Irish-Language

An t-aisteoir Éireannach atá i mbarr a mhaitheasa san Eoraip agus i Meiriceá

<em><b style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">SEAN MAHON: </b><span style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">Bh&iacute; an t-aisteoir as Baile &Aacute;tha Cliath ar ais sa bhaile agus &eacute; ag glacadh p&aacute;irte i sraith &uacute;r teilif&iacute;se at&aacute; suite i staisi&uacute;n na nGarda&iacute; ina chathair dh&uacute;chais ach thuas, t&aacute; s&eacute; i mbun oibre i radharc &oacute;n mh&oacute;rscann&aacute;n </span><i style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">Mr and Mrs Smith </i><span style="font-family: &quot;Lucida Grande&quot;, &quot;Lucida Sans Unicode&quot;, &quot;Lucida Sans&quot;, LucidaGrande, Geneva, Arial, Verdana, sans-serif; ">&nbsp;</span></em>
SEAN MAHON: SEAN MAHON: Bhí an t-aisteoir as Baile Átha Cliath ar ais sa bhaile agus é ag glacadh páirte i sraith úr teilifíse atá suite i staisiún na nGardaí ina chathair dhúchais ach thuas, tá sé i mbun oibre i radharc ón mhórscannán Mr and Mrs Smith  

Bhí an t-am ann agus bhí snobisme millteanach ag baint le haisteoirí ardáin maidir le haisteoirí teilifíse agus scannán ach tá an éirí in airde sin imithe ar shlí na fírinne le fada.

Tá caighdeán na scripteanna i sraitheanna teilifíse inniu - leithéidí na Sopranos, Breaking Bad, Mad Men -  chomh maith nó níos fearr le rud ar bith ar an ardán.

Tá sé amhlaidh go cinnte i gcas Sean Mahon, aisteoir as Baile Átha Cliath, a thuill ardmholadh dó féin ar Broadway agus i Los Angeles.

Beidh an Dub le feiceáil ar ár scáileáin an tseachtain seo chugainn i sraith teilifíse atá suite i stáisiún de chuid an Gharda Síochána cois Life, Red Rock.  

Tá Mahon i ról Brian McGonigle, cén cineál duine é?

“Bhuel, is Garda thar a bheith éifeachtach, cumhachtach é,” arsa Sean.

“Tá sé pósta agus tá clann aige ... ach tá rún thar a bheith dorcha aige.”

De ghnáth, bíonn Seán i róil dheasa, mar sin an raibh sé deacair aige charachtar a raibh tréith ghangaideach ann a léiriú?

“Bhuel, tagann tú ar tuigbheáil den charachtar de réir mar a scríobhann na scríobhaithe an script háirithe nuair atá sibh ag cruthú an charachtair i gcuideachta a cheile.

“I m’intinn, ní drochdhuine nó duine urchóideach é Brian ach fear a bhfuil tuairimí láidre aige. Déanann sé an rud atá ceart, dar leis, beag beann ar an dochar a dhéanann sé do dhaoine eile,”  mhíníonn Sean.

Ghlac Amazon Prime go fonnmhar leis an tsraith agus bhí an-ráchairt air i Meiriceá, rud a chuir iontas ar Shean mar creideann sé go bhfuil atmaisféar na sraithe “an-logánta.”

Sin ráite, thug sé pléisiúr mór do bheith ag obair ina chathair dhúchais, ní nach ionadh.

“Chuaigh mé chun na Stát Aontaithe nuair a bhí mé 25 bliana d’aois agus d’oibrigh mé i Chicago, i Los Angeles agus i Nua Eabhrac, mar sin tá mé as baile le fada an lá,” arsa Seán.

“Bhí sé dochreidte theacht ar ais chuig tír atá athraithe chomh mór sin, mise a bheith sa seó seo agus é a bheith chomh rathúil sin, tá sé dochreidte ar fad. Bhain me án dú-shult as.”

Agus tuigtear dó. Deir sé gurbh é cuir chuige dearfach na Stát Aontaithe a spreag é dul leis an aisteoireacht. 

“Thosaigh mé ag dul chuig éisteachtaí i Chicago agus i Los Angeles agus ansin i Nua Eabhrac, áit a bhuair mé neart oibre ar Broadway. Is dóigh liom go raibh mé sna 30idí luatha nuair a ghlac mé an cinneadh cloí leis an drámaíocht. Bhí an t-ádh orm,” ar sé.

O shin i leith, tá Sean le feiceáil ar an ardán, ar an teilifís agus i scannáin. Cé acu is fearr leis? 

“Tá Red Rock ar na heispéiris is mó a thaitin liom go cinnte, cionn is go raibh mé gníomhach i ngach gné den tsraith, ní amháin an aisteoireacht ach bhí comhoibriú cruthaitheach ag dul ar aghaidh an t-am ar fad.

“Sin ráite, drámaíocht phroifisiúnta a dhéanamh i Nua Eabhrac, bhí sé sin thar cionn chomh maith, go háirithe seónna Broadway - an fuinneamh agus an neart atá de dhíth, agus an stíl bheatha, glacann sé seilbh iomlán ar do shaol.

“Oiliúint thar cheann a bhí ann dom - agus go leor constaicí le sárú ar an bhealach. Sileann tú go bhfuil fios do ghnoithe agat go dtí go seasann tú ar an ardán agus tosaíonn tú ag déanamh meancóg.”

Le tamall anuas, bhí Sean ag obair ar scannán úr, Anthropoid, ina bhfuil Toby Jones agus beirt Éireannach,  Cillian Murphy agus Jamie Dornan. Cad é a bhfuil sé faoi?

“Baineann sé le beirt Sheiceach agus iad ag iarraidh Hitler a mharú le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Fuair mé an deis bheith ag obair leis na leaids eile ar fead cúpla lá i ról a bhí measartha éadrom. Bhí sé ar dóigh gur mhothaigh mé sa bhaile sa timpeallacht sin,” ar sé.

As seo amach, deir Seán gur mhaith leis bheith ag obair ar thograí dá chuid féin agus bheith ag obair ar chúl an cheamara.

Guímis gach rath ar a chuid oibre.

Beidh Seán Mahon le feiceáil i Red Rock atá le toiseacht ar an Luan bheag seo, 11 Iúil.