Irish-Language

Léachtaí a thugann léargas dúinn ar an iliomad ábhar, trom agus éadrom

<em><b style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">CAINTEANNA: </b><span style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">T&aacute; l&oacute;n machnaimh go leor i gcainteanna TED, b&iacute;odh Al Gore ag caint ar an timpeallacht n&oacute; Wade Davis ag caint ar an d&oacute;igh a bhfeiceann cin&iacute;ocha iarg&uacute;lta an domhan n&oacute; Sunitha Krishnan ag cur s&iacute;os ar an droch&iacute;de a thugtar do ph&aacute;ist&iacute; san India</span></em>
CAINTEANNA: CAINTEANNA: Tá lón machnaimh go leor i gcainteanna TED, bíodh Al Gore ag caint ar an timpeallacht nó Wade Davis ag caint ar an dóigh a bhfeiceann ciníocha iargúlta an domhan nó Sunitha Krishnan ag cur síos ar an drochíde a thugtar do pháistí san India

AN t-idirlíon. Cad é is fiú é? Nach bhfuil sé lán pornagrafaíochta? Cur amú ama fá celebrities? Déagóirí ag malartú amaidí eatarthu féin ar bebo agus a leithéid? Fiú ar facebook, áis an-úsáideach do dhaoine atá rud beag níos aosta, tá quiozanna amaideacha agus cluichí ar nós Farmville agus Mafia Wars.

Tá, tá an t-idirlíon lán truflais ach b’fhiú é bheith ann d’aon suíomh amháin - TED.com

Is é atá in TED.com ná sraith léachtaí ar an iliomad ábhar. Thosaigh sé amach le Teicneolaíocht, Siamsaíocht agus Dearadh nó (Technology, Entertainment, Design = TED) ach tá réimse na n-ábhar i bhfad níos leithne ná sin anois.

Mar a dúirt fear amháin, caitheann na léachtaí bheith cosúil le mionsciorta - gairid go leor le d’aird a choinneáil ach fada go leor leis an ábhar a chlúdach! 

Ag amharc ar chuid de na léachtaí, bhí mé ag caoineadh uisce mo chinn, ag gáire gos ard agus/nó ag cur iontais ar scéaltaí na saineolaithe i réimsí éagsúla a bhí ag caint.

Dalta chuid mór de na suíomhanna is fearr liom ar an idirlíon, de thaisme a tháinig mé ar TED.

Léacht leis an antraipeolaí Wade Davis agus é ag caint ar chultúir atá i mbaol (http://bit.ly/14NrpI) an chéad léacht de chuid TED.com a chonaic mé.

Labhraíonn Davis go filiúnta ar an ethnosphere, saibhreas gach chultúir ar domhain, fealsúnacht agus eolas gach cine, bíodh siad i lár na hAmasóine nó i lár Manhattan, nó mar a chuireann sé féin síos air, “the sum total of all thoughts and dreams, myths, ideas, inspirations, intuitions brought into being by the human imagination since the dawn of consciousness.”

Le daoine a deir gur cheart nár labhrófaí ach aon teanga amháin, molann sé Yoruba, nó Cantainis nó Kogi agus ansin tuigfidh na daoine seo cá leis a bhfuil sé cosúil do theanga dhúchais a chailleadh.

Labhraíonn Davis ar chiníocha in Ecuador, sa Bhreasail agus i Haiti agus an dearcadh sainiúil atá acu ar an saol i léacht a chuir faoi dhraíocht mé ar feadh 22 bhomaite.

Tá mé ag amharc ar léachtaí TED ó shin.

Níl suim agam i ngach rud atá sna léachtaí - tá cuid acu ró-theicniúil, ró-shaoithiúil, ró-chasta, ach a mbunús, foghlaíonn tú ar a laghad rud amháin speisiúil uathu.

Mar shampla, i léacht eile - http://bit.ly/7pGGtX - le Joachim de Posada, cuireann sé síos ar thurgnamh ina tugadh leamhachán (marshmallow) do pháistí 4 bliana d’aois. Dúradh leo, mura n-íosfadh siad an leamhachán taobh istigh de cheathrú uaire, go bhfaigheadh siad an dhá leamhachán nuair a thiocfadh an duine fásta ar ais.

D’ith dhá thrian de na páistí an leamhachán. 15 bliana níos maille agus rinne siad scrúdú ar na páistí céanna. 100 faoin chéad de na páistí NÁR ith an leamhachán, bhí ag éirí go maith leo. Thuig siad agus iad óg go mbeidh rath ort má bhíonn tú foighneach!

Is iomaí ábhar eile a bhíonn faoi chaibidil ar TED.

Léiríonn fear amháin an truailliu atá a dhéanamh ar oighearchaidhp na bPol (the Polar ice cap), tá caint an-shuimiúil ag Sean Gourley ar mhatamaitic na cogaíochta, tá cainteanna ar thodhchaí na hIaráine, ar ghlasú an gheiteo, tugann Al Gore caint ar athrú aeráide - go dtí 10 Things You Didn’t Know About Orgasm le Mary Roach! 

Ach seasann caint amháin amach. Ní mhaireann an léacht ach 12 bhomaite ach le linn dom bheith ag amharc air, bhí mé ag caoineadh go frás.

Tá a saol caite ag Sunitha Krishnan agus í i mbun streachailte mná agus páistí a shábháil ó sclábhaíocht gnéis, margadh ar fiú na milliúin dollar é ar fud na cruinne.

Sa chaint (http://bit.ly/5MofO4) cuireann sí síos ar an streachailt sin agus ar chinniúint an iliomad páistí ar fud na hIndia a bhfuiltear ag baint mí-úsáid astu. Mar shampla, creideann daoine gur féidir leigheas a fháil ar an SEIF má bhíonn gnéas acu le maighdean óg agus tá muid ag caint ar pháistí níos óige ná cúig bliana d’aois.

Is léir gur bean an-chróga atá in Sunitha Krishnan. Agus í ina déagóir, d’éignigh ochtar fear í ach deir sí nach mothaíonn sí mar íobartach ach gurb é an rud ba mho ar chuir fearg uirthi na gur seachnaíodh í cionn is gur éigníodh í. Ní raibh sí glan.

Deir sí go bhfuil an gáinneáil ghnéis (sex-trafficking) ag dul ar aghaidh fiú i measc an mheánaicme agus go bhfuil na céadta míle bean agus páistí á fhuilstin.

Insíonn sí scéalta scáfara fá thriúr de na páistí seo a bhainfeadh deora as cloch.

Ach go bé gur tháinig mé ar TED.com, ní bheadh scéal Sunitha Krishnan ar eolas agam agus ní bheinn chomh heolach is atá mé inniu. Tá fírinne i mana TED, tá Ideas Worth Spreading ann.