Irish-Language

Tá feabhas na meán craolta sna tíortha Ceilteacha le ceiliúradh i nDún Garbhán

<em><b style="color: rgb(34, 34, 34); font-family: arial, sans-serif; font-size: 12.8px;">BUACHAILL&Iacute; B&Oacute;:&nbsp;</b><span style="color: rgb(34, 34, 34); font-family: arial, sans-serif; font-size: 12.8px;">T&aacute; lucht d&eacute;anta&nbsp;</span><i style="color: rgb(34, 34, 34); font-family: arial, sans-serif; font-size: 12.8px;">An Klondike</i><span style="color: rgb(34, 34, 34); font-family: arial, sans-serif; font-size: 12.8px;">&nbsp;ar lorg, n&iacute; &oacute;r, ach gradam ag F&eacute;ile na Me&aacute;n Ceilteach, ceili&uacute;radh ar an chuid is fearr den chraolt&oacute;ireacht, idir theilif&iacute;s is raidi&oacute; is dhigiteach, &oacute; na t&iacute;ortha Ceilteacha a bheidh ar si&uacute;l i nD&uacute;n Garbh&aacute;n an mh&iacute; seo chugainn&nbsp;</span></em>
BUACHAILLÍ BÓ: Tá lucht déanta BUACHAILLÍ BÓ: Tá lucht déanta An Klondike ar lorg, ní ór, ach gradam ag Féile na Meán Ceilteach, ceiliúradh ar an chuid is fearr den chraoltóireacht, idir theilifís is raidió is dhigiteach, ó na tíortha Ceilteacha a bheidh ar siúl i nDún Garbhán an mhí seo chugainn 

BHÍ mé ag breathnú ar chlár thar a bheith taitneamhach ar an chainéal teilifíse Gaeilge agus i ndiaidh é críochnú, scríobh mé ar twitter: “Ag amharc ar Mise Éire: Lorg na gCos. Cad é an t-aineolas ina mbeadh muid gan TG4?”

Tá seirbhís thar a bheith luachmhar á cur ar fáil ag Baile na hAbhann maidir le stair na tíre, ar na heachtraí a chruthaigh an tír mar atá sí, agus ar ghnéithe nach dtugann na mórmheáin eile aird ar bith orthu.

Mar gheall ar an chlúdach ar chúrsaí nuachta agus ar an olltoghchán le déanaí,  tá stádas an chraoltóra náisiúnta RTÉ faoi ionsaí i measc sciar suntasach den lucht féachana.

Cinnte, tá cuid de na cláracha faisnéise atá craolta acu ar dóigh, an tsraith 1916 ach go háirithe agus tá siad an-láidir maidir le claracha ar na healaíona ach má tá tú ag cuardach doimhneacht agus fairsingeacht de chineál ar bith, caitheann tú dul i dtreo TG4.

Is é an t-aon stáisiún é atá ag déanamh comóradh cuí ar Éire an Éirí Amach. Níl sárú Seachtar na Cásca agus Seachtar Dearmadta le fail má tá tú ag iarraidh eolais ar na daoine a daoradh chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann cothrom agus céad bliain ó shin.

Chuir mé an-suim sa chlár faoi Kathleen Lynn, Dochtúir Réabhlóideach, mar le rófhada a rinneadh neamart ar mhná na tíre seo agus an ról a bhí acu i múnlú na tíre.

Agus Féile na Meán Ceilteach le tarlú i nDún Garbhán, Contae Phort Láirge idir an 20-22 Aibreán, tá dhá clár ar leith ar bhreathnaigh mé orthu san iomaíocht do ghradaim.

Sraith ghleoite fhaisnéise a theann ar bhóithrín na smaointe atá in Cuimhní ón mBlascaod. Bunaithe cuid mhaith ar agallaimh a rinne oileánaigh os cionn scór bliain ó shin, ach nár taispeánadh ar an teilifís riamh, insítear scéal an Bhlascaoid i bhfocal na n-oileánach féin. 

An dara clár a chonaic mé agus atá san iomaíocht ag na gradaim is é Cumann na mBan - Mná na Réabhlóide sa chatagóir Clár Aonair Fíorasach.        

Is clár faisnéise ar an méid a rinne Cumann na mBan ar mhaithe le saoirse na tíre. Bhí na mílte bean páirteach sa ghluaiseacht náisiúnach idir 1914 agus 1923 ach is beag trácht atá orthu féin ná ar an méid a rinne siad chun leas na tíre ó bunaíodh an Stát.

Is í an t-iarUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa reacaire an chláir. 

Ar ndóigh, ní cláracha staire amháin a bheidh a gceiliúradh i nDún Garbhán agus níl mé chomh brónach sin is nach n-amharcaim ach ar chláracha faisnéise!

Thaitin Wwoofáil California; go mór liom agus mé in éad le láithreoir aimsire TG4 Mairéad Ní Chuaig agus an leis an aisteoir aitheanta Gavin Ó Fearraigh agus iad ag spailpínteacht i gCalifornia! 

Sin ráite, caitheann tú líne a tharraingt agus caithfidh mé a admháil nár bhreathnaigh mé ar Pioc do Ride, sraith ina bhfuil cailín ag iarraidh a grá geal a aithint, bunaithe ar na leidí faoina phearsantacht atá ar fáil ina rogha gluaisteáin agus ina chumas mar thiománaí.  

Déarfadh go leor gurbh é An Klondike buaicphointe na bliana drámaíochta agus b’éacht a rinne Abú Media an tIarthar Fiáin a athchruthú i gConamara.  

Sraith drámaíochta buachaillí bó ceithre chlár faoi na deartháireacha Connolly,  triúr inimirceach as Éirinn a chuaigh as Montana go dtí an Yukon le linn Fuadar Óir na 1890idí a bhí in An Klondike. Ach beidh an iomaíocht géar i ngach rannóg.

Cé gur na meáin Cheilteacha atá á gcomóradh, ní bhíonn baint ar bith ag na cláracha le cultúr nó le teanga nó le “Ceilteachas.” Mar sin, tá iontráil de chuid an BBC, Keep ‘Er Country, san iomaíocht. (Rún ciontach – bhain mé an dú-shult as an chlár seo i m’ainneoin féin!)

Leoga, chonaic mé go leor de na claracha a craoladh in Éirinn – Deargdhúil ar fhilíocht Mháire Mhic an tSaoi agus One Million Dubliners faoi reilig Ghlas Naíon, caithfidh go bhfuil an dá chlár seo mar rogha na coitiantachta ina rannóga féin.

Ach ar bhonn pearsanta, caithfidh muid tréaslú le lucht an raidió, Feargal Mag Uiginn, láithreoir ar Blas Spórt agus le Dónall Mac Ruairí atá ar an ghearrliosta do Phearsa Raidió na Bliana.  

Tá Rónán Beo@3 ar an ghearrliosta don chlár ceoil is fearr, agus tá an stáisiún san iomaíocht do Stáisiún na Bliana fosta.  

Tá an tsraith Glórtha Aduaidh ar an ngearrliosta don chlár faisnéise is fearr, comhfhiontar a bhí sa tsraith idir Raidió na Gaeltachta is Raidió Fáilte i mBéal Feirste.