Irish-Language

Léargas álainn ar bhean a d’fhreastail ar dhá thrá

AN DÁ THRÁ: An t-ealaíontóir damhsa Maureen Fleming i mbun píosa coragrafaíochta a chum sí féin dar teideal Mother and Child, damhsa a théann leis an an dán The two ebbs de chuid Mháire Mhic an tSaoi sa scannán iontach, DeargdhúIl
AN DÁ THRÁ: An t-ealaíontóir damhsa Maureen Fleming i mbun píosa coragrafaíochta a chum sí féin dar teideal Mother and Child, damhsa a théann leis an an dán The two ebbs de chuid Mh&aac AN DÁ THRÁ: An t-ealaíontóir damhsa Maureen Fleming i mbun píosa coragrafaíochta a chum sí féin dar teideal Mother and Child, damhsa a théann leis an an dán The two ebbs de chuid Mháire Mhic an tSaoi sa scannán iontach, DeargdhúIl

Is rud annamh é go mbíonn clár teilifíse faoi na healaíona chomh tarraingteach, álainn leis an bhunábhar ach sin mar atá sé le Deargdhúil, scannán Paula Kehoe ar an fhile Gaeilge, Máire Mhac an tSaoi.

Meallann Deargdhúil an chluas agus an tsúil agus an intleacht agus ní bheadh sé amhlaidh mura mbeadh file chomh cumhachtach paiseanta sin is atá Máire Mhac a tSaoi.

Mealltar an chluas le saothar Mhic an tSaoi, bean a d’ardaigh glór suaiteach faoi thaithí mhná na hÉireann ina cuid filíochta, beag beann ar cheartchreideamh a linne.

I dtír a raibh cúrsaí collaíochta faoi cheilt go háirithe i gcás na mban, chuir sí síos go fileata ar chúrsaí gnéis, ba chuma cé a bhí ina éadan.

“Beagbheann ar amhras daoine/Beagbheann ar chros na sagart/Ar gach ní ach bheith sínte/Idir tú agus falla”.

Seo mothúcháin nach luaitear ach i gcogar agus sin mar a thosaíonn an scannán, ón tost go dtí an cogar.

Tá domhan téisiúil na gcéadfaí le mothú fosta sna damhsaí a dhéanann comóradh ar na dánta, colainn seang Maureen Fleming ag lúbarnaíl agus ag streachailt i ngúna dearg agus cuireann an cholainn brí bhreise i bhfriotal Mhic an tSaoi.

Difriúil ar fad atá míreanna eile in Deargdhúil ach spreagann siad rud éigin ionainn - radharcanna iontacha de Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath sna 50í (b’fhéidir), agus na scannáin bhaile a rinne muintir Mhic an tSaoi i nGaeltacht Chiarraí.

Throid athair Mháire, Seán Mac an tSaoi – a tháinig ar an saol i gCearnóg an Choláiste i mBéal Feirste – in Ardoifig an Phoist in Éirí Amach na Cásca agus tháinig sí féin ar an saol i 1922, an bhliain chéanna inar bunaíodh an stát ó dheas.

Uncail di a bhí sa scoláire ilghnéitheach an Monsignor Pádraig de Brún. Bhí de Brún sa chillín i gcillín a charad, Sheáin Mhic Dhiarmada, an oíche sular cuireadh chun báis i 1916 é. Bhí a oiread oiread sin dobróin air gur imigh sé leis go Gaeltacht Chiarraí agus an aidhm aige sochaí ceart, cóir agus Gaelach a thógáil.

Chaitheadh mhuintir Mic an tSaoi míonna i dteach Phádraig i nDún Chaoin.

“I nGaeltacht Chorca Dhuibhne, bhí gach éinne ábalta ar véarsaí a chur i dtoll a chéile,” arsa Máire,

“agus an chaint féin ba gheall le filíocht í.”

Ní nach ionadh gur mhúnlaigh saol seo na Gaeltachta an file óg agus í ag fás aníos chomh maith leis an tionchar a d’imir a máthair ionúin, Margaret, uirthi. Bhí Margaret ina múinteoir Alexandra College ar ar fhreastal a hiníon.

Thit Máire go domhan i ngrá le scoláire Ceilteach ach mar atá a fhios againn uilig, phós sí duine de na polaiteoirí is conspóidí den chéad seo caite, Conor Cruise O’Brien.

Tá ráite ag Séamus Heaney go bhfuil tréith láidir i measc na nGael gur féidir leo bheith beo i ndá shaol ag an am amháin agus admhaíonn Mac an tSaoi go bhfuil sí féin mar sin ag tús Deargdhúil.

“I do feel as if I had two lives,” ar sí, “one of which now continues only inside my head.”

Deir Máire fosta go meabhraíonn sí go bhfuil sí ag scríobh do phobal léitheoireachta nach ann do níos mó.

Feictear “dearg” i bhfoclóir Dinneen thar 60 uair, mar mhír agus mar fhocal iomlán.

Ciallaíonn deargdhúil “a terrible longing or desire” agus tá dearg-ghrá - intense love, dearg-ár - great slaughter agus fiú amháin, dearg-ór - real gold ann.

Is léir gur bean phaiseanta í Máire Mhac an tSaoi agus tá an scannán seo déanta leis an phaisean chuí.

Tá an ceol ar dóigh síos fríd an scannán, é cumtha ag Colm Mac an Iomaire agus tá píosaí eile le Caoimhín Ó Raghallaigh agus Dan Trueman le cluinstin.

Beidh Deargdhúil le feiceáil ar TG4 Dé Máirt 15 Márta ar 9.30pm.