Irish-Language

Triúr ban Ultach a rinne éachtaí in 1916 agus ina dhiaidh

LYNETTE FAY: Déanann Lynette iniúchadh ar na scéalta a bhaineann le hAlice Milligan as Tír Eoghain agus leis na deirfiúracha Corr (sa phictiúr thíos) as Béal Feirste
LYNETTE FAY: Déanann Lynette iniúchadh ar na scéalta a bhaineann le hAlice Milligan as Tír Eoghain agus leis na deirfiúracha Corr (sa phictiúr thíos) as Béal Feirste LYNETTE FAY: Déanann Lynette iniúchadh ar na scéalta a bhaineann le hAlice Milligan as Tír Eoghain agus leis na deirfiúracha Corr (sa phictiúr thíos) as Béal Feirste

Faoi dheireadh thiar thall, tá ómós á thabhairt do mhná na hÉireann agus an ról a bhí acu in Éirí Amach 1916 agus beidh clár ar an BBC san oíche amárach a dhíreoidh an spotsolas ar thriúr ban atá ligthe i ndearmad le fada an lá.

Inseoidh Faoi Gheall ag Éirinn, scéalta éagsúla Alice Milligan as Tír Eoghain agus na ndeirfiúracha Corr, Elizabeth agus Eleanor as Bóthar Ormeau i mBéal Feirste, triúr a bhí gníomhach i gcúrsaí cultúir agus polaitíochta an céad seo caite.

Á cur i láthair ag Lynette Fay, feicfear píosaí scannáin nach bhfacthas ach go hannamh, athchruthaithe drámatúla agus agallaimh le saineolaithe agus le gaolta na mban.

Ba náisiúnaí Protastúnach í Alice Milligan a bhí ar dhuine de na scríbhneoirí ba mhó meas lena linn a fhad is a bhí na deirfiúracha Caitliceacha Corr ina bpoblachtaigh fhorásacha a bhí gníomhach sna himeachtaí idir 1916 agus 1923.

Chuaigh na deirfiúracha Corr go Baile Átha Cliath le páirt a ghlacadh san Éirí Amach na Cásca i 1916, ait ar bhuail siad le James Connolly cúpla uair a chloig sular glacadh seilbh ar an GPO.

Bhí an oiread sin muiníne ag Connolly iontu gur thug sé fógra dóibh le scaipeadh i measc na nÓglach ó thuaidh i ndiaidh d’Ultach eile, Eoin Mac Néill, an Éirí Amach a chur ar ceal.

Chaith Alice Milligan 60 bliain mar fhile, mar dhrámadóir, mar eagarthóir ceannródaíoch agus mar fheachtasóir ar son na Gaeilge, gairm-ré inar chuir sí aithne ar WB Yeats, Eamon De Valera, James Connolly, Pádraig Pearse, Roger Casement agus Maud Gonne.

Duine de 11 pháiste i gclann Modhach in aice leis an Ómaigh, spreag cainteoirí dúchais Gaeilge a suim sa teanga agus scoth dalta a bhí inti in Ollscoil na Ríona agus in King’s College i Londain.

Ar ais sa bhaile, bhí sí ina heagraí ag Conradh na Gaeilge ag taistil na tíre ar son na teanga.

Pléann Faoi Gheall ag Éirinn saol pearsanta Alice, bean singil arbh éigean di amharc i ndiaidh gaolta a raibh meabhairghalair orthu - gan íocaíocht de chineál ar bith.

Fuair sí bás i 1953, fadhbanna airgid aici ach foilsíodh bailiúchán dá cuid dánta a foilsíodh i nuachtáin thar thréimhse 60 bliain.

Tá saol Elizabeth Corr chomh suimiúil céanna. Sna 1970idí, chuir daltaí ó Mheánscoil Naomh Monica agallamh ar Elizabeth agus beidh muid in ann an bhean féin ag caint ar an chlár.

Tugadh bata agus bóthar di ó Leabharlann Bhéal Feirste, ait a raibh sí ag obair mar chlóscríobhaí, nuair a fuarthas amach faoina turas go Baile Átha Cliath ach lean na deirfiúracha leo ina gcónaí i mBéal Feirste i ndiaidh 1916 agus bhí siad gníomhach an t-am sin i gCumann na mBan, iad ag feachtasaíocht ar son Sinn Féin sna toghcháin.

Faigheann muid amach in Faoi Gheall ag Éirinn gur féidir gur sheachain an teaghlach an dúnmharú ag drong maraithe de chuid na bpóilíní le linn na dtrioblóidí idir 1920-22.

Dúirt póilín amháin de chuid an RIC, fear a bhí báúil le muintir Corr, le Elizabeth gur chaith na dúnmharfóirí bonn in airde agus chinn siad ionsaí a dhéanamh ar theach mhuintir Mhic Mhathúna i dtuaisceart Bhéal Feirste. San ionsaí sin, scaoileadh cúigear fear chun báis.

I ndiaidh na críochdheighilte, chaith Elizabeth seal mar iriseoir agus mar scríbhneoir, i ag taisteal go Sasana agus chun na mór-roinne.

bhí an t-airgead gann ach b’éigean di feachtas dian a throid le pinsean a fhail ón rialtas ó dheas mar gheall ar an ról a bhí aici in imeachtaí 1916 agus ina dhiaidh.

Ni bhfuair a deirfiúr Eleanor pinsean ar chor ar bith.

B’éigean d’Elizabeth fanacht go bhfuair Sean McEntee, gaol leo as Béal Feirste a bhí ina aire sa rialtas o dheas, sula bhfuair sí a pinsean mar ba choir.

Mhair Elizabeth Corr go raibh sí 100 bliain d’aois agus fuair sí carta comhghairdeas ó Bhanríon Shasana - ach a dhath ar bith ó Uachtarán na hÉireann cé gur tugadh bonn comórtha di in 1966 mar gheall ar an obair a rinne sí in 1916 agus ar a ról san Éirí Amach.

Mar chomhtharlú, tá taispeántas thar a bheith suimiúil ar shaol an teaghlaigh uilig le feiceáil i Leabharlann Halla an Línéadaigh ón 5 - 30 Aibreán agus mar chuid d’Fhéile Cheathrú na hArdeaglaise, beidh dráma de chuid Aisling Ghéar ar Alice Milligan, A Girl of Genius le feiceáil sa Bhosca Dubh ar an 6 Bealtaine ag 1in.

Craolfar Faoi Gheall ag Éirinn ar BBC2 NI ar a 10in san oíche amárach.