Irish-Language

Sos in óstán úr i bpríomhchathair na Catalóine nach gcosnóidh fortún duit

<em><b style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">BUAICPHOINT&Iacute; BARCELONA: </b><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">Is f&eacute;idir na h&aacute;iteanna is suim&uacute;la agus is ionta&iacute; de chuid Barcelona a fheice&aacute;il - cos&uacute;il le Park G&uuml;ell de chuid Gaud&iacute; (</span><i style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">thuas</i><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">) - agus stopadh in &oacute;st&aacute;n nach gcosn&oacute;&iacute;dh fort&uacute;n - t&aacute; Room Mate Anna d&iacute;rithe orthu sin a bhfuil &oacute;st&aacute;n compordach i l&aacute;r na cathrach ar phraghas r&eacute;as&uacute;nta de dh&iacute;obh&aacute;il orthu agus sa cheann seo t&aacute; seomra&iacute; gal&aacute;nta agus linn sn&aacute;mha ar an d&iacute;on</span></em>
BUAICPHOINTÍ BARCELONA: Is féidir na háiteanna is suimúla agus is iontaí de chuid Barcelona a BUAICPHOINTÍ BARCELONA: Is féidir na háiteanna is suimúla agus is iontaí de chuid Barcelona a fheiceáil - cosúil le Park Güell de chuid Gaudí (thuas) - agus stopadh in óstán nach gcosnóídh fortún - tá Room Mate Anna dírithe orthu sin a bhfuil óstán compordach i lár na cathrach ar phraghas réasúnta de dhíobháil orthu agus sa cheann seo tá seomraí galánta agus linn snámha ar an díon

Is léir ó na scamaill ós ár gcionn go bhfuil stoirm ar an bhealach - radharc nach bhfuil millteanach tarraingteach agus muid in Barcelona do shos gearr cathrach.

Ach ar an dea-uair, ní chuireann na scamaill bhagracha seo isteach ar an deireadh seachtaine. 

Níl iontu ach cuid den dearadh sa seomra atá againn ag Room Mate Anna, an ceathrú hóstán de chuid an chomhlachta Room Mate i bpríomhchathair na Catalóine.

Taobh leis an tsíleáil atmaisféarach, tá maisiúcháin drámatúil fud fad an tseomra - cuirtíní agus comhlaí dearga, clár cinn leapa a bhí corcairdhearg, coiréalach agus blaoscanna bána ollmhóra ar na ballaí.

Tá an téama mara go láidir fríd an tseomra ach é go iomlán as an ghnáth.

Tá Room Mate Hotels thar a bheith bródúil as ar na téamaí láidre seo i ngach ceann dá n-óstáin agus tá téama ar leith i ngach ceann acu - agus ní hé sin amháin.

Bunaigh Kike Sarasola, príomhfheidhmeannach Room Mate Hotels, an tsreang óstán in 2005, i ndiaidh dó féin agus dá fhear céile bheith ag taisteal cuid mhór, turas go Nua Eabhrac ina measc.

“Ag an am sin, bhí an chathair lán turasóirí agus ní thiocfadh linn teacht ar óstán i lár na cathrach,” ar sé.

“I ndiaidh dúinn pilleadh, mheabhraigh muid gur chaith muid cuid mhór airgid ar óstan i bhfad ó óstán na cathrach, áit nár caith muid mórán ama inár gcodladh inti, ag ithe bricfeasta agus ag glacadh cithfholcadh.

Mar sin de, chinn sé ar shreang úr óstán a bhunú (as you do!) ina raibh gach rud a bheadh de dhíth ar chuairteoir.

“Óstán i suíomh thar a bheith maith i gcroílár na cathrach, dearadh sainiúil agus dána, praghsanna réasúnta. seirbhís den chéad scoth agus gan na breiseáin sin nach mbaineann aonduine úsáid astu ach go hannamh,” arsa Keke.

Sin an fealsúnacht atá taobh thiar de Room Mate Hotels. Anois, 11 bhliain níos maille, tá 23 óstán i gcathracha ar fud an domhain - Nua Eabhrac, Miami, Cathair Mheicsiceo, Firenze agus Milano san áireamh - agus tá beirt eile ar an bhealach, beirt eile in Barcelona in 2017, i ndiaidh don chosc a bhí ar cheadúnais d’óstáin úra ar feadh bliana theacht chun deiridh.

“Is ann do Room Mate Hotels dóibh sin ar mhaith leo fanacht i lár na cathrach, bheith ag fámaireacht, siúl ar na sráideanna galánta agus ag sú isteach sprid na háite,” arsa Sarasola.

Agus deir sé gurb é an tréith is tábhachtaí leis “gach rud a bheith dírithe ar an an aoi.

“Ba mhaith liom go smaoineodh siad go bhfuil siad tí chairde.”

Tá 81 seomra in Room Mate Anna, a osclaíodh i samhradh na bliana seo, ó sheomraí bunúsacha, suas go dtí svuíteanna agus tá an suíomh dochreidte. 

Stadann an bus ón aerfort i ndiaidh turais 35 bhomaite ag Plaça de Catalunya agus glacann sé 10 mbomaite ar cois ar Passeig de Gracia, sráid a bhfuil caifelanna agus siopaí galánta ar gach taobh de - go dtí gur bhain muid an teach ósta amach.

Ní raibh ceol ard le cluinstin ach chuirfeadh an forhalla beag club oíche i gcuimhne duit, an spás dubh le dearg agus óir síos fríd.

Tá an fáilteoir thar a bheith forbhfáilteach agus cuireann sí ar an eolas muid maidir le suíomhanna clúiteacha na cathrach, leithéidí margadh bia La Boqueria agus Passeig del Born, sráid ghleoite ársa ina bhfuil cuid mhór beár sa Cheathrú Ghotach. 

Chomh maith leis an wi-fi saor in aisce sna óstán, tugtar WiMate dúinn, mion-ródaire in-iompar a dtig leat é a chur i do mhala le go mbeidh tur ar líne áit ar bith sa chathair.

Ar deireadh, deirtear linn gur féidir bricfeasta a fháil suas go dtí an meánlae mar sin ní ga dúinn an mochóirí a chleachtadh!

D’fhág muid na malaí sa seomra agus láithreach bonn away linn go dti an linn snámha thuas ar an díon via dorchlaí ar a bhfuil páipéar balla dubh agus eisc. 

A luaithe is atá muid ansin, suíonn luíonn muid siar ar na tolga compordacha, gloine champagne taobh linn.

Tá áit suí faoin ghrian ann chomh maith, áit a dtig leat suí siar ar ar “leaba phónaireán” - níl áit ar bith níos fearr le do scíth a ligin i ndiaidh tú lá fada fámaireachta a chaitheamh. 

Agus tá iontais go leor le feiceáil in Barcelona. 

Ceannaigh leabhrán de 10 dticéad taistil ar €10  (tá stad  metro taobh amuigh den óstán) agus gabh chuid páirc iontach Gaudí, Park Güell, agus an pháirc siamsaíochta ar shliabh Tibidabo - thig leat dul a fhad leis ar iarnród cáblach agus gheobhaidh tú radharcanna iontacha leathanradhairc ar an dóigh seo.

Is cathair siúlóide den chéad ghrád í Barcelona agus glacann sé 20 bomaite le siúl chuig La Sagrada Familia, an ardeaglais mhórthaibhseach  nach bhfuil críochnaithe go fóill, 134 bliain ó thosaigh an obair.

I ndiaidh bheith faoina draíocht, isteach linn chuig bialann bheag darb ainm La Repanocha ar Carrer del Bruc, áit a gcosnóidh béile trí chúrsa - paella agus bradán san áireamh - chomh maith le deochanna, níos lú ná €10 an duine. 

Chaith muid an tráthnóna ag siúl ar an trá agus shnámh san fharraige gorm sular bhain muid an teach ósta amach níos maille.

Ón bhalcóin, bhí radharc iontach againn ar Casa Batllo a thóg Gaudí.

Is fearr La Rambla a sheachaint don dinnéar cionn is go mbíonn sé níos daoire do thurasóirí mar sin chuaigh muid chuig Les Tapes ar Plaça Regomir. Anseo is féidir sliabh de tapas a ithe ar níos lú ná €13. 

Is Sasanach í Barbara ar léi an bhialann, agus dúirt sí linn gur thug sí cuairt ar Barcelona níos mó ná 30 bliain ó shin agus ní dheachaigh sí chun an bhaile. Tuigeann muid di!