Irish-Language

Lón machnaimh le fáil in Irish Pages

An file agus scríbhneoir Seamus Heaney i Leabharlann Halla an Línéadaigh i mBéal Feirste. Tá Heaney á cheiliúradh da dá imleabhar is déanaí den iris litríochta Irish Pages
An file agus scríbhneoir Seamus Heaney i Leabharlann Halla an Línéadaigh i mBéal Feirste. Tá Heaney á cheiliúradh da dá imleabhar is déanaí den iris litríochta Irish Pa An file agus scríbhneoir Seamus Heaney i Leabharlann Halla an Línéadaigh i mBéal Feirste. Tá Heaney á cheiliúradh da dá imleabhar is déanaí den iris litríochta Irish Pages

NÍL rud ar bith is breátha liom ná an iris litríochta Irish Pages titim de phlimp fríd bhosca na litreach ar an urlár tigh s’agamsa.

Bíonn a fhios agam go mbeidh mé ag caitheamh uaireanta fada an chloig ag snámh san fhilíocht, ag spaisteoireacht fríd tírdhreach an phróis, ag dreapadóireacht ar chnoic agus ar shléibhte na smaointeoireachta atá ar fáil idir na clúdaigh.

Agus is iris í Irish Pages a thugann an luach i gcónaí don Ghaeilge agus Cathal Ó Searcaigh ina chomh-eagarthóir uirthi, agus Sean Mac Aindreasa mar Eagarthóir Bhainistíochta.

Le dhá eagrán anuas, tá an iris uile-Éireann atá curtha in eagar ag an fhile Meiriceánach Chris Agee, i mBéal Feirste, tíolactha don fhile Séamus Heaney.

Bhí rún agam “nach maireann” a scríobh i ndiaidh a ainm ach is léir go maireann fear Dhoire, go fóill, ní amháin, trína chuid filíochta agus próis ach fríd an ghean a bhí ag muintir na hÉireann ar fad ann mar dhuine.

Sin tréith a thagann fríd an chead imleabhar cuimhneacháin de chuid Irish Pages, ceann dar teideal

Heaney.

Bhí grá ag daoine do Heaney, iad sin a chaith am faoi gheasa ag intleacht agus/nó ag acmhainn grinn mhic an fheirmeora agus iad sin nach raibh aithne ar bith acu air ach fríd a chuid scríbhneoireachta.

I measc na n-uasal a roinneann a léirmheasanna agus a gcuimhní cinn, tá Michael Longley, Fintan O'Toole, Roy Foster agus Patricia Craig.

Ach níl filí móra na Gaeilge in ait na leathphingine. Tá píosaí i nGaeilge agus i nGàidligh ann ó Nuala Ní Dhomhnaill, Rody Gorman agus Celia de Fréine imeasc filí eile.

Tá aiste ansin ó Chathal Ó Searcaigh ina gcuireann sé síos ar Heaney mar File na Flaithiúlachta.

“Nuair a bheannaigh sé duit, an mheidhir shéimh úd ina shúile, an miongháire sochmaidh úd ar a bhéal, bhraith tú go raibh sé do do bheannú. Agus bhí,” a scríobhann Ó Searcaigh.

Leoga, cuireann cúpla duine eile síos ar an “bheannacht” seo a dháil Heaney.

Is cuí ar ndóigh go mbeadh an Ghaeilge mar chloch eile ar charn Shéamais. Tá a fhios againn go raibh sé an-bháúil don teanga – d’fhoghlaim sé i i Scoil Naomh Cholmcille i nDoire – agus sa dara himleabhar de chuid Irish Pages, After Heaney, tá aitheasc nár cuireadh i gcló cheana ina labhraíonn fear Bhaile Eachaidh faoin déscaradh idir an Béarla agus an Ghaeilge.

Chuir sé síos ar ghéarchéimeanna éagsúla a chuir an meon Éireannach as a riocht “none more traumatic than in the shift from Irish to the English language.”

Dá n-aithneodh staraithe na tíre an fírice doshéanta sin!

Ach tá neamart a dhéanamh ag filí agus ag an aos léinn fosta agus tá alt thar a bheith suimiúil in After Heaney le Gabriel Rosenstock ag stróiceadh cnuasach filíochta as a cheile.

Is é Windharp: Poems of Ireland since 1916, curtha in eagar ag Niall MacMonagle.

“A Poisoned Anthology” a thugann Gabriel air agus ofrálann sé a fhrithnimh féin.

Ce go bhfuil 1916 luaite i dteideal an chnuasaigh, níl filíocht Thomas MacDonagh nó Joseph Mary Plunkett san áireamh, fiú an dán is clúití de chuid Plunkett, I See His Blood Upon the Rose.

“Is it, perhaps, too Catholic for this post-Catholic nation of our times, too mystic for our material ways, too visionary for our cynical era?” a fhiafraíonn sé, sula liostálann sé na lochtanna atá síos fríd Windharp.

Drochmheas nó neamhaird ar an Ghaeilge; an iliomad dán ar chúrsaí brónacha reatha, ó Savita Halappanavar go dtí an imirce agus BSE. Tá an ghruaim ann gan stad gan staonadh. Measann Rosenstock – agus aontaím leis – go léiríonn, mar a déarfadh Franz Fanon, an meon iarchoilíneach ina gcreideann muid na rudaí is measa a deirtear fúinn féin.

Is e The Ethnic Basis of Irish poetry an t-aiste deireanach san imleabhar agus tá sé thar a bheith suimiúil agus, b’fhéidir conspóideach.

San aiste, cuireann Chris Agee cúpla ceist, an chead cheann Cad is Filíocht Éireannach ann?

Deir sé go bhfuil ceithre ghné a bhaint leis – (filíocht scríofa ag Éireannaigh in Éirinn; filíocht an tuaiscirt; filíocht scríofa ag Éireannaigh thar lear agus filíocht scríofa ag inimircigh atá socraithe isteach.

Deir sé go mbaineann an téarma “file Éireannach” le féiniúlacht eitneach agus ní leis an fhéiniúlacht shibhialta ilchultúrtha atá againn in Éirinn sa lá atá a inniu ann.

Cé atá coinnithe amuigh? Polannaigh? Afracaigh? Gaeil féin?

Is alt é a choinneoidh ag machnamh thú ar feadh i bhfad.

Tá Irish Pages le fáil i siopaí maithe leabhar agus ó irishpages.org