Irish-Language

Athchló a dhéanann comóradh ar an laoch Ghaelach a fuair bás 400 bliain ó shin

<b style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">AODH M&Oacute;R &Oacute; N&Eacute;ILL: </b><span style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">Ba &eacute; an Niallach seo a throid go f&iacute;&oacute;chmhar i gCogadh na Naoi mBliana, an namhaid ba &eacute;ifeachta&iacute; in ead&aacute;n Shasana - ach a fuair b&aacute;s sa R&oacute;imh gan na Sasanaigh a ruaigeadh as &Eacute;irinn</span>
AODH MÓR Ó NÉILL: AODH MÓR Ó NÉILL: Ba é an Niallach seo a throid go fíóchmhar i gCogadh na Naoi mBliana, an namhaid ba éifeachtaí in eadán Shasana - ach a fuair bás sa Róimh gan na Sasanaigh a ruaigeadh as Éirinn

Léirmheas ag Jenifer Ní Ghrádaigh ar “Destruction by Peace”: Hugh O Neill after Kinsale. Micheline Kerney Walsh. ISBN: 0951149008. Cumann Seanchais Ard Mhacha, 1986; athchló 2015.

IS cinnte go dtocfaidh an léitheoir fiosrach ar sheoda sa leabhar seo ach tochailt bheag a dhéanamh. 

Chuir Cumann Seanchais Ard Mhacha an leabhar i gcló den chéad uair 30 bliain ó shin. 

Is annamh gur fiú athchló a chur ar leabhar staire chomh seanda sin ach sa bhliain cuimhneacháin seo is maith an meabhrúchán dúinn cuimhneamh, ní hamháin ar bhásanna cheannairí 1916, ach ar bhás ceannaire eile a tharla 400 bliain ó shin, ar an 20 Iúil, 1616 – bás an Iarla Ó Néill sa Róimh. 

Ní ar oilithreacht a bhí sé – mórdhifríocht idir é agus ríthe agus manaigh na hÉireann san ochtú haois – ach faraor, d’oirfeadh an rann úd ón ré órga sin dá leacht féin níos fearr ná feartlaoi ar bith eile: ‘Téicht do Róim, mór saido, becc torbai’: dul go dtí an Róimh, mór an saothar, beag an tairbhe.

Is éard atá in Destruction by Peace ná scéal truamhéalach na mblianta 1607–16, agus é á insint dúinn ag guthanna ón seachtú haois déag. 

Is í láidreacht an leabhair ná go dtugann an t-údar cead do na daoine a bhí páirteach sna himeachtaí uile stair na tréimhse a nochtadh dúinn tríd a litreacha agus tríd a nótaí féin. Fíonn sí an scéal timpeall na creatlaí sin, á míniú agus á meas.

Tá an leabhar roinnte ina dhá chuid. 

Sa chéad chuid, tá cur síos beacht ar céard a tharla agus na cúiseanna leis, ag baint úsáid as cáipéisí na Mór-Roinne, cáipéisí atá i gcartlanna na Spáinne go fóill – cáipéisí a ndearnadh neamhaird orthu leis na blianta fada, toisc gur scríobhadh sa Spáinnis iad, b’fhéidir. 

Tugann dainobiar Micheline Kerney Walsh ar na cáipéisí ‘nua’ sin léargas ar leith dúinn ar eachtraí Uí Néill agus é thar lear. 

I bhfianaise na gcáipéisí, bhí sé fuinniúil i gcónaí, dóchas aige go deireadh an Rí Pilib III a spreagadh, airm a fháil, agus filleadh ar Éirinn. 

Sa dara chuid den leabhar, tá na cáipéisí féin, iad aistrithe go Béarla agus nótaí leo. 

Is scéal thar a bheith suimiúil ach náireach amach is amach atá le léamh iontu, scéal den fheall a rinneadh ar na hIarlaí, a bhí mar íobartaigh sa damhsa taidhleoireachta idir an Spáinn agus Sasana. Thuar ambasadóir na Fraince i mí Lúnasa 1606 go raibh cogadh ar na bacáin: ‘the English and the Spaniards are so dissimilar in all things, except in their excessive pride as regards which I know not who holds the advantage, that without any encouragement from us, it cannot be long before we see them come to grips again.’ 

Ach cogadh níor tharla, in ainneoin mórchúis na Sasanach agus na Spáinneach. 

Bhí an Rí Séamas agus Rí Pilib na Spáinne níos stuama ná sin, agus gan cabhair ón Spáinn, ní raibh an dara rogha ag Aodh Mór Ó Néill ach fanacht sa Róimh. 

Tá a fhios ag an saol mór go raibh Imeacht na nIarlaí ina thubaiste don tír, ach bhí sé deacair do lucht na staire teacht ar thuiscint cheart ar na blianta deoraíochta agus iad ag treabhadh leo trí cháipéisí stáit i Londain. 

Tá dearcadh na Spáinne anseo, agus ba chaolchúiseach an dream iad na Spáinnigh, de réir dealraimh. Is léir sampla amháin. Bhí an Cairdinéal Gaspar de Borja y Velasco mar ionadaí rí na Spáinne sa Róimh nuair a fuair Ó Néill bás. Scríobh sé chuig an rí ag tuairisc cé gur íoc seisean as an tórramh, go ndearna sé a dhícheall ‘to cover appearances, which could hinder the relations of Your Majesty with the King of England.’ D’íoc sé, ach faoi cheilt, agus faitíos air roimh spiairí Shéamais agus a léamh air i gcónaí.

Mholfainn an leabhar do dhaoine gur spéis leo stair Imeacht na nIarlaí, nó d’éinne gur mhaith leo stair Uladh a thuiscint i gceart. É sin ráite, ní leabhar éadrom é, agus ní mheallfadh sé léitheoirí nach bhfuil cur amach orthu cheana ar an tréimhse. Do na léitheoirí oilte, áfach, tá neart seod ann: achainí ó Mhatho óg Ó Maoltuile (Matthew Flood nó Mateo Tulio mar ab fhearr aithne air, teachtaire na nIarlaí) ar Philib III na Spáinne; litir ó Fhlaithri Ua Maolchonaire, ardeaspaig Thuama (anamchara le hAodh Rua Ó Domhnaill, a bhí ina theannta agus é ar leaba a bháis) chuig Andrés Velázquez ag caoineadh dhroch-chás na hÉireann; agus roinnt eile. 

Bainfidh léitheoirí fiosracha an-taitneamh as tochailt bheag a dhéanamh sa dara chuid den leabhar ach go háirithe.

Is staraí agus scríbhneoir í Jenifer Ní Ghrádaigh a bhfuil spéis ar leith aici in ealaín agus i litríocht na hÉireann. Tá sí ag obair faoi láthair in earnáil na foilsitheoireachta.