Irish-Language

Caoga bliain ag fás ach tá uaillmhianta móra fós ag Cumann Píobairí Ard Mhacha

<span style="font-family: Arial, Verdana, sans-serif; ">&nbsp;CEANNR&Oacute;DAITHE: Liosta le h&aacute;ireamh &eacute; na daoine a chuir suim sa cheol Ghaelach agus iad faoi dhra&iacute;ocht ag Cumann na bP&iacute;obair&iacute;, Ard Mhacha at&aacute; caoga bliain ar an fh&oacute;d i mbliana, i&uacute;bhaile &oacute;rga a bheidh &aacute; ceili&uacute;radh i sraith &uacute;r ar an BBC</span>&nbsp;
 CEANNRÓDAITHE: Liosta le háireamh é na daoine a chuir suim sa cheol Ghaelach agus iad faoi dhraíocht ag Cumann na bPíobairí, Ard Mhacha atá caog  CEANNRÓDAITHE: Liosta le háireamh é na daoine a chuir suim sa cheol Ghaelach agus iad faoi dhraíocht ag Cumann na bPíobairí, Ard Mhacha atá caoga bliain ar an fhód i mbliana, iúbhaile órga a bheidh á ceiliúradh i sraith úr ar an BBC 

B HEADH an saol níos tostaí, bheadh níos lú gealgháire le cluinstin agus is cinnte nach mbeadh an ceol traidisiúnta chomh folláin inniu is atá sé ach go bé gur thosaigh fear agus bean óg cumann ceoil in Ard Mhacha leathchéad bliain ó shin.

Bí ag caint ar éacht!

Ó bhunaigh Brian agus Eithne Vallely Cumann Phíobairí Ard Mhacha, tá an cumann ar thús cadhnaíochta i gcur chun cinn an cheoil thraidisiúnta ó shin i leith, na mílte duine óg ag foghlaim scileanna agus ag baint pleisiúir as an ealaín agus as an chuideachta araon.

Cuid acu, thosaigh siad a ngairmréanna proifisiúnta ag Cumann na bPíobairí agus cuid eile ar fud na cruinne, fuair siadsan máistreacht ar cheol na hÉireann fríd na leabhair iontacha a chuir an cumann amach ó 1972 i leith.

Ar ndóigh, is bliain ar leith í 2016, iúbhaile órga an chumainn agus lena ceiliúradh, tá an BBC le sraith a chraoladh ar an ruaille buaille a théann leis an chumann a theagascann gach uirlis traidisiúnta dá bhfuil ann agus ar an chairdeas fadsaoil idir an iliomad duine a chuir aithne ar a chéile ag na ranganna.

In Píobairí Ard Mhacha – sraith úr trí chlár do BBC2 Thuaisceart Éireann – gheobhaidh an lucht féachana léargas ar an dóigh ar bunaíodh an cumann 50 bliain ó shin agus ar an dóigh ar choinnigh obair agus tiomantas mhuintir Vallely, na ndaltaí, na múinteoirí agus phobail na cathrach brí agus beatha sa chumann trí thréimhsí dúshlánacha na dTrioblóidí agus ina ndiaidh.

Insíonn an clár scéal an chumainn inar munlaíodh na glúnta de cheoltóirí ceannródaíocha - na Vallelys óga – Niall, Caoimhín agus Cillian – Brian Finnegan, Alanna Henderson, Tiarnan Ó Duinnchinn, Jarlath Henderson agus go leor eile.

Agus ní cumann coimeádach é Cumann Phíobairí Ard Mhacha. Cothaítear grá don traidisiún - ansin tugtar cead a gcinn do na ceoltóirí an traidisiún sin a thabhairt leo bealach ar bith is mian leo.

Tá 30 múinteoir rialta ceoil ag obair ar son an Chumainn agus buaileann muinteoirí eile isteach nuair atá siad ar cuairt go hArd Mhacha. Gach séachtain, bíonn 50 rang ar siúl i Scoil Ghramadach Naomh Pádraig oícheanta Luain agus in Áras na bPíobairí oícheanta Chéadaoin. Cuirtear fáilte roimh idir óg agus aosta.

Tá na ranganna séisiúin do dhaoine fasta ag dul ó neart go neart, mar shampla, agus tá sé oscailte do cheoltóirí de gach leibhéal ar gach uirlis. Bainfidh ceoltóirí atá rud beag meirgeach an-tairbhe as na ranganna pleisiurtha seo.

D’aos óga Ard Mhacha, tá an Roinn Gnothaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath i ndiaidh maoiniú a thabhairt don chumann le hobair a dhéanamh sna scoileanna le daoine óga a chur ar an eolas maidir le hoidhreacht thrasphobail cheol an cheantair.

Ba é díograis Brian agus Eithne Vallely ar son an cheoil thraidisiúnta, agus an dúil thar na bearta a bhí acu a gcuid eolais a roinnt leis an ghlúin óg agus an deis a thabhairt do gach páiste ceol a sheinm agus sult a bhaint as, ba iad sin a thiomáin an cumann ón chéad lá riamh.

I sraith an BBC, cluinfidh muid ó Eithne agus Brian Vallely a thugann cur síos dúinn ar na ‘céimeanna corracha ach iomlán fócasaithe’ i luathstair an chumainn.

Chomh maith leis sin, cluinfidh muid ó iardhaltaí atá anois ina múinteoirí, ó dhaltaí úra agus ó dhaltaí reatha atá ag cur lena stór port i rith an ama. Beidh píosaí ann ó cheoltóirí aitheanta a thosaigh amach ar shaol an cheoil sa chumann agus atá anois ina gcuid shuntasach d’avantgarde an cheoil thraidisiúnta, daoine a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta bainte amach acu.

Craolfar an chuid deiridh den tsraith scannán faisnéisé ar an Luain, 31 Deireadh Fómhair agus go díreach ina dhiaidh sin, ar 11.15 i.n. ar BBC Two Northern Ireland (ceart ag am a fhoilsithe), craolfar ceolchoirm leathuair an chloig a dhéanfaidh ceiliúradh ar cheol an chumainn thar 50 bliain, ceolchoirm a mbeidh ceol uathúil ensemble ann le Lúnasa, Buille, Flook, Jarlath Henderson, Tiarnán Ó Duinnchinn, Thomas Smyth agus Cúig, maraon le daltaí agus múinteoirí a bhí agus atá gníomhach sa chumann.

Is clár de chuid BBC Gaeilge é Píobairí Ard Mhacha, le fotheidil i mBéarla. Is é Clean Slate Productions a léirigh an tsraith do BBC Northern Ireland, le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge/