Irish-Language

Ceol ó thaobh na dtaobhann

The BACHELORS: Muintir Closkey, Con agus Dec, agus John Stokes (i lár)
The BACHELORS: Muintir Closkey, Con agus Dec, agus John Stokes (i lár) The BACHELORS: Muintir Closkey, Con agus Dec, agus John Stokes (i lár)

IS iontach líon na ngrúpaí teaghlaigh a bhain clú agus cáil amach dóibh féin sa bhaile in Éirinn agus thar lear.

Sé theaghlach ceolmhar atá mar ábhar ag Ceol ón Chlann, sraith úr teilifíse ar TG4, ina measc beidh muintir Shannon, muintir Uí Bheaglaoich, muintir McManus (an cuimhin libh na Mama’s Boys), muintir McSherry (Tamalin), muintir Murphy (The Four of Us), agus muintir Closkey (The Bachelors).

Clanna Éireannacha iad seo a raibh agus a bhfuil áit bainte amach acu i seanchas an cheoil.

Tugann Ceol ón Chlann léargas dúinn ar a n-aistear ceoil chomh maith leis an tionchar a bhí ag oidhreacht cheoil a sinsir ar cheol s’acu féin.

Is í Pádraigín Ní Uallacháin scéalaí na sraithe agus tá cuid mhór ceoltóirí iomráiteacha páirteach sa tsraith ina measc Sharon Shannon, Pat McManus, Dónal Lunny, Barry Devlin, Áine Hensey, Brendan agus Declan Murphy, Jim Lockhart, Séamus agus Breanndán Ó Beaglaoich, John McSherry, Lynette Fay, Con agus Dec Cluskey, John Toal, Robert McMillen (ahem) agus Neil Martin.

Léirigh Stirling Productions Ceol ón Chlann do TG4 le tacaíocht ón Ciste Craoltóireacht Gaeilge (CCG).