Irish-Language

Stoirm tuartha agus bás Shakespeare á chomóradh

Cuid den fhoireann phroifisiúnta (thuas) agus ilchultúrtha (ar chlé) a bheidh longbhriste sa T13 agus The Belfast Tempest ag séideadh frid Cheathrú an Titanic ón oíche anocht go dtí an Satharn, cothrom an lae a bhfuair William Shakespeare bás 400 bliain ó shin
Cuid den fhoireann phroifisiúnta (thuas) agus ilchultúrtha (ar chlé) a bheidh longbhriste sa T13 agus The Belfast Tempest ag séideadh frid Cheathrú an Titanic ón oíche anocht go dtí an Satharn, cothr Cuid den fhoireann phroifisiúnta (thuas) agus ilchultúrtha (ar chlé) a bheidh longbhriste sa T13 agus The Belfast Tempest ag séideadh frid Cheathrú an Titanic ón oíche anocht go dtí an Satharn, cothrom an lae a bhfuair William Shakespeare bás 400 bliain ó shin

Is cuma cé acu Gael, Gall, Eorpach, Afracach, Áiseach nó Klingon thú, aithneoidh tú go bhfuil an Sasanach William Shakespeare ar cheann de na scríbhneoirí is fearr dá raibh riamh ann.

Anocht, feicfear an léiriú is mó riamh de dhráma de chuid an Bhaird i mBéal Feirste agus leagan Feirsteach de The Tempest ag glacadh seilbhe ar cheann de na hionaid is mó sa chathair, T13 i gCeathrú an Titanic mar chuid de cheiliúradh cothrom agus 400 bliain ó bhás fhile Avon.

Tá an Belfast Tempest á léiriú ag Terra Nova Productions, compántas a bhfuil ardmheas agam ar a shaothar ilchultúrtha, Arrivals 1/2/3.

Ach tá an saothar seo ar scála eile ar fad, foireann phroifisiúnta aisteoirí agus 250 saoránach ag teacht le chéile le stair 150 bliain na cathrach a chuir faoinár mbráid, ó long-thógáil an 19ú haois go dtí an todhchaí ilchultúrtha atá romhainn, dar le Andrea Montgomery, stiúrthóir Terra Nova.

Athshamhlú ar dhráma deireanach Shakespeare atá sa Belfast Tempest ina bhfuil na mórthéarmaí uilig – an grá, an díoltas, maithiúnas agus draíocht – ach stair 150 bliain de Bhéal Feirste de dhlúth agus d’inneach an léirithe.

Baineann bundráma Shakespeare le Prospero (James Doran sa ról seo) agus lena iníon Miranda (Debra Hill). Agus Prospero ag iarraidh díoltais cionn is gur chaill sé a dhiúcacht, cruthaíonn sé stoirm ollmhór draíochta a bhriseann an long ar a bhfuil a naimhde ar oileán s’aige.

Beartaíonn sé iad a mharú ach roimh i bhfad tugann sé maithiúnas dóibh agus sa deireadh pósann Miranda mac a namhad, Ferdinand (an t-aisteoir dubh, Parys Jordan).

Níl ansin ach cnámha an scéil ar ndóigh, tá an léiriú seo á chur le chéile le míonna anuas agus cóir, damhsóirí, aisteoirí, drumadóirí, dearthóirí seit, scoileanna agus oibrithe deonacha páirteach ann agus ní ionadh go mbeadh ionad ollmhór dhíth agus tá sé d’ádh orainn go bhfuil an T13 againn, “ardeaglais tionsclaíochta” mar a tugadh air agus áit a mbíonn daoine óga ag scátáil.

Mar chuid den Belfast Tempest, beidh ceol beo a cumadh don seo le cluinstin fríd an imfhuaim holagrafach (holographic surround sound) leis an lucht féachana a bhá san eispéireas.

Bainfidh an seit úsáid as earraí athshlánaithe agus athchúrsáilte a chuirfeadh longbhriseadh agus oileán i gcuimhne duit.

