Irish-Language

Ocht bpíosa comhairle don chuairteoir ar Bhéising

Tá níos mó daoine ná riamh ag dul chun na hÁise ar laethanta saoire.

Seo an chomhairle atá agam do dhuine ar bith a bheadh ag smaoineamh ar dhul go Béising.

ÁITEANNA LE DUL: 

Ní raibh an oiread sin spéise agam i mballa mór na Síne - nach féidir é a fheiceáil ón spás - mar go bhfacthas dom go raibh sé, er, leadránach. Is mé a bhí contráilte.

Ghlac sé uair a chloig taisteal ó lár Bhéising go dtí an balla ag Badaling agus chuir sé faoi dhraíocht mé ón tús. 

An tírdhreach álainn thart timpeall, an balla féin ag dreapadh i dtreo na spéire agus an éacht innealtóireachta a bhí os comhair mo dhá shúl.

Agus éacht a bhí ann dom féin siúl suas na céimeanna a fhad le “dúin” ag leibhéil éagsúla.

Agus ar an bhalla, fuair mé féin taithí ar an rud a chuala mé faoi - cairdeas na Síneach.

Agus mé ag glacadh scíste i measc na gcnoc, chuala mé an ceol spioradálta ag teacht aníos an balla. Nocht cúigear bean agus níl cur síos ar an lúcháir a bhí orthu mé - coimhthíoch - a fheiceáil. B’éigean pictiúr a ghlacadh agus iad sna trilsí gaire le háthas gur tháinig strainséara chomh fada lena dtír a fheiceáil. 

Ansin, tháinig teaghlach agus ní shásódh a dhath iad ach a bpictiúr a ghlacadh agus mise i lár! 

D’umhlaigh an mháthair ina dronuillinn le hómós a léiriú dom agus tharla sin arís agus arís eile.

Ghlac mé an dúshlán cuid bheag den bhalla a shiúl agus d’éirigh liom! Lá iontach.

Ar na suímh is aitheanta i mBéising, tá Pálás an tSamhraidh, Zú Bhéising má tá dúil agus i bpandaí agus an tsráidbhaile Oilimpeach lena staid “nead éan” ach ba é an Teampall Lama an áit eile is mó a chuaigh i bhfeidhm orm, limistéar ollmhór a tógadh in 1694.

Las mé túis agus thug a ceart don Bhúda. Cé go raibh an áit dubh le daoine, bhí síocháin dochreidte ag baint leis an áit agus na hÉireannaigh a bhí i mo chuideachta - de gach creideamh agus de chreideamh ar bith - dúirt siad uilig gur mhothaigh siad an spioradáltacht shuaimhneach a bhí fan áit, na foirgnimh áille ornáideacha agus i gceann amháin acu, istigh ann, bhí an dealbh adhmaid is mó den Bhúda ar domhan agus é 26 méadar ar airde.

Ith do chroí amach a Fhinn Mhic Cumhaill!

Ach ní foirgnimh agus suímh stairiúla an t-aon rud a mheallfadh an cuairteoir go Béising.

Tá atmaisféar iontach fá Hou Hai san oíche, ceantar cois locha i lár na cathrach  agus an iliomad beár ann, popcheol (i Sínis) agus daoine ag baint suilt as cuideachta a chéile.

Áiteanna eile ar cheart cuairt a thabhairt orthu is iad na hutong, seancheantracha de chuid na Béisinge, déanta suas de sráideanna caola agus tithe aon-urlár - ar dhroch-dhóigh - ar gach taobh.

Is fiú go mór turas i rickshaw - tá inneall orthu na laethanta seo - thart ar an hutong in aice le Hou Hai.

Ach cad é an t-eolas (nóna foláirimh) a bheadh de dhíth ar dhuine a bheadh ag smaoineamh ar dhul do Béising?

Seo roinnt samplaí:   

TRÁCHT:

Ar mire glan. Coimhéad tú féin ag dul trasna an bhóthair mar ní ghéilleann busanna, carranna, rothair nó rickshaws do dhuine ar bith! 

AIRGEAD

Yuan an t-airgead atá ag na Sínigh agus fuair mé 8.77 Yuan ar an phunt ó Oifig an Phoist. Níl a fhios agam an bhfuair mé margadh maith ach is fiú é a sheiceáil.

BIA AGUS DEOCH

Bhí mé ag stopadh in óstán cúig réalt agus bhí an bia go maith. Ní raibh sé go hiontach, bhí sé go maith.

Na háiteanna eile ar fhreastail mé orthu, bhí an bia blasta ach ní haute cuisine a bhí ann! Tá bia sráide ann agus cé gur mhol go leor daoine dom é, níor bhain mé dó!

Daoibhse a bhfuil dúil agaibh sa slat tomhais seo, is féidir pionta Tiger nó den leann áitiúil, Tsingtao, ar £2.80.

SÁBHÁILTEACHT

Cé go bhfuil 23 milliún duine ina gcónaí i mBéising, tá sé chomh sábháilte le cathair ar bith atá níos lú.

Cinnte, tá piocairí póca ann agus déanfaidh daoine iarracht bob a bhualadh ort maidir le praghsanna, ach tá sé sin coitianta in áit ar bith a bhfuil bochtanas ann agus daoine ag iarraidh theacht i dtír.

Ach níor mhothaigh mé féin contúirt ar bith fiú nuair a bhí mé caillte i sráideanna dorcha fá cheantar Chearnóg Tiananmen. 

SIOPADÓIREACHT

Más bean thú nó fear a bhfuil suim agat in éadaí, tá Beijing ar cheann de na cathracha is faiseanta san Áis.

Níl a fhios agam cén dearcadh a bheith ag Mao ar na hollsiopaí atá chomh galánta le rud ar bith ar domhan

Chaith mé féin lá ag siopadóireacht i sráid Wangfuji gar don óstán agus siopaí dúchasacha Síneacha chomh maith leis na brandaí móra ar nós Forever 21, Zara agus H+M ar gach taobh.

AIMSIR

Agus mé i mBéising an tseachtain seo, bhain an teocht na 40í luatha amach.

Níor thug mé cóta liom den chead uair agus mé ar saoire. Ach rud amháin a chuirfidh isteach ar roinnt daoine is é an truailliú.

Bíonn an ghrian ag soilsiú ar maidin ach éiríonn an spéir liath thart faoin mheánlae ach ní scamaill atá i gceist ach an truailliú aeir.

Sin ráite, ba bheag duine a bhí ag caitheamh masc, níor chuir sé isteach ormsa beag nó mór agus tá crainn i ngach sráid.

SIAMSAÍOCHT 

Déanta na fírinne, ní áit mhór shiamsaíochta í Beijing.

Níl an craos céanna orthu i dtaca leis an ólachán de is atá ar Éireannaigh - is fearr leo tae.

Agus is beag dioscó a thug mé faoi deara ach tá seónna iontacha Síneacha le feiceáil, go háirithe ceann amháin a insíónn scéal Kung Fu i mBéarla.

Cluinfidh tú ceoltóirí as an Mhongóil ar an tsráid agus iad ag seinm uirlisí saoithiúla. 

BREITHIÚNAS:

Is breá liom Béising, dá lochtaí í mar chathair. Ní cathair é don té nach mbeadh misneach aige ach tá na daoine thar a bheith cairdiúil agus garach.

* Foilsíodh an leagan mícheart den alt seo sa leagan clóite den Irish News. Ár leithscéalta.