Shiúil triúir dhéagóirí go meidhreach isteach sa Cuban Sandwich Company i Stua na Banríona i mBéal Feirste maidin Chéadaoine ach stop siad in áit na mbonn, an dubh-iontas orthu.
Ansin rompu, bhí an réabhlóidí clúiteach Che Guevara, todóg Havána idir dhá mhéar agus aoibh mhór réabhlóideach gháire ar a bhéal.
Ar ndóigh, maraíodh Guevara i 1967 agus ba é a chonaic na déagóirí ná an t-aisteoir Ryan Molloy gléasta suas mar Che don saothar is déanaí ó Conor Grimes agus Alan McKee, Che’s Night Off, a bheidh le feiceáil sa Waterfront Hall ó Mháirt go Satharn na seachtaine seo chugainn agus ar camchuairt ina dhiaidh sin.
Is dócha gurbh ionann an radharc a fuair na déagóirí agus an ceann a fuair foireann agus custaiméirí Óstán na Mara nó The Marine Hotel i gCill Chaoi i gContae an Chláir nuair a shiúil an fíor-Ernesto Che Guevara Lynch agus beirt gharda dá chuid isteach lá samhraidh 1961 i ndiaidh moill a bheith ar a eitilt as aerfort na Sionainne mar gheall ar cheo.
Bhí Grimes and McKee riamh anall faoi dhraíocht ag Guevara agus an scéilín sin faoin Marine Bar agus mar a tháinig ceann de na híomhánna is clúití ar domhan mar gheall air.
“Bhí mac léinn ealaíne 16 bliana d’aois ag obair sa bheár ar jab samhraidh ag an am, fear óg darb ainm Jim Fitzpatrick,” a mhínigh Conor Grimes dom agus ceapairí blasta Cúbacha á n-ithe againn.
“Cúpla bliain i ndiaidh dó uisce beatha a fhreastal air agus tamall beag comhrá a dhéanamh leis, rinne Fitzpatrick pictiúr de Che atá aitheanta inniu ar fud na cruinne.”
Ba chuí gur Éireannach a dhear an póstaer is clúití mar de bhunadh Uí Loingsigh i gContae na Gaillimhe don réabhlóidí Cumannach. Nuair a maraíodh é dúirt athair Che “gur rith fuil an réabhlóidí Éireannaigh fríd chuislí mo mhic.”
“An rud a d’fhoghlaim muid faoi ná gur saighdiúir a bhí ann, go príomha. Ach os a choinne sin, dochtúir a bhí ann, fear iontach deisbhéalach a bhí ann ar thit daoine faoina dhraíocht go furasta ach ag an am céanna gur fear coitianta a bhí ann, mac agus deartháir,” a mhínigh Conor.
“Agus an t-aon rud amháin a bhí de dhíth air na oíche shaor. Bhí sé ag pilleadh ó chruinniú i Moscó. Smaoinigh ar an bhrú agus ar an strus a bhí air.”
I 1961, bhí balla Bheirlín á tógáil, bhí teannas millteanach idir an dá shárchumacht, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus An tAontas Sóivéadach agus an cine daonna faoi bhagairt ag airm núicléacha.
Agus i gCúba, oileán sa Mhuir Chairib, mheas na Meiriceánaigh go raibh na Sóivéadaigh ag bogadh arm núicléacha le hionsaí a dhéanamh ar SAM.
Tharla Ionradh Bhá na Muc/Playa Giron nuair a thug fórsa frithréabhlóide a earcaíodh ag an CIA ionsaí ar réabhlóid Fidel Castro.
Seo na scéalta a raibh Che Guevara sáite iontu - ní nach ionadh go raibh oíche shaor de dhíobháil air!
Ach ní dráma faisnéise é Che Guevara’s Night Off ach ceoldráma agus bhí sé deacair go leor ag Conor agus Alan déileáil leis sin.
“Bhí sé chomh deacair sin gur scríobh muid an chead dréacht iomlán - agus b’éigean é a chur sa bhruscar!” arsa Conor.
“B’éigean é a athscríobh ina iomláine cionn is gur faisnéis a bhí ann mar gheall ar an méid ollmhór taighde a bhí déanta againn.
Dúirt an stiúrthóir, Tony Devlin, gur thaitin sé go mór leis - ach nach Grimes and McKee a bhí ann. Bhris sé ar gcroithe - ach bhí an ceart ag Tony.
“Ag an am ceanna, bhí Ryan agus Pat Gribben ag obair ar an cheol, ceol Laidineach Chúba, ceol traidisiúnta na hÉireann agus nuair a chuir muid an dréacht úr isteach leis an cheol agus tháinig an fhoireann isteach agus, go tobann, thosaigh gach rud ag teacht le cheile.
D’fháisc an seó seo as Dancing Shoes, ceoldráma a raibh Conor ag obair air le Pat Gribben, beirt a réitíonn go han-mhaith lena cheile.
Bhí an bheirt ar camchuairt le Dancing Shoes nuair a chuir Pat ceist ar Conor an mbeadh suim aige ceoldráma a scríobh.
“Dúirt Pat go raibh sé ag obair le fear a raibh Ryan Molloy air, fear a raibh éachtaí á dhéanamh aige i Jersey Boys agus é i ról Frankie Valli,” arsa Conor.
“Sheinn Pat cúpla píosa ceoil a bhí go hálainn ar fad mar sin dúirt mé go gcaithfinn Alan (McKee) a thabhairt isteach ach gur mhaith an rud e cúpla lá a chaitheamh ag iarraidh theacht ar smaointe.
“Tharla sé go raibh mise agus Alan faoi gheasa ag an scéal sin faoi Che Guevara. Tá a fhios againn faoi na cúpla uisce beatha a bhí aige ach cad é a rinne sé an chuid eile den am nuair a bhí sé in Éirinn.
“Thug an bhearna sin deis dúinn ár scéal féin a chumadh thart ar an fhírinne agus sin mar a tháinig Che Guevara’s Night Off ar an saol,” arsa Conor.