Irish language

Tábhacht na mbunfhoinsí i stair na tréimhse 1912-1923

CATRIONA CROWE: Thug an cartlannaí caint thar a bheith spreagaitheach sa Leabharlann Láir i mBéal Feirste ar na bunfhoinsí a bhaineann le stair na tréimhse idir 1912 agus 1923 ag déanamh tagairt ar leith do pháipéir John Maxwell, an t-oifigeach airm a d'ordaigh básanna cheannairí an Éirí Amach i 1916.
Robert McMillen

AN ANN don stair? Sin an cheist a rith liom agus mé ag breathnú agus ag éisteacht agus ag meabhrú ar gach a raibh á rá agus á chraoladh agus á chaibidil le linn chomóradh Éirí Amach na Cásca le cúpla mí anuas.

Rith sé liom nach bhfuil stair ann ach startha a chumann daoine bunaithe ar fhíricí, ar chlaonta, ar an tógáil a fuair siad agus an comhluadar inar fhás siad aníos, ó thaithí phearsanta, ó na meáin chumarsáide agus ó mhíle tionchar eile.

Sin an fáth go mothaím go bhfuil Mike Nesbitt agus aontachtaithe sa chuid is mó ag iarraidh ar dhaoine gan “an stair a athscríobh.” Creidim féin go mbeidh an stair i gcónaí á athscríobh de réir mar a thiocfaidh fíricí, béimeanna, cur chuige agus dearcaidh eile chun cinn.

Ach is gá aithint go bhfuil na bun-fhoinsí, primary sources mar a thugtar orthu i mBéarla, thar a bheith tábhachtach.

Ní hé go gcaitheann muid glacadh le gach rud a dúirt gach finné nó gach rannpháirtí ach tá siad thar a bheith tábhachtach mar sin féin.

Tabharfaidh mé sampla amháin ar fhoghlaim mé faoi le linn na cainte a thug Catriona Crowe sa Leabharlann Láir i mBéal Feirste Dé Máirt na seachtain seo.

Thug sí ag caint thar a bheith suimiúil ar na foinsí úra atá ar fáil anois in áiteanna éagsúla ar fud na tíre agus ar líne ach mhínigh Catriona, ar chartlannaí sa Chartlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath í, nach bhfuil rudaí chomh simplí agus a shíleann muid.

Mar shampla, tá (mí)chlú ar Sir John Maxwell, an t-oifigeach in Arm na Breataine, a d’ordaigh maruithe cheannairí an Éirí Amach i 1916.

D’inis Catriona dúinn go ndeachaigh sí go hOllscoil Princeton i New Jersey mar b’ansin a d'fhág mac Maxwell páipéir a athar agus gurb ansin a tháinig sí ar litreacha an tsaighdiúra chuig a bhean i 1916.

Sna litreacha seo, deir sé nár thaitin na maruithe leis - cé go dtiocfadh leis iad a stopadh - ach deir sé fosta i litir amháin nach mbeadh an Éirí Amach ann dá dtabharfadh “muide” - Arm agus Stát na Breataine - aghaidh ar Óglaigh Uladh i 1912 agus go háirithe i 1914 nuair a thug siad gunnaí ón Ghearmáin isteach go Latharna.

Deir Maxwell go raibh na hAontachtaithe “go hiomlán frithdhaonlathach, ag dul in éadan thoil an mhóraimh, agus go raibh an reachtaíocht rite don Rialtas Dúchais ag Westminster ach gur “thug muid cead a gcinn dóibh.”

“Sin peirspictíocht thar a bheith suimiúil ó dhuine nach bhfeiceann muid de ghnáth ach fríd phriosma amháin,” arsa Crowe.

Bhí sé ag amharc siar mar oifigeach sinsearach in Arm na Breataine, ag rá nach ndearna siad an rud ceart ceithre bliana sular ghlac an Piarsach, an Conghaileach agus a gcuid fear seilbh ar Ardoifig an Phoist i Sráid Sackville.

Ar ndóigh, ní fios cad é a tharlódh dá dtabharfadh Arm na Breataine aghaidh ar dhílseoirí a raibh 20,000 gunna agus thrí mhilliún piléar acu ach sin ceann eile den iliomad ceisteanna gan fhreagairt a eascraíonn as an stair.

Luaigh Catriona John Redmond fosta, fear atá á cháineadh go mór ag daoine a deir gur threoraigh sé an t-uafás Éireannach chun a mbáis sa Chéad Chogadh Domhanda, ach cuireann Catriona i gcuimhne dúinn go raibh ról lárnach ag Redmond san aistriú talaimh ó thiarnaí talún go tionóntaí a lean an Wyndham Land (Purchase) Act 1903 a chuidigh sé lena dhréachtú.

Faoi 1925, athraíodh 75% de shealbhóirí thalamh na hÉireann agus i gcartlann Choimisiún na Talún, tá leabhair cíosa gach teach in Éirinn sna 1880idí agus gníomhais (deeds) ag dul siar go dtí an 16ú céad.

Bhí Catriona i mbun dhigitiú Daonáireamh 1911, foinse thar a bheith tábhachtach má tá tú ag déanamh staidéar ar do ghinealach féin ach freagraíonn sé ceisteanna fánacha - cá mhéad Plymouth Brethren a bhí i Ráth Maonais? nó cá mhéad máistreás Francach a bhí i mBaile Átha Cliath an bhliain sin?

Dóibh siúd a bhfuil suim acu sa Chéad Comórtha ina bhfuil muid, luaigh Caitriona Bailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata,1916-1923 atá ar fáil ag www.militaryarchives.ie.

Tá scéalta millteanach suimiúil istigh ann agus tagairtí go leor ón tuaisceart.

Ar ndóigh, níl an oiread sin poblachtach ann cionn is go raibh siad ar an taobh “chontráilte” den chogadh cathartha, rud eile a léiríonn nach bhfaigheann muid pictiúr beacht i gcónaí ó chartlanna.

Caint an-suimiúil a bhí ann a chuir ar shúile an lucht éisteachta go bhfuil saibhreas foinsí ann más mian linn dul níos doimhne i stair na tíre seo, go háirithe sa stair shóisialta – bás agus beatha, saol na mban, sláinte, úinéireacht talún, nósanna maireachtála etc – gnéithe a thugann comhthéacs dúinn den sochaí a bhí in Éirinn sna blianta cinniúnacha sin idir 1912 agus 1922.

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: