Irish-Language

An comhlacht atá i ngach teach Gaelach le seasca bliain anuas

Ceannasaí TG4 Pól Ó Gallchóir agus é ag bronnadh an ghradaim ag comóradh 1916 ar Antoine Ó Coileáin atá ina Phríomhfheidhmeannch ar Ghael Linn
Ceannasaí TG4 Pól Ó Gallchóir agus é ag bronnadh an ghradaim ag comóradh 1916 ar Antoine Ó Coileáin atá ina Phríomhfheidhmeannch ar Ghael Linn Ceannasaí TG4 Pól Ó Gallchóir agus é ag bronnadh an ghradaim ag comóradh 1916 ar Antoine Ó Coileáin atá ina Phríomhfheidhmeannch ar Ghael Linn

An comhlacht atá i ngach teach Gaelach le seasca bliain anuas

AGUS go leor againn ag fás aníos, bhí sé de phléisiúr againn bheith ag cur ceirníní beaga dubha ar an seinnteoir ceirníní le héisteacht leis an chuid is fearr den cheol traidisiúnta nó leis an amhránaíocht Ghaeilge.

Ar an lipéad buí, dubh, dearg agus ban, bhí an t-ainm Gael Linn.

Má bhí muid ag éisteacht le Emmet Spiceland agus Báidín Fheilimidh nó albaim iontacha ar nós Ó Riada sa Gaeity, Skara Brae, nó In Knocknagree le Noel Hill agus Tony MacMahon, eispéireas a bhí ann a mhúscail rud éigin draíochta ionainn.

Ach ní ar mhaithe leis an cheol amháin a thuill Gael Linn clú agus ómós.

Ní iontas ar bith é mar sin gur bhronn TG4 Gradam speisialta i gcuimhne ar 1916 bronnta ar an eagraíocht. Is de bharr a saothair le breis agus trí scór bliain ar cheol agus ar scannánaíocht a bronnadh an gradam seo ar Gael Linn ag ócáid bhronnta Gradam Ceoil TG4 sa Cheoláras i gCathair Chorcaigh.

Bunaíodh Gael Linn sa bhliain 1953 agus é mar aidhm acu gníomh fónta a dhéanamh don Ghaeilge.

Trí mheán linnte peile, d’éirigh leo airgead a bhailiú le caitheamh ar thograí sna réimsí oideachais, na meán agus na tionsclaíochta.

Ó thús, ba chás le Gael Linn go mbeadh fáil ag an mórphobal ar oidhreacht shaibhir chultúr na nGael. Bhí ainm an eagrais i mbéal an phobail go luath, a bhuíochas sin do chlár urraithe ar Radio Éireann gach seachtain.

Baineadh leas as na cláir seo chun ceol agus amhráin den scoth a chur i láthair an phobail.

Cruthaíodh na nuacht-scannáin Amharc Éireann le go mbeadh Gaeilge sna pictiúrlanna.

I bhforbairt nuálach eile sa réimse seo, tugadh coimisiún do George Morrison chun na scannáin fhaisnéise Mise Éire agus Saoirse a stiúradh, rud rinne sé go healaíonta. Seán Ó Riada a chum an ceol don dá scannán, ceol atá imithe go mór i bhfeidhm ar mheon an phobail ó shin agus a bhfuil borradh nua faoi i mbliain seo an chomórtha céid ar Éirí Amach 1916.

Bhunaigh Gael Linn amharclann An Damer i mBaile Átha Cliath fosta sna 1950í le drámaí Gaeilge a léiriú agus spreag sé drámadóirí le dul i mbun pinn, ag chothú lucht leanúna a bhí an-dílis.

Ní beag an oidhreacht atá cruthaithe ag an chomhlacht. Tá Gael Linn ag cothú grá don Ghaeilge sna glúnta ó bunaíodh í.

Ina chartlann físe agus fuaime, faightear léargas sainiúil ar shaol agus ar shaíocht na hÉireann, ar a n-áirítear samplaí den scoth de cheol agus d’amhránaíocht thraidisiúnta. Ó Oícheanta Seanchais na 1950í, go Siamsaíocht@6, tá Gael Linn ag cur an chultúir Ghaelaigh ar ardáin na hardcathrach.

Trí Shlógadh agus anois trí Siansa, Scléip agus trí beartais eile, tá an comhlacht ag mealladh daoine óga le barr feabhais a bhaint amach sna healaíona dúchasacha ar fud na tíre.

Is eagraíocht Ghaeilge ar leith é Gael Linn toisc a shainmheon fiontraíochta agus toisc go mbíonn sí ag brath ar thacaíocht ón bpobal. Mar cheanneagraíocht atá aitheanta ag Foras na Gaeilge, féachann Gael Linn leis an nGaeilge a fhorbairt sa réimse oideachais agus le deiseanna úsáide a chruthú d’fhoghlaimeoirí. Reáchtáiltear a chuid scéimeanna ar fud na hÉireann agus tá oifigí aici i mBaile Átha Cliath agus in Ard Mhacha.

Inniu, seo mar a chuireann an t-eagras a ról i bhfriotal: “An Ghaeilge agus a cultúr a chothú agus a chur chun cinn ar fud Éire uile mar bheotheanga agus mar léiriú féiniúlachta.”

Ag glacadh na duaise ghabh Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Ghael Linn buíochas le bunaitheoirí Gael Linn, le foireann Ghael Linn, le Bord agus le Cuideachta Gael Linn agus le mórphobal na hÉireann a thacaíonn linn i gcónaí.’

Eagraíonn Gael Linn cúrsaí Gaeltachta do dhéagóirí agus do dhaoine fásta – breis eolais www.gael-linn.ie