Irish language

Cur síos scáfar ar an chomhpáirtíocht idir an Bhreatain, an UVF agus an UDA

UAFÁS DLEATHACH: Leagadh trí bhuama i mBaile Átha Cliath (an ceann thuas i Sráid an Talbóídigh) agus ceann amháin i Muineachán ar an 17 Bealtaine 1974. Ba é an UVF, eagraíocht a rinneadh dleathach trí lá roimhe, a bhí freagrach as an tsléacht. 
Robert McMillen

Is doiligh a chreidbheáil go raibh eagraíocht a bhí freagrach as níos mo na na céadta dúnmharú ag feidhmiú ar bhonn dleathach le bunús an ama a raibh sé gníomhach.

Sin mar a bhí sé i gcás an Ulster Defence Association, an UDA, le linn na dtrioblóidí ó thuaidh.

Ó mharaigh siad tiománaí tacsaí 22 bhliain d’aois, Gerard Donnelly, i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 20 Aibreán 1972 go dtí gur mharaigh siad Cyril Murray ar an 8 Iúil 1992 - cúig mhí i ndiaidh iad cúigear sibhialtach Caitliceach a scaoileadh marbh i siopa geall-ghlacadóireachta Sean Graham - d’fhan rialtas na Breataine go dtí mí Lúnasa 1992 le cosc a chur ar an UDA agus a eite mharfach, the Ulster Freedom Fighters (UFF) ag ligin orthu féin i rith an ama gur dhá eagraíocht ar leith a bhí iontu.

Níor chuir an cosc deireadh leis an doirteadh fola ar ndóigh. Lean an UDA/UFF, ar eagraíocht amháin í, ag marú leo. 

Leoga ar an 6 Samhain, dúirt an UDA/UFF go leathnódh siad a bhfeachtas foréigin ar “an phobal ina iomláine” ie gach uile Chaitliceach.

Scaoil siad John O’Hanlon marbh ar an 1 Meán Fómhair 1994 (an chéad lá de shos cogaidh an IRA).

An mhí seo caite, foilsíodh leabhar úr le Margaret Urwin, A State in Denial, a dhéanann iniúchadh ar an chaidreamh idir Rialtas na Breataine, na fórsaí slándála agus faisnéise, agus an UDA agus an UFF.

Cad é an caidreamh mar sin a bhí idir bunaíocht pholaitiúil agus mhíleata na Breataine agus paraimíleataigh dhílseacha, mar sin?

Sa leabhar, deir Urwin, gur sean-chleachtas de chuid Arm na Breataine a bhí ann i gcoimhlintí coilíneacha dá gcuid ar fud na cruinne dream amháin a earcú le cuidiú leo in éadan cibé mór-naimhde atá acu. 

“Just as the use of Q Patrols of Turkish Cypriots was an important feature of the British victory in Cyprus, and tribes hostile to the Kikuyu in Kenya played a major role in the defeat of the Mau Mau, so the loyalists of Northern Ireland were the natural allies of the British in their war against republicans...” a scríobh sí. 

Is léir ón fhianaise atá leagtha síos ag Margaret Urwin in State of Denial go raibh an Bhreatain ag baint úsáide as an UVF agus a nom de guerre, Red Hand Commandos, an UDA agus nom de guerre s’acusan, the Ulster Freedom Fighters agus grúpaí beaga ar fud an tuaiscirt a bhí i mbun feachtas foréigin in éadan, sa chuid is mó, sibhialtach Caitliceach.

(In 40 éigin bliain de na Trioblóidí, seachas 1978 agus 1987, maraíodh níos mó sibhialtach Caitliceach na sibhialtaigh Phrotastúnacha ach bhí an chuma air gur cuma leis na fórsaí slándála faoi seo.)

Mar a dúirt Margaret Urwin agus í ag seoladh a leabhair i gColáiste Mhuire an mhí seo caite, as a mbéal féin a dhamnaítear na daoine ar cheart iad a bheith freagrach as dlí agus ord. Tá an fhianaise uilig le fáil i gcáipéisí oifigiúla i gCartlann Náisiúnta na Breataine in Kew agus in ionaid eile i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste agus in áiteanna eile.

Is léir ó na ráitis atá scaipthe san iliomad cáipéisí sna mílte de chomhaid, ní amháin gur ghlac na húdaráis le foréigean na ndílseoirí ach gur spreag siad é.    

Dúirt Urwin, duine de bhunaitheoirí Justice for the Forgotten, eagraíocht atá ag iarraidh ceart a fháil d’íobartaigh bhuamála Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin, gur thosaigh an A State of Denial mar pháipéar ar eisreachtú an UVF i 1974.

“Rith sé liom gur comhtharlú iontach a bhí ann go raibh Rialtas na Breataine ag bronnadh dlisteanachta ar an UVF tráth a raibh siad ag beartú bhuamáil bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin,” ar sí.

“Tá cur síos ar an tsraith imeachtaí neamhghnách seo sa leabhar ach is leor a rá ag an phointe seo go ndeachaigh an reachtaíocht fríd Theach na dTeachtaí ar an 14 Bealtaine, fríd Theach na dTiarnaí ar an 15 Bealtaine agus leagadh na buamaí uafásacha marfacha ar an 17 Bealtaine.

“Ina ainneoin sin, cheadaigh Merlyn Rees, StátRúnaí an tuaiscirt ag an am, go rachadh an reachtaíocht ar aghaidh ar an 23 Bealtaine cé go raibh a fhios ag údaráis na Breataine go raibh an UVF freagrach as an an sléacht - bhí cruinnithe acu le ceannairí an UVF roimh agus i ndiaidh na buamála. 

“Ní fios cén ruaille buaille a bheadh ann dá ndéanfaí eagraíocht dhleathach den IRA trí lá i ndiaidh Bloody Friday,” ar sí.

Ar mholadh ón Pat Finucane Centre, chinn Margaret an nasc idir Rialtas na Breataine agus an dá arm dílseacha a iniúchadh. 

Cé nach féidir choíche gach eolas a bhaineann leis na Trioblóidí a fháil, tá go leor ann le cuid mhór den scéal a inse, dar le Bean Urwin.

Deir sí gur bhain an Bhreatain úsáid as gach uirlis impireachta, ar scala níos lú, a bhí in úsáid acu ina coilíneachtaí thar lear i dtuaisceart na hÉireann, go mór fada, in éadan an phobail náisiúnaíoch.

“Imtheorannú, cuirfiú, diancheistiú, stopadh, aonaid rúnda mhíleata agus uirlis chumhachtach na bolscaireachta in éadan náisiúnaíoch,” ar sí.

Mar shampla, idir 4 Eanáir agus 20 Marta 1976, tráth a raibh dílseoirí an-gníomhach ag marú sibhialtach Caitliceacha ar shráideanna Bhéal Feirste, stopadh agus ceistíodh 635 Caitliceach (96%) agus 25 Phrotastúnach (4%).

Chuir na húdaráis síos ar dhílseoirí mar chadhain aonair, grúpaí beaga scaoilte agus ní eagraíocht mhór dhlúth struchtúrtha; an dóigh ar tugadh cead a gcinn don UDA mórshiúlta móra bagracha a reáchtáil; an dóigh a ndearna siad neamhaird ar chomh-bhallraíocht an UDA agus an UDR, cé gurbh é an t-aon fhoinse airm nua-aimseartha é an UDR do pharaimíleataigh dhílseacha; an dóigh ar theip orthu dúnmharaithe seicteacha a fhiosrú mar ba cheart; an dóigh ar ghéill siad do stailceoirí an UWC i 1974; eisreachtú an UVF i 1974; comhbhá PhríomhChonstábla an RUC, John Hermon, leis an UDA, léiríonn sé seo uilig go raibh tuigbheáil tostach le dílseoirí chun aimhleasa an phobail náisiúnaíoch.

“Diúltaíodh go diongbháilte do gach iarracht a rinne an SDLP, Páirtí an Alliance, Rialtas na hÉireann, an eaglais Chaitliceach agus daoine eile brú a chur ar Rialtas na Breataine cosc a chur ar an UDA.”

Ach nach gcuirfidh an tochailt seo i stair fhuilteach na Sé Chontae bac ar an athmhuintearas? Measann Margaret Urwin nach gcuirfidh.

“Creidim go láidir go gcuirfidh an tóraíocht seo ar an fhírinne a bhaineann le héagóracha ar gach taobh den choimhlint, go gcuirfidh sé leis an athmhuintearas agus go ligfidh sé don cneasú tarlú,” ar sí.

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: