Irish language

Féile Scannánaíochta Bhéal Feirste agus scéalta daoine neamhchoitianta

AN SCÁILEÁN AIRGID: Beidh scoth na scannán –Florence Foster Jenkins le Meryl Streep agus Hugh Grant san áireamh – le feiceáil le linn Fhéile Scannánaíochta Bhéal Feirste a thosóidh i gcionn ocht lá,
Robert McMillen

PICTIÚRLANNA. Na pictiúir. An scáileáin airgid. Is cuma cad e chomh mór is atá ár dteilifíseáin, cad é chomh maith is atá an t-ardghléine, is eispéireas ar leith e dul chuig na flicks.

Tá siad giota maith níos fearr  na mar a bhí siad nuair a d’íoc tú próca suibhe le dul isteach sa Clonard ar Bhóthar na bhFál.

Agus tá na scannáin difriúil ar fad ó na laethanta sin fadó, fágadh slán ag “na buachaillí bó agus na hIndiaigh” i bhfad ó shin agus tá réimse iontach scannán á dhéanamh ar fud na cruinne, idir fhicsean agus neamhfhicsean, réadúil agus osréalaíoch agus i ngach teanga ar domhan beagnach.

Agus tá an t-ádh orainn go mbeidh cuid mhór scannán den chéad ghrád ag teacht go Féile Scannánaíochta Bhéal Feirste a bheidh ar siúl cois Lagáin idir an 14-23 Aibreán.  

Leoga, beidh 133 scannán as 30 tír le feiceáil chomh maith le cainteanna, gearrscannáin agus aíonna speisialta.

Seo seans iontach do dhaoine nach dtéann ach chuig na pictiúrlanna móra leis na blockbusters is déanaí a fheiceáil rud éigean as an nua a bhlaiseadh ach iad dul sa seans.

Tá saol na ndaoine a léirítear sna scannáin atá san Fhéile éagsúil ar fad ón saol atá ag bunús againn mar sin tugann sé deis dúinn foghlaim faoin daonnacht, daonnacht s’againn féin san áireamh.    

Agus beidh spórt agus spraoi ann chomh maith!

Ach is iad na scannáin fhaisnéise is mó a bhfuil dúil agam féin ann agus tá féasta curtha ar fail dúinn.

Ar na rudaí is mó a bhfuil mé ag dúil leis, tá scannáin Alan Davies, an stiúrthóir a rinne an scannán teilifíse Elephant (QFT, 17 Aibreán. 4pm) faoi chuid de na dúnmharuithe ó thuaidh, le taispeáint.

Beidh Terence Davies a bhfuil clú air mar gheall ar thriológ de scannáin faoina chathair dhúchais, Learpholl, ach tá saothar iontach eile déanta aige agus beidh an fear é féin i láthair le labhairt ar a shaothar.

Agus níl an Ghaeilge in áit na leathphingine.

Beidh dhá scannán do pháistí á léiriú ar an 23 Aibreán - Amhrán na Mara agus Spongebob Squarepants agus do dhaoine fásta, beidh an clár a rinne Paula Kehoe ar fhilíocht Mháire Mhic an tSaoi, Deargdhúil, le feiceáil an lá céanna.

An lá dar gcionn, nach bhfuil sé cuí go dtaispeánfar Mise Éire, Saoirse agus An Tine Bheo ar chothrom an lae ar thosaigh an tÉirí Amach in 1916?

Tá dhá scannán eile a bhaineann le 1916, The Trial of Roger Casement a rinneadh in 1960 agus Easter 2016 a rinneadh in 1982.

Scéinséir suite in Éirinn agus an cúlú eacnamaíochta ag cur brú ar gach duine atá in Traders, scannán a léiríonn a bhrúidiúlacht is atá daoine agus iad ag iarraidh greim a choinneáil ar a maoin saolta.

Ach fágfaidh mé faoi stiúrthóir na Féile, Michelle Devlin, na buaicphointí eile a chur inar láthair.

“Tá scannáin thar a bheith as an ghnáth ag teacht chun na féile i mbliana, ceann as an Airgintín a bhaineann le teaghlach mafia dar teideal, El Clan; Mr Six, scéinséir eile atá suite i mBéising; scannán Don Cheadle ar shaol Miles Davis, Miles Ahead; scannáin a ainmníodh gradam an Oscar don Scannán is fear i gTeanga Choimhthíoch. Mustang, a rinneadh sa Tuirc; agus trí scannán i ndiaidh a chéile (sin sé uair a chloig) faoin teideal The Arabian Nights Trilogy.  

Is maith liom féin scannáin a thugann eolas dom nach raibh agam roimhe, mar sin, tá mé ag tnúth go mór le Land of Mine, a bhfuil scéal iontach ag baint leis.

Le linn an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh cimí Gearmánacha ag obair ag glanadh mianaigh ó thránna na Danmhairge.

“Má ghlanann tú sé mhianach san uair, mura marófar thú, ba cheart go mbeifeá sa bhaile i gcionn thrí mí,” a dúradh leo.

Ach níl gach scannán chomh trom sin. Cuirfidh an scannán Florence Foster Jenkins –ina bhfuil Meryl Streep (yeah!) agus Hugh Grant (ó

eh!) faoin amhránaí is measa ar domhan – clabhsúr ar an fhéile ar an 23 Aibreán. 

Tá cara de mo chuid, Sean Murray lena scannán úr, Fractured City, a thaispeáint ag QFT ar an 17 Aibreán. Baineann sé le beirt leaid óg a theann chuig rave i mBéal Feirste, oíche ina dtarlaíonn rudaí nach raibh siad ag dúil leo.   

Scannán ón Cholóim faoi shaman a thugann beirt iartharach ar strae, dráma suite in Auschwitz agus Patrick Stewart mar forchiníoch geal in Green Room agus ceiliúradh 40 bliain de Taxi Driver – tá siad seo uilig le feiceáil ag Féile Scannán Bhéal Feirste. 

Déan gar duit fein agus gabh chuig ceann amháin nóchuig cúpla ceann atá sa chlár.

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: