Irish-Language

Ag coinneáil súl ar a bhfuil ag titim amach sa domhan hispanohablante

<b style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">MARIANO RAJOY: </b><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">Bualifidh R&iacute; na Sp&aacute;inne, Felipe II, le ceannair&iacute; na bp&aacute;irithe D&eacute; Luain n&oacute; D&eacute; M&aacute;irt na seachtaine seo chugainn agus ina dhiaidh sin, molffaidh s&eacute; Se&ntilde;or Rajoy mar Phr&iacute;&oacute;mh-Aire</span>
MARIANO RAJOY: Bualifidh Rí na Spáinne, Felipe II, le ceannairí na bpáirithe Dé Luain nó D MARIANO RAJOY: Bualifidh Rí na Spáinne, Felipe II, le ceannairí na bpáirithe Dé Luain nó Dé Máirt na seachtaine seo chugainn agus ina dhiaidh sin, molffaidh sé Señor Rajoy mar Phríómh-Aire

TÁ mé ag foghlaim Spáinnise ar an aimsir seo agus cé go raibh a fhios agam faoi na buntáistí a bhaineann le teangacha a fhoghlaim agus gur saibhre i bhfad an saol atá agam cionn is go bhfuil Gaeilge agam, tá pléisiúir ar leith ag baint le teanga choimhthíoch a bheith agat.

Bíonn an chraic chéanna agat agus tú ag déanamh grinn le fear tábhairne i dTír Chonaill nó i gConamara agus a bhíonn agat agus tú ag Frainciseoirí nó ag Spáinniseoireacht.

Mar shampla, nuair a bhí mé féin agus beirt chara i Santiago de Compostela i mbliana, bhí muid ag ithe béile i dteach itheacháin agus bhí an fhoireann thar a bheith cairdiúil.

Nuair a fuair siad amach gur Éireannaigh muid, chuir siad físeán ag dul ar an scáileán mór, Whiskey in the Jar á cheol ag Metallica  – yep, Metallica!

B’as an Airgintín an freastalaí agus chuir mé ceist air an raibh físeán de Mercedes Sosa ag ceol Sólo le Pido a Dios acu. D’fhobair gur bris na deora amach air. 

Is amhrán é Sólo le Pido a Dios a iarrann ar Dhia nach mbeadh an t-amhránaí ar nós cuma liom faoin bhrón, faoin éagóir nó faoin chogaíocht, amhrán galánta a bhfuil cáil domhanda air. Singalong mar a dearfa i mBéarla ach amhrán a bhfuil cumhacht polaitiúil ag baint leis ag an am céanna. Chuir sé go mór leis an atmaisféar a bhí bhialann an oíche sin.

Bráithreachas idir mé féin agus fear eile a bhí i bhfad ó bhaile fríd an Spáinnis.

Ar ndóigh, bhí mé féin agus mo chara Pablo san Airgintín in 2014, ait ar labhair muid Spáinnis de chuid na tíre sin, is é sin, Spáinnis a bhfuil blas Iodálach leis mar gheall ar an iliomad inimirce chun na tíre sin leis an cianta.

Shíl mé go mbeadh níos móBéarla á labhairt san Airgintín agus is furasta dearmad a dhéanamh ar cé chomh láidir is atá an Spáinnis i Meiriceá Laidineach, an teanga á labhairt i ngach tír seachas sa Bhrasaíl ach bhí muid in ann ticéid a cheannacht don turas bus a thabharfadh go Mendoza muid, ceantar mór fíona san Airgintín - agus uaidh sin go hArconcagua, an sliabh is airde sa leathsféar theas.

Oh, agus stéigeanna agus Malbec agus Quilmes a cheannacht gan a dhul i dtuilleamaí an Bhéarla. 

Ach don té a bhfuil suim aige i gcúrsaí reatha, tá rudaí suimiúla ag titim amach sa Spáinn agus sa Cholóim faoi láthair.

Ní raibh rialtas i gcumhacht sa Spáinn le 10 mí anuas agus bhí an baol ann go mbeadh an tríú olltoghchán ann ar Lá Nollag i mbliana ach mar gheall ar throid inmheánach taobh istigh den Pháirtí Sóisialach (PSOE), fuarthas réitithe den cheannaire Pedro Sanchez a bhí in éadan socrú a ligfeadh don iar-Phríomh Aire, Mariano Rajoy ó Pháirtí na nDaoine (PP) theacht ar ais i gcumhacht ach bhí a pháirtí féin ina éadan.

Anois agus Sanchez bailithe leis, chinn an PSOE ag cruinniú an deireadh seachtaine seo go staonfadh siad sa vóta, rud a ligfidh do Rajoy cumhacht a ghlacadh arís sa Cortes, pairlimint na Spáinne.

Beidh mé ag coinneáil súil ar an sobal-dráma ar fad agus ag cleachtadih mo cuid Spáinnise agus mé ag léamh El País agus El Día ar líne.

Tír eile ina bhfuil rudaí tromchúiseacha ag dul ar aghaidh is ea an Cholóim.

Tá Uachtarán na tíre sin, Juan Manuel Santos, le cuairt a thabhairt ar Bhéal Feirste an mhí seo chugainn le buíochas a thabhairt dóibh sin a chuidigh leis an Cholóim teacht ar réiteach sa choimhlint idir an rialtas agus FARC.  

B’uafásach an cogadh a bhí ag dul ar aghaidh sa tír sin idir an dá dhream le leathchéad bliain anuas, cogadh cathartha inar maraíodh 220,000 duine - 4,400 duine sa bhliain, níos mó ná an líon a maraíodh le linn na dTrioblóidí ar fad gach bliain ar feadh caoga bliain - agus díshealbhaíodh 6 mhilliún duine eile.  

Ach nuair a cuireadh an comhshocrú chun vóta, vótáil 50.2% de mhuintir na Colóime ina éadan.

Sin ráite, agus mé ag léamh El Tiempo, an nuachtán is mó sa Cholóim, thuairiscigh siad go raibh an tUachtarán Santos dóchasach go fóill.

“Dúirt an tUachtarán, thar aon rud eile, go raibh tacaíocht ag fás sa tír go leanfadh sé ar aghaidh leis an chomhshocrú leis na treallchogaithe ach é bheith sásta leasuithe agus athruithe atá de dhíobháil ar lucht “No”, más indéanta iad,   a chur i bhfeidhm.”

Agus sin dea-scéal a dtáinig mé air ag léamh fríd nuachtáin na Colóime ar líne.

Mar sin, tá feidhm eile ag baint le teanga a fhoghlaim. Cinnte tá sé úsáideach agus tú ag ordú manglam i Torremolinos ach tá sé úsáideach i ngnéithe níos tromchúisí.