Irish-Language

Liostaí, clicmhealladh agus truflais nach gcreidfidh sibh choíche go deo

<b style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">AN tIDIRL&Iacute;ON: </b><span style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">T&aacute; daoine s&aacute;sta coinne&aacute;il i dteagmh&aacute;il lena ch&eacute;ile fr&iacute;d Facebook agus a mbar&uacute;lacha a chur chun cinn ar twitter ach caitheann barra&iacute;ocht daoine barra&iacute;ocht ama s&aacute;ite i ngrianghrafanna amaideacha de phuis&iacute;n&iacute; agus de dhaoine ag &oacute;l - d&aacute; chl&uacute;it&iacute; iad!</span>
AN tIDIRLÍON: AN tIDIRLÍON: Tá daoine sásta coinneáil i dteagmháil lena chéile fríd Facebook agus a mbarúlacha a chur chun cinn ar twitter ach caitheann barraíocht daoine barraíocht ama sáite i ngrianghrafanna amaideacha de phuisíní agus de dhaoine ag ól - dá chlúití iad!

SÍLIM gur mithid dom dul chuig an dochtúir. Nó chuig an síceolaí. Nó chuig duine ar bith a bheadh in ann mé a shábháil ón ghalar atá orm agus ar chuid mhór daoine eile - an andúil sna meáin shóisialta.

Ach deirim liom féin gur fearr an t-idirlíon ann nó as.

Molaim mé féin cionn is go léim altanna a scríobh Noam Chomsky, go bhfuil mé ar an eolas faoi bhrúidiúlacht na hIosraelach, go léim altanna faoin eolaíocht. 

Ach ní cuimhin liom cá mhéad uair a rug mé greim orm féin agus mé ag imeacht síos le fána, leathanach i ndiaidh leathanaigh de Facebook ag dul siar na míonna.

Nó ag déanamh an rud céanna ar twitter, ag iarraidh theacht ar tvuít a thabharfadh dom an léargas práinneach sin ar an saol atá ar iarraidh go dtí seo.

Is é an éagsúlacht an bua agus an díomua is mó a bhaineann leis an dá ghadaí ama seo. Tá sé de bhua agus de dhíomua agam go bhfuil suim agam in achan ghné den saol.

Ag amharc siar ar mo “stair” ar an idirlíon, feicim gur bhreathnaigh mé ar leathanaigh a bhain le sraith teilifíse faoi Cogadh Cathartha na Spáinne a rinne seanchomhlacht de chuid ITV, Granada; an t-amhránaí iontach as Corcaigh, Brian Deady; stair Twinkle,Twinkle Little Star; iarcheannaire na hÉigipte, Hosni Mubarak; láithreoirí UTV sna 1960í; an dóigh le do lá a chur in eagar, taibhsí i mBéal Feirste agus rudaí eile.

Sin rudaí nár bhain le mo chuid oibre. Chuige sin, b’éigean dom “taighde” a dhéanamh ar an iliomad ábhar, ó lucht déanta fíona in Bordeaux san 19ú haois; filíocht na mBard agus an fhilíocht shiollach; Black Lives Matter; Beoga agus Frances Black.

Sin cuid de na hábhair a rinne cúrsáil istigh i m’intinn, na hábhair a bhí ag spraoithiomáint fríd mo chloigeann sula ndearna siad tiontú choscán láimhe ar a mbealach amach.

Níl mé a dhath níos cliste cé go bhfuil cuid mhór eolais i ndiaidh dul isteach i mo chloigeann ach ní fhanann sé ann.

Chomh luath is atá eolas bailithe agam, cuirtear sa mhionghearrthóir é le spás a thabhairt don stuif úr atá ag teacht isteach.

Clicmhealladh an Ghaeilge atá ar clickbait, ábhar ar an idirlíon nach bhfuil fiúntas ar bith leo ach a mheallann daoine atá somheallta.

“An bhfaca tú chomh ramhar is atá (ainm réalta éigin teilifíse) anois?”

Agus seo ceann fíor ón Mail Online, suíomh idirlín an Daily Mail: “Zara Holland shows off her voluptuous assets and perky posterior in a scanty black bikini on Barbados Ottawa.”

Is furasta magadh a dhéanamh ar a leithéid ach i mí na Nollag 2004, thug 199.4 milliún duine cuairt ar Mail Online agus tá líon na ndaoine a mheallann an suíomh ag dul in airde an t-am ar fad.

Is é an suíomh idirlíon nuachtáin Bhéarla is rathúla ar fud na cruinne. Cruthaíonn 406 scríbhneoir corradh le 750 alt sa lá.

Pictiúir de mhná óga agus bikinis orthu, daoine a bhfuil míchuma chomhbheirthe orthu, ceiliúráin ar meisce, seo an t-ábhar a bhíonn ar fáil sa Mail Online agus sna mílte eile suíomh dá leithéid.

Ach an rud is measa faoi ná go meallann sé na milliúin duine a gcuid ama a chaitheamh ar thruflais. Is maith leo breathnú ar an chineál seo. Is breá leo breathnú ar an chineál seo. Ní thig leo go leor de a fháil. Puisíní. Daoine ag titim. Taismí bóthair. Lomnochtacht.

Sin an rud atá taobh thiar den chlicmhilleadh.

Tá seánra eile a bhfuil na focail seo ag an deireadh: “Ní chreidfidh tú cad e a tharla ina dhiaidh seo”  agus pictiúr de mhadadh agus d’fhear a bhfuil machete aige nó bean óg agus beagán éadaigh uirthi.

Cuid eile, geallann siad go mbainfidh siad geit asat.

“17 Photos of Kate Middleton That Will Shock you!” “What Police Found In This Average Tennessee House Will Shock You”.

Le. Do. Thoil! 

Seo iad na hábhair a mheallann daoine le cliceáil a dhéanamh - agus tá gach ceann de na cliceanna sin á gcuntas agus eolas á bhailiú ort dá réir.

Mura bhfuil tú meallta ag ceann ar bith acu seo, seans mór gur amharc tú ar an iliomad liosta atá mar chuileoga i d’anraith.

Ná daoine is saibhre de réir Forbes (is breá linn uilig scéalta faoi airgead) nó 

Tá liosta de na liostaí is fearr féin ann!

Tá tuairisc.ie féin á dhéanamh le 15 comhartha gur Gaeilgeoir as Baile Átha Cliath thú… agus - 15 comhartha gur Gaeilgeoir as Béal Feirste thú… bhainfidh an ceann deireanach geit asat. 

“15. Cuireann rudaí ar nós liostaí mar seo cantal ort. Caidé a bheadh a fhios ag Free-State website fá dtaobh de?”