Iarrtar ar an lucht féachana éadaigh the a chaitheamh, cúisíní agus “supplies” a thabhairt leo agus suíochán a ghlacadh ar na rachtaí agus sult a bhaint as an amharclannaíocht chuimsitheach.

Tá 30 tona de ghaineamh, 70 colún mar atá siad i gClochán na bhFormhórach agus dhá linn uisce, cead leabhar, agus 600 duille d’ór ... ach beidh ort dul ann lena fheiceáil cad chuige!

In aimsir Shakespeare, fir amháin a bhí mar aisteoirí ach tá sé sin curtha bunoscionn ag Andrea agus mná i rólanna traidisiúnta na bhfear sa Belfast Tempest seo.

Anuas air sin, tá mór-pháirteanna tugtha aici d’aisteoirí dubha agus ón Áis, d’aisteoirí a bhfuil míchumais orthu, agus “masque bainise” a mhaireann 25 bhomaite agus é deartha ag Tom Finlay agus saoránaigh Bhéal Feirste páirteach ann.

As an 37 ndráma a chuirtear síos do Shakespeare, cad chuige ar roghnaigh Andrea The Tempest mar chomóradh ar bhás an fhile?

“Cé nach raibh baint riamh agam le hÉirinn – b’as Albain agus as an Pholainn do mo shinsir agus iad ina gcónaí i gCeanada ar feadh na nglúnta – ach nuair a tháinig mé go Tuaisceart Éireann in 2002, rinne mé an rud a dhéanaim i ngach tír a gcuirim fúm intitéamaí, léigh mé cuid mhór leabhar staire agus rith sé liom go raibh téamaí sa Tempest a raibh macallaí acu i stair na hÉireann,” arsa Andrea.

“Agus mé féin is m’fhear chéile inar gcónaí in oirthear Bhéal Feirste, taobh le Queen’s Island agus na duganna, d’éirigh na nascanna sin níos láidre i m’intinn.”

Nuair a tháinig Tom Finlay ar bord thosaigh na smaointe ag forbairt go gasta, togra proifisiúnta agus togra pobail a bheadh go hiomlán cothrom agus b’shin an dúshlán agus an lúcháir a bhain leis an saothar seo ar fad.”

Ar ndóigh ní The Tempest atá ar an seó ach The Belfast Tempest, mar sin, cad é mar a chuir Andrea agus a foireann an dráma in oiriúint don cathair agus d’Éirinn?

“An rud is mó ar chuir mé spéis ann na an smaoineamh seo gur tháinig rabharta i ndiaidh rabharta de dhaoine go hÉirinn áit ar chuir siad fúthu.

“Léigh mé go domhan faoi seo, faoi stair an DNA ag dul siar 40,000 bliain, agus faoi na Lochlannaigh agus na Normannaigh ...

“Agus i bhfad roimhe sin, “ a deirim léi, ag caint ar Leabhar Gabhála, the Book of Invasions agus faoi

Chlann Míleadh agus an taighde a cheanglaíonn ar sinsear le tuaisceart na Spáinne, etc, etc. agus aontaíonn Andrea liom go bhfuil difir an domhain idir Éire agus an Astráil, mar shampla, áit a raibh na bundúchasaigh, go dtí ar na mallaibh, ina gcónaí leo féin ar feadh 40,000 bliain.

“Níl Éire mar sin,” arsa Andrea, “mar tháinig grúpa i ndiaidh grúpa anseo síos fríd an stair” ar sí.

Agus tá sé amhlaidh maidir le The Tempest de chuid Shakespeare.

Tá siad ann a déarfadh go mbaineann an dráma leis an choilíneachas - cur gur scríobhadh é agus Sasana ag cur tús lena hImpireachta. Muintir na háite, an bhfuil siad fiáin nó an ndéantar fiáin iad cionn is go bhfuil daoine úra ón choigríoch ag iarraidh mí-úsáid a bhaint acu?

Cibé, is léir go bhfuil neart meafair i mbundráma Shakespeare a rachaidh i bhfeidhm ar an lucht féachana.

Is cinnte gur dráma é seo a fhanfaidh sa chuimhne ar feadh i bhfad.