BA bhreá leis na Gaeil riamh anall theacht le chéile fá choinne cóisireacha, oireachtais, slógaidh, scoraíochtaí, aonaigh, airneálacha, fleadhanna, feisanna agus dáileanna (phew!) ach anois tá réimse úr siamsaíochta réidh le theacht ar an tsaol - An Ravelóid.
Ar an 10/11 Meitheamh, beidh na sluaite ar a sáimhín só ag Caisleán Ard Giollán i mBaile Brigín, Baile Átha Cliath tírdhreach álainn os a gcomhair, ag éisteacht le ceol corraitheach pop, raic agus soiscéal nó le buíonta fuinniúla traidisiúnta agus gach ais a bheadh de dhíth ar an láthair.
Beidh aiseanna campála den chaighdeán is airde ar fail, cuirfear fáilte roimh theaghlaigh, beidh cluichí do pháistí ann, beidh filíocht agus cainteanna ann, beidh rogha gach bia agus togha gach dí ann agus lón don chroí agus don anam.
Ní nach ionadh go raibh plúr na ngrúpaí cheol Éireannacha breá sásta bheith ag seinm ag Ravelóid, a ghealltar a bheith ar an fhéile is mó sult ó bhí Aonach Tailteann ann.
Beidh na hüber-réaltaí Delorentos, Kila, Hamsandwich, The Riptide Movement, Mundy agus Heathers i measc ghrúpaí a raibh cáil na Gaeilge riamh orthu, leithéidí Kíla, agus Hothouse Flowers a bheidh ag cumhach Caisleán Ard Ghiollaín i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath le ceol den scoth agus suas le 5,000 duine, idir óg agus aosta, ó hipsters go seanleaids agus seanladettes agus gach cineál idir eatarthu ag sú isteach an atmaisféar breá Gaelach le chéile.
Deir Tómaí Rua Ó Conghaile, duine de lucht eagraithe na Ravelóide, nach raibh deacracht ar bith aige na buíonta a mhealladh chuig an chéad fhéile riamh dá leithéid riamh.
“Beagnach gach banna a cheolann i nGaeilge, beidh siadsan ag Ravelóid,” ar sé, “ach na bannaí eile nach gceolann de gnách i nGaeilge, tá amhráin Ghaeilge taifeadta acu fá choinne Seachtain na Gaeilge, mar shampla agus beidh siadsan ag ceol sa chuid is mó i mBéarla ach déanfaidh siad iarracht níos mó amhrán a dhéanamh i nGaeilge ar an lá agus beidh siad ag caint i nGaeilge leis an slua.
“Cionn is nach ndearnadh riamh roimhe seo, bhí an coincheap thar a bheith tarraingteach acu.
“Anuas air sin, measaim go mbeadh an fhéile ina spreagadh do na grúpaí níos mo a dhéanamh i nGaeilge agus iad ag breathnú ar 5,000 duine ag baint suilt as an cheol Ghaeilge, tá mé cinnte go rachaidh sé sin go mór i bhfeidhm orthu.”
Bliain go leith shin, tháinig Tomaí agus ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus ó Ghlór na nGael le chéile le tabhairt faoina leithéid uaillmhianach a chur ar bun.
“Silim go raibh an coincheap seo ag dul thart le cúpla bliain anuas, go raibh go leor dul chun cinn déanta sa cheol Gaeilge agus i saol sóisialta na Gaeilge ach go
raibh bearna ann sa samhradh do fhéile dheireadh seachtaine nua-aimseartha, nua-aoiseach iontach snasta ag teastáil uainn,” ar sé.
“Ta an treocht seo feilte beaga boutique seo ag titim amach in Éirinn le 10 mbliana anuas fud fad na tíre ach ní raibh ceann ar bith go dtí seo a dhírigh isteach ar an cheol Gaeilge.
Silim go raibh an coincheap seo ag dul thart le cúpla bliain anuas, go raibh go leor dul chun cinn déanta sa cheol Gaeilge agus i saol sóisialta na Gaeilge ach go raibh bearna ann sa samhradh do fhéile dheireadh seachtaine nua-aimseartha, nua-aoiseach iontach snasta ag teastáil uainn,” ar sé. “Is mian linn saol sóisialta na Gaeilge a thabhairt chuig an chéad leibhéal eile.”
Ar ndóigh, beidh fáilte roimh an uile dhuine, bíodh siad ina nGaeilgeoirí nó ná bíodh, mar sin ní gá na díochlaontaí bheith de ghlanmheabhair ag gach duine, ní bheidh scrúdú béil ag an doras!
“Ta muid ag iarraidh cur in iúl do dhaoine, is cuma cén teanga a labhraíonn siad go bhfuil rudaí tarraingteacha, nua-aoiseacha ag titim amach sa teanga.
Is féile í Ravelóid a bhfuil an Ghaeilge ina croí, a mbeidh fáilte roimh lucht an chúpla focal, roimh dhaoine nach as Éirinn iad ar mhaith leo teanga álainn s’againn a chluinstin, agus gheobhaidh siad deis iontach saol na Gaeilge in 2016 a bhlaiseadh.
Tá Caisleán Ard Giolláin gar don M50 mar sin ba cheart go mbeadh daoine in ann freastal ar Ravelóid is cuma cén chuid den tír arb as iad - an tuaisceart san áireamh! Anuas air sin, táthar ag beartú busanna le daoine a thabhairt ann.
Tá tacaíocht an phobail de dhíth mar sin scaipigí an scéal i measc do chairde.
Maidir le taisteal, cúrsaí campála, agus gach rud eile, tá an t-eolas ar fáil ag raveloid.ie