Irish-Language

Skeffy: Feimineach fir agus síochánaí a maraíodh i 1916

Is minic a chuirtear an cheist: cad é an cineál sochaí a bheadh againn in Éirinn dá mairfeadh ceannairí 1916? Dá gcuirfí fís an fhorógra i bhfeidhm?

I ndiaidh a bheith ag breathnú ar Sheehy Skeffington: Síochánaí, scannán úr Dhéagláin Uí Mhocháin ar Francis Sheehy Skeffington, aithneoidh tú gur cailliúint mhór eile é don tír, cé gur beag aithne atá ag formhór mhuintir na hÉireann air.

Tógadh Frank Skeffington i nDún Pádraig i gContae an Dúin agus cé - nó, b’fhéidir, as siocair – gur cigire scoile a bhí ina athair. múineadh Frank sa bhaile, áit a bhfuair sé dearcadh liobrálach ar an saol.

Ag bogadh go Baile Átha Cliath do, thaitin saol cultúrtha na hardchathrach go mór le Frank agus d’éirigh sé mór le scríbhneoir óg darb ainm James Joyce - a thug “the Hairy Jaysus” air!

Agus, ceart go leor, díol spéise agus ceap magaidh a bhíodh in Frank. Bhí féasóg mhór air agus caith sé knickerbockers go minic agus é amuigh ach taobh thiar den íomhá, bhí intleacht láidir agus daonnacht dosháraithe ann, gnéithe a léirítear na litreacha grá a chuir sé chuig an bhean a phós sé, Hanna Sheehy.

Bhunaigh an bheirt agus daoine eile an Irish Women’s Franchise League le troid ar son cearta na mban agus nuachtán, The Irish Citizen, leis an teachtaireacht a chraobhscaoileadh.

Chomh maith le bheith ina fheimineach luath, bhí Francis Sheehy Skeffington (ghlac sé ainm a mhná i ndiaidh iad pósadh), bhí Frank ina shíochánaí diongbháilte.

Cé go raibh sé ag obair go díograiseach ar son neamhspleáchas na hÉireann, bhí sé dubh in éadan an Éirí Amach agus an doirteadh fola ach ag an deireadh, dúirt sé; ““Well, I’ve helped to wind up the clock -- I might as well hear it strike!”

Nach íorónta gur maraíodh Frank i gceann de na heachtraí ba náirí le linn an Éirí Amach.

Thóg grúpa saighdiúirí é agus é ar a bhealach chun an bhaile agus tugadh faoi chúram an Chaptaen JC Bowen-Colthurst é.

Thart ar a 10in, thug Bowen-Colthurst Sheehy Skeffington amach ar ruathair, ag inse dá chuid saighdiúir é a mharú dá scaoilfí leo. San eachtra céanna, mharaigh an t-oifigeach Sasanach James Coade agus Richard O’Carroll agus thóg siad beirt iriseoir, Thomas Dickson agus Patrick McIntyre.

An lá dár gcionn, d’ordaigh Bowen-Colthurst go marófaí an triúr.

Nach íorónta arís é gur chuir marú síochánaí go mór le coimhlint mhíleatá an Éirí Amach?

Beidh Sheehy Skeffington - Síochánaí le feiceáil ar TG4 anocht, Lá idirnáisiúnta na mBan, ar an 8 Márta ar 9.30in.