Irish-Language

An bunús bitheolaíochta atá taobh thiar den drochmheas ar an Ghaeilge

<strong><em>TOM&Aacute;S MAC S&Iacute;OM&Oacute;IN:</em></strong><em> Thug Tom&aacute;s caint iontach suimi&uacute;l i bhfoirgneamh bre&aacute; Ghl&oacute;r na M&oacute;na o&iacute;che Dh&eacute;ardaoin ar an nasc idir an coil&iacute;neachas agus an galar strusach</em>
TOMÁS MAC SÍOMÓIN: Thug Tomás caint iontach suimiúl i bhfoirgneamh breá Ghlór na Móna oíche Dhéardaoin ar an nasc idir an coilíneachas agus an galar TOMÁS MAC SÍOMÓIN: Thug Tomás caint iontach suimiúl i bhfoirgneamh breá Ghlór na Móna oíche Dhéardaoin ar an nasc idir an coilíneachas agus an galar strusach

Bhí mé ag caint thar a bheith suimiúil san ionad úr Gaeilge ar Bhóthar na Carraige Báine oíche Dhéardaoin le héisteacht le duine de na daoine is mo ar fiú éisteacht leis maidir leis an Ghaeilge, Tomás Mac Síomóin.

Tá sean-aithne agam ar Thomás ó ghlac sé le cúpla alt de mo chuid agus é ina eagarthóir ar an nuachtán Anois.

Faoi láthair, tá sé ina chónaí sa Chatalóin agus é ag scríobh leis - cé go bhfuil sé ag tarraingt ar 80 bliain d’aois.

Bhain sé dochtúireacht amach dó féin in Ollscoil Cornell i Nua Eabhrac agus bhíodh sé ag obair mar thaighdeoir ar an bhitheolaíocht agus mar léachtóir in ollscoileanna in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe.

Aisteach go leor, shílfeá, nasc sé an bhitheolaíocht agus meath na Gaeilge ina chaint aréir bunaithe ar na smaointe atá sa leabhar, The Broken Harp: Identity and Language in Modern Ireland.

Pléann an leabhrán an Galar Strusach, an Ghaeilge atá ag Mac Síomóin ar post traumatic stress agus an ról atá ag an choilíneachas air.

Deir sé go bhfuil na céadta bliain d’ionsaithe brúidiúla coilíneacha ag imirt tionchair orainn sa lá ata inniu ann agus bhfuil fadhbanna i sícé na nÉireannach mar gheall ar an stair foréigneach seo.

Ar na rudaí is mó a imríonn tionchar ar dhaoine atá faoi smacht, tá an foréigean, an gorta, an díshealbhú, eachtraí atá síos fríd stair an hÉireann. 

Imríonn an foréigin ar na híobartaigh agus ar an daoine atá freagrach as ar aon, dar le Mac Síomóin.

Tchí Dia an foréigean a chuaigh ar aghaidh le linn na dTrioblóidí abhus ach smaoinigh fosta ar theacht na Normannach agus na Lochlannach, ar choncas na Sasanach ar aghaidh.

Smaoinigh ar an Ghorta Mhór agus ar gach uafás a chuaigh leis. 

De réir Mhic Shíomóin, tá tráma ag baint le gach ceann de na heachtra sin thuas agus ní gá go mbaineann siad leis an fhoréigean i gcónaí.

Má chaitear amach as do theach thú, má bhíonn ocras i gcónaí ort, imríonn sé tionchar ar do shláinte, idir fhisiciúil agus mheabhrach.

Deir Mac Síomóin, atá ag déanamh taighde ar bhitheolaíocht le corradh le 50 bliain, go n-athraítear na géinte san ADN (aigéad dí-ocsairibeanúicléasach) – nó DNA mar is fearr aithne air! – agus go dtagann galair éagsúla agus tréithe sainiúla pearsanta chun cinn mar gheall ar an truailliú seo sna géinte.

An ró-dhúil san ól mar shampla. Tá sé seo le feiceáil ach go háirithe i measc chiníocha coilínithe, díshealbhaithe, dí-chultúrtha ar nós Ghael na hÉireann agus na hAlban, agus bundúchasaigh Mheiriceá agus na hAstráile.

Inniu, tá an ráta is airde scitsifréine le fáil i gContae Ros Comáin, cheann de na háiteanna is measa a d’fhulaing le linn an Ghorta Mhóir idir 1845 agus 1847.

Creideann Mac Síomóin go nasc idir an dá fhírice sin. 

Agus má shíleann tú go bhfuil sé sin seafóideach, tá staidéar déanta ar na cosúlachtaí idir threabh an Oglala Lakota Sioux agus na hÉireannaigh agus an dóigh a mbíonn siad ag plé leis na rudaí uafásacha a tharla siar sa stair.

Bhíodh tromluithe ag garpháistí na Sioux 125 bliain i ndiaidh do na huafáis titim amach. Míníonn sé sin b’fhéidir an eachtra a tharla i mí Feabhra 1973, nuair a ghlac 200 ball den Oglala Lakota agus daoine eile seilbh ar an bhaile darb ainm Wounded Knee in Dakota Theas.

Léiríonn sé sin a chumhachtaí is atá cuimhne na ndaoine agus ní nach ionadh go bhfuil impleachtaí ag imeachtaí móra ár staire orainn – an Gorta Mór, an Chéad Chogadh Domhanda, Cogadh na Saoirse agus níos cóngaraí, na Trioblóidí ó thuaidh – inniu féin.

Chomh maith le drochchuimhní ar eachtraí a tharla san aimsir anallód, tá gné eile sa scéal ar a thugtar cultúrtha bereavement.

Nuair a chaileann tú teagmháil le do chultúr dúchais - teifigh ón Áis mar shampla, nó eisimircigh eacnamaíochta a bhogann go tír eile - is féidir leis an seo dochar a dhéanamh do na géinte agus cailleann siad féin-mheas agus titeann siad in ísle brí. Déanann siad iarracht a bheith díreach mar dhaoine eile.

Sin mar ata an scéal in Éirinn. Tá daoine chomh dímheasúil sin ar an Ghaeilge agus ar chultúr na nGael mar gheall ar an stair atá i bhfolach ina ngéinte; cionn is nach dtuigeann siad a stair féin cionn is go bhfuil sé scríofa ag an coilínithe.

Is e an dóigh le bua a fhail air sin ná staidéar a dhéanamh ar do stair féin, seilbh nó úinéireacht a fhail ar do scéal féin.

Sa staidéar sin faoin Oglala Sioux agus na hÉireannaigh, Exploring Irish Multigenerational Trauma and Its Healing: Lessons from the Oglala Lakota (Sioux) tá scéal thar a bheith suimiúil faoi dhá theaghlach Éireannach agus an dóigh ar éirigh lena sinsir i ndiaidh an Ghorta Mhóir.   

Mo bhuíochas mar sin do Thomás Mac Síomóin as an chaint bhreá.

Beidh Tomas i nDoire inniu agus é ag caint ar ghluaiseacht Athbheochan na Gaeilge i gcomhthéacs na díchoilíneachta ag Comhdháil i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire idir 11rm-4in inniu.

Cearta Teanga, Inné agus Inniu a bheidh á bplé le linn na comhdhála.