Irish-Language

Tá fios a gnoithe ag Michelle ina húrsceal úr

MICHELLE NIC PHÁIDÍN: Cé gur rugadh Michelle i nGlaschú, tógadh i nGaoth Dobhair í agus tá rath uirthi ó shin i mar iriseoir, mar amhránaí ar an sean-nós agus mar scríbhneoir ghearrscéalta ach is é An tIriseoir an chéad úrscéal uaithi
MICHELLE NIC PHÁIDÍN: Cé gur rugadh Michelle i nGlaschú, tógadh i nGaoth Dobhair í agus tá rath uirthi ó shin i mar iriseoir, mar amhránaí ar an sean-nós agus mar scríbhne MICHELLE NIC PHÁIDÍN: Cé gur rugadh Michelle i nGlaschú, tógadh i nGaoth Dobhair í agus tá rath uirthi ó shin i mar iriseoir, mar amhránaí ar an sean-nós agus mar scríbhneoir ghearrscéalta ach is é An tIriseoir an chéad úrscéal uaithi

An tIriseoir le Michelle Nic Pháidín. Cois Life. €10

MANGAIREACHT drugaí, féinmharú, foréigean baile, tá scríbhneoireacht Thír Chonaill i ndiaidh bealach fada a thaisteal ó Caisleáin Óir agus An Draoidín de chuid Mháire!

Nach nach maith an rud é go bhfuil scríbhneoirí úra ag teacht chun cinn agus canúint Chuige Uladh a chur in oiriúint acu do scéalaíocht an lae inniu?

Tá sé sin le feiceáil go soiléir sa chead úrscéal ó pheann Michelle Nic Pháidín, An tIriseoir, atá foilsithe ag Cois Life agus a insíonn scéal faoi chomhfhreagraí coiriúlachta le nuachtán náisiúnta i mBaile Átha Cliath a chuirtear ag obair ar scéal tromchúiseach ina ceantar dúchais féin.

Is iomaí bua atá ag Michelle mar is iriseoir gairmiúil í féin a chaith sealanna leis an Irish Seimineár, an Irish Daily Mirror agus an Star on Sunday.

Tá sí ag obair mar iriseoir sinsearach leis an Donegal Democrat faoi láthair agus rinne sí an tsraith teilifíse Éagóir, faoi iomraill cheartais, thuaidh agus theas.

Mar sin de, tá fios a gnoithe ag Michelle agus údarás aici agus í ag scríobh faoin choiriúlacht.

Ach is úrscéal é An tIriseoir, togra atá difriúil ar fad ón iriseoireacht a thugann níos mó saoirse don údar dul níos doimhne isteach sa scéal.

Agus éiríonn go geal le Michelle ag gach leibhéal.

Mar scéal bleachtaireachta, tá sé ar na leabhair sin a mbíonn tú ag fiafraí duit féin cad e an chead chasadh eile sa scéal agus tú ag síor-cheistiú na gcarachtar, ag caitheamh amhrais orthu go ndéan tú athchomhairle níos maille.

Ach bíonn daimh agat leis an phríomhcharachtair, Bríd Nic Aoidh, cé gurb iomaí locht atá uirthi ach mothaíonn tú comhbhá léi mar sin féin cionn is gur daoine daonna muid uilig a bhfuil ár bhfadhbanna féin againn.

Leoga, tá na carachtair uilig in An tIriseoir cruthaithe go nádúrtha, daoine a dtiocfadh linn bualadh leo lá ar beith den tseachtain - nó atá in aontíos linn!

Thig linn dúil a chur i gcarachtair an úrscéil ach tá searbhas agus suarachas an bhaile bhig le mothú ann fosta, na daoine sin atá in éad le Bríd mar gheall ar a rath, na daoine eile atá fiosrach ar mhaithe le cúlchaint a dhéanamh.

Ach ní scéal coiriúlachta amháin atá in An tIriseoir, cuireann sé síos ar Éire an lae inniu.

I ráiteas amháin atá tráthúil go maith, scríobhann Michelle: “Bhí an cultúr ann i dtólamh ag iriseoirí a bheith den tuairim go raibh siad faoi chomaoin ag na buachaillí gorma.”

Nuair atá mac Bhríde san otharlann i ndiaidh dó iarracht a dhéanamh lámh a chur ina bhás féin, ní féidir é a choinneáil istigh cionn is go bhfuil a leaba de dhíth ar othar eile a bhfuil práinn níos mó léi.

Sin cúinse a thuigfidh barraíocht daoine arbh éigean dóibh bheith ag brath ar an chóras sláinte ó dheas.

Tá meascán sásúil mar sin in An tIriseoir de charachtair shuimiúla, de phlota a bhogann ar aghaidh go siúráilte gan teip ar an rithim.

Rinne na foilsitheoirí cinneadh cliste fosta “an caighdeánú ba lú ba ghá (a dhéanamh) ... go léireofaí caint agus friotal na gcarachtar mar ba chóir.”

Tá an teanga a úsáidtear thar a bheith nádúrtha, idir insint agus chaint, agus éasca a leanúint ainneoin an iliomad cor sa scéal.

Smaoineamh iontach eile atá ag Cois Life ná go bhfuil An tIriseoir ar fáil mar chlosleabhar ag https://soundcloud.com/cois-life-teoranta/sets/an-tiriseoir.

Ag deireadh an leabhair, bíonn craos ort níos mó a léamh - ná bíodh iontas orainn má fheiceann muid ainm Michelle ar úrscéal eile!