothar ar fáil sa Ghaeilge a bhí ionchurtha le haon bheathaisnéis dá leithéid a raibh fáil uirthi i dteangacha eile.
Ní nach ionadh mar sin sraith imeachtaí a bheith á heagrú san Ollscoil i gcuimhne an Ríordánaigh, agus ina ómós, i gcaitheamh mí na Samhna.
Inniu, an 10ú lá, tharla teacht le chéile chun ceard na filíochta sa Ghaeilge a phlé agus í a thagairt go háirithe do shaothar an Ríordánaigh. Ar na haoichainteoirí bhí Colm Breatnach, Áine Uí Fhoghlú, Ailbhe Ní Ghearbhaigh, agus Wilson McLeod.
Ar an 17 Samhain (1-2.30, Seomra Caidrimh) tiocfaidh daltaí de chuid Ghaelscoil Uí Ríordáin (Baile an Chollaigh) i láthair chun aithris a dhéanamh ar dhánta an Ríordánaigh, agus chun tamall ceoil agus litríochta a bheith acu le fochéimithe na hOllscoile.
Ar an 22 Samhain (3-4, Ó Ríordáin Buildind G.20) beidh léacht as Béarla leis an scríobhaí cáiliúil, Timothy O’Neill (Ollamh Taca, Roinn na Nua-Ghaeilge, agus údar The Irish Hand), dár teideal Letter-forms and literature: wrestling with Scripture, Heaney and Ó Ríordáin.
Tá cóip ghreanta ar phár de Fill Arís an Ríordánaigh á hullmhú faoi láthair ag O’Neill.
Agus mar bhuaic-chéim ar na himeachtaí, ar an 25 Samhain nochtfar dealbh Shéamuis Uí Mhurchú de Sheán Ó Ríordáin ar a 3pm i Roinn na Nua-Ghaeilge, tráth a thabharfaidh Seán Ó Coileáin aitheasc na hócáide.