Irish-Language

Ag tochailt na staire le teacht ar an fhírinne faoinár sinsear

<em><b style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">SE&Aacute;N &Oacute; BAOILL: </b><span style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">T&aacute; an stara&iacute; le muid a chur ar an eolas faoi na traidisi&uacute;in sin de chuid na gCeilteach a chleachtann muid sa l&aacute; at&aacute; inniu ann i sraith &uacute;r ar Raidi&oacute; Uladh, ag toiseacht san o&iacute;che am&aacute;rach</span><span style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">&nbsp;</span></em>
SEÁN Ó BAOILL: SEÁN Ó BAOILL: Tá an staraí le muid a chur ar an eolas faoi na traidisiúin sin de chuid na gCeilteach a chleachtann muid sa lá atá inniu ann i sraith úr ar Raidió Uladh, ag toiseacht san oíche amárach 

LE TAMALL fada anois, táthar ag caitheamh amhrais ar an fhocal Ceilteach le cur síos ar na daoine atá ina gcónaí in Éirinn agus i gcodanna den  Bhreatain agus de Mhór-Roinn na Eoraipe. 

Sa leabhar staire a bhí agam ar scoil, dúradh linn gur eascair na Ceiltigh as an limistéar taobh thoir d’abhainn na Réine ar na ceantracha a dtugann muid an Bhaváir agus an Bhoihéim orthu inniu.

Ar ndóigh, scríobhadh an leabhar staire sin sula bhfuair muid eolas ar DNA agus an t-eolas atá ann maidir le stair chiníocha na hEorpa agus na ceantracha as ar eascair siad.

Inniu, tá an teoiric ag bailiú nirt gurb as iarthar na hEorpa iad na Ceiltigh agus gur thosaigh an sliocht le linn na Cré-umhaoise luaithe agus ní i lár na hEorpa mar a measadh roimhe sin.

Deirtear linn go raibh na Ceiltigh seo ard, láidir agus fionn agus súile gorma orthu agus gur thaitin éadaigh ildaite leo.

Bhí gruaig fhada orthu agus croiméil fhada chomh maith.

Chaith na fir léinte síos go dtí na glúine agus na mná, chaith siadsan léinte fada go dtí caol na coise. Midi agus maxi na gCeilteach!

Anois, níl a fhios agam cad é an bhaint atá aige seo leis an fhírinne agus sin an fáth go mbeidh mé ag éisteacht le Tochailt Staire, sraith nua staire i nGaeilge do BBC Raidió Uladh ina mbreathnaítear ar ghnéithe suimiúla, neamhghnácha de réanna staire agus mar a bhíodh an gnáthshaol ag an ghnáthdhuine a mhair san an am sin.

Le linn na sraithe ceithre chlár, tógfaidh Seán Ó Baoill, aisteoir ar Ros na Rún, an lucht éisteachta siar san am le gnéithe éagsúla de chultúr na gCeilteach a chur inár láthair, lena n-áirítear a bhfréamhacha, a gcreideamh agus a nósanna cogaíochta.  Bíodh geall go mbainfear geit asat nuair a thagann Seán ar chuid de na gnéithe is aistí agus is saoithiúla den saol Ceilteach - mar a chruinnigh na Ceiltigh cloigne a naimhde agus an bia a thug siad dá n-íobairtí daonna sular mharaigh siad gan trua, gan taise iad. 

Gheofar amach fosta faoin dóigh ar chuir na Ceiltigh dath ina gcuid gruaige agus an stíl ‘ombré’ acu díreach mar atá i bhfaisean an lae inniu.

“Mar Ghael bródúil, shíl mé go raibh scéal Cheiltigh na hÉireann ar eolas agam, ach ní raibh.,” Arsa an láithreoir Seán Ó Baoill: 

Tá an oiread sin foghlamtha agam faoi ré na gCeilteach; a gcreideamh, a nósanna beatha, an cruatan agus an streachailt a bhíodh acu ar bhonn laethúil agus, an rud is suimiúla ar fad, an tionchar fada buan a bhí acu orainne.

“Fiú i saol comhaimseartha lánluais an lae inniu, beag beann ar an dul chun cinn teicneolaíochta, téann go leor daoine go fóill siar go dtí traidisiúin Cheilteacha an leighis, an chreidimh agus na teanga.”

An staraí agus seandálaí Fin Dwyer a rinne taighde don sraith a thabharfaidh an lucht éisteachta ó theacht na gCeilteach go hÉirinn go dtí an meath, de réir a chéile, a tháinig ar chultúr na gCeilteach le teacht na Críostaíochta.

“Bhí lúcháir an domhain orm baint a bheith agam leis an tsraith seo,” arsa Fin.

“Ós rud é go bhfuil athrú iomlán tagtha ar ár dtuiscint ar na Ceiltigh le tuairim is fiche bliain anuas, is mithid amharc arís ar an scéal iontach a bhaineann le daoine a ndeachaigh a gcultúr i bhfeidhm a oiread sin ar Éirinn an lae inniu. 

“Bhí an taighde a bhain leis an tsraith thar a bheith suimiúil. Nuair a théimid siar dhá mhíle bliain sa stair, nochtar sochaí a raibh difear an domhain idir í agus an tsochaí s’againne. 

Ba thír phágánach í Éire an t-am sin ina gcleachtaí íobairt dhaonna, cogaíocht idir threibheanna agus bhí an t-ionchas saoil thar a bheith gairid. Mar sin féin, bhí teacht aniar iontach inár sinsear agus is léiriú ar an saol suntasach a bhí acu na scéalta gáifeacha agus na déantáin ghalánta a léirítear sa tsraith seo ar an bhuanseasmhacht a bhí iontu.”

Craolfar Tochailt Staire gach Déardaoin, ar feadh ceithre seachtaine, ó thráthnóna amárach, 18 Lúnasa, ar BBC Raidió Uladh ar a 7in.

Is féidir tuilleadh eolais faoin chlár seo agus faoi chláir eile de chuid BBC Gaeilge a fháil ag bbc.co.uk/gaeilge nó lean BBC Gaeilge ar na meáin shóisialta ar twitter@bbcgaeilge agus facebook.com/bbcgaeilge.