Irish-Language

Féile ina mbeidh smaointe móra á bplé

 SAMHLAIGH É: Ní bhíonn Nuala McKeever chomh faiteach seo de ghnáth agus níor cheart go mbeadh mar tá clár spreagúil d’imeachtaí beartaithe don fhéile Imagine! a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn
SAMHLAIGH É: Ní bhíonn Nuala McKeever chomh faiteach seo de ghnáth agus níor cheart go mbeadh mar tá clár spreagúil d’imeachtaí beartaithe don fhéile Imagine! a bheidh ar si&uacu SAMHLAIGH É: Ní bhíonn Nuala McKeever chomh faiteach seo de ghnáth agus níor cheart go mbeadh mar tá clár spreagúil d’imeachtaí beartaithe don fhéile Imagine! a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn

Ar The Nolan Show an tseachtain seo, ba iad na hábhair a bhí faoi chaibidil an ginmhilleadh, tinte cnámh agus daoine ag caitheamh pitseámaí agus iad amuigh ag na siopaí.

Cé gur ceist ríthábhachtach í an ginmhilleadh, is léir ón dá mhír eile nach clár é The Nolan Show le ceisteanna a phlé go mion, ar bhonn intleachtach, bunaithe ar fhíricí agus ní ar smaointe daoine atá aineolach ar na hábhair a bhfuil siad ag caint orthu.

Is beag clár ar nós The Nolan Show agus cláracha nuachta agus faisnéise atá le feiceáil ó thuaidh go domhan isteach i scéal ar bith agus tá i bhfad barraíocht “deir X seo ach deir T siúd.

Ba cheart mar sin fáilte a chur roimh an dara Féile Imagine: Féile Smaointe agus Polaitíochta Bhéal Feirste a bheidh ar siúl idir an 14-20 Márta agus an sprioc aige réamhbharúlacha a phléascadh agus dearcadh daoine a leathnú amach a oiread agus is féidir faoin mhana “Start Making Sense”!

Ach tosóidh mé le gearán. Níl oiread agus tagairt amháin sa chlár (go bhfios dom) don Ghaeilge.

Dar liomsa, is cuid de thodhchaí shamhlaíoch i bhforbairt na cathrach í an Ghaeilge agus níl pobal a labhartha ach ag fanacht leis an deis é sin a chruthú ach tiocfaidh sé luath nó mall.

Tá toghcháin don Tionóil ar na bacáin agus comórtha tábhachtacha ar imeachtaí tromchúiseacha na staire mar sin tá sé tráthúil go mbeidh Imagine! ag eagrú plé agus cainteanna, ceardlanna, amharclannaíocht, greann, taispeántais, agus turasanna le “smaointe móra” a iniúchadh.

Tá bunús an 80 imeacht saor in aisce, in 25 ionad ar fud na cathrach agus beidh fáilte roimh an uile dhuine, idir ghníomhaithe, agus rompu sin nach bhfuil suim ar bith acu sa pholaitíocht, roimh idéalaithe agus roimh chinicithe.

Tá an-chlú ar chuid de na cainteoirí a bheidh ár spreagadh - nó ár gcur ar mire - agus sin bua iontach, nach mbeidh bheith ag múineadh méileach don uan (preaching to the converted) i gcónaí ann.

Tá mé ag dúil go mór le caint Ruth Dudley Edwards ar Seachtar na Cásca i caint dár teideal The Seven.

Ní strainséara ar bith don chonspóid í Ruth, banríon na n-athbhreithniúchóirí, ach is fiú go mór bheith ag éisteacht le daoine na n-aontaíonn muid leo. Beidh Ruth Dudley Edwards ag caint sa Group Space i Hall Uladh ar an Chéadaoin 16 Márta, idir 1in - 2in.

Fear a bhfuil meas agam ar a chuid polaitíochta is ea an t-iriseoir Owen Jones agus beidh seisean ag caint ar Pholaitíocht an Dóchais sa Bhosca Dubh ar Lá na Féile Pádraig ar a 7.30in.

Labhróidh sé ar an dóigh a dtig le pobail feidhmiú le leas an aicme oibre.

Ar na gnéithe idirnáisiúnta, tá mé ag dúil go mór leis an chomhrá idir an file Meiriceánach atá ina chónaí i mBéal Feirste, Chris Agee, agus duine de na staraithe is mó meas maidir le coimhlint idir Arabaigh agus an Iosrael, an tOllamh Avi Shlaim ó Ollscoil Oxford.

Rugadh an tOllamh san Iaráic agus is fiú altanna dá chuid ar an Guardian a léamh. The Iron Wall: Israel and the Arab World an leabhar is déanaí uaidh.

D’éirigh go hiontach leis an dá leagan is déanaí d’Irish Pages, dhá imleabhar ag comóradh shaol agus shaothar Seamus Heaney agus tá Chris ag obair ar an chéad eagrán eile den iris, Israel, Islam & The West.

Beidh díospóireachtaí ar an daonlathas i dTuaisceart Éireann (ocsamórón?);

Brexit; 1916; an Chéad Chogadh Domhanda agus oidhreachta na coimhlinte anseo.

Beifear ag plé cad is Éireannachas ann fosta, mar sin, b’fhéidir go bhfaighidh an Ghaeilge an spotsolas ansin ach tá an ócáid seo luaite i measc imeachtaí “Fhéile Ailtéarnach Naomh Pádraig” fána “affectionate and oh-so-slightly irreverent touch, ie Pilgrimage, Pints and a Parade, iniúchadh greannmhar ar Éireannachas Naomh Pádraig.

Oh dear.