Irish-Language

Siamsaíocht agus foghlaim le fáil in Åras Mhic Reachtain

THE BONNY MEN: Beidh an grúpa óg ceoil ar cheann de bhuaicphointí na bliana in Åras Mhic Reachtain i dtuaisceart sna míonna atá romhainn ach beidh daoine ag dúil go mór le Ó Pheann an Phiarsaigh le Noel Ó Gallchóir agus Sean-Nós na Fearsaide
THE BONNY MEN: Beidh an grúpa óg ceoil ar cheann de bhuaicphointí na bliana in Åras Mhic Reachtain i dtuaisceart sna míonna atá romhainn ach beidh daoine ag dúil go mór le Ó Pheann an Phiarsaig THE BONNY MEN: Beidh an grúpa óg ceoil ar cheann de bhuaicphointí na bliana in Åras Mhic Reachtain i dtuaisceart sna míonna atá romhainn ach beidh daoine ag dúil go mór le Ó Pheann an Phiarsaigh le Noel Ó Gallchóir agus Sean-Nós na Fearsaide

Cé go bhfuil an aimsir go dona taobh amuigh, tá Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain ag reáchtáil clár spéisiúil imeachtaí ina lárionad úr ar Bhóthar Aontroma i mBéal Feirste, Áras Mhic Reachtain.

Tá an tÁras, atá os comhair na nOibreacha Uisce, ina lárionad do lucht na Gaeilge agus do dhaoine atá ag iarraidh blas beag a fháil ar an teanga den chéad uair.

Is áis ar leith í ina bhfuil seomraí ranga, spásanna siamsaíochta agus oifigí ar fáil in ionad nua do ghnólachtaí agus d’imeachtaí trí mheán na Gaeilge.

Creideann Ferdia Carson, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain (CCMR) go bhfuil an cumann ag bailiú nirt agus gur léir sin sna himeachtaí atá le teacht.

“Tá a lán imeachtaí éagsúla ar siúl againn faoi láthair agus tá rud éigin ann d’achan duine agus tá muid ag tnúth go mór le trí dheireadh seachtaine go háirithe,” ar sé.

Ar an Satharn, 6 Feabhra, beidh Sean-Nós na Fearsaide ar siúl, ceardlanna amhránaíochta le scoth na gceoltóirí, Antaine Ó Faracháin, Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, Síle Denvir agus Doiminic Mac Giolla Bhríde. An oíche sin, seolfaidh Doiminic Mac Giolla Bhríde a CD úr Sona do Cheird i mBéal Feirste in Áras Mhic Reachtain.

Is é seo an cúigiú CD a d’éisigh Doiminic agus ar an albam, gheobhaidh tú 13 amhrán atá cóirithe go snasta le píb uilleann, bosca ceoil, pedal-steel guitar, cláirinéad agus dord mór. Fuair ab Conallach an fhilíocht de ocht gcinn de na hamhráin as Dhá Chead de Cheoltaibh Uladh, bailiúchán clúiteach amhrán a d’fhoilsigh Énrí Ó Muirgheasa siar in 1934.

Tá na foinn de na hamhráin áirithe seo caillte le fada ach chum Doiminic foinn úra dóibh. Chum Niall Ó Gallchóir, file as Albain, ceann eile agus chuir Doiminic fonn leis.

An mhí seo chugainn, 5 Márta, beidh muid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge le cúrsa Gaeilge do gach leibhéal, bunrang go hardrang agus ceolchoirm mhór san oíche le grúpaí óga iontacha, Abhainn Bhearra agus Fonn.

Ar bhuaicphointí na bliana, beidh hAoine 1ú Aibreán agus beidh an dráma Ó Pheann an Phiarsaigh’ le Noel Ó Gallchóir agus an lá i ndiaidh sin, beidh na sluaite ag tarraingt ar Áras Mhic Reachtain leis na Bonnymen a fheiceail.

Ar a bharr sin, beidh Scoil Samhraidh Clúiteach ar siúl i rith an tsamhraidh idir 25 - 30 mí Iúil le ranganna Gaeilge, ceardlanna amhránaíochta agus ceolchoirmeacha le ceoltóirí ar leith mar shampla John Spillane agus Gráinne Holland.

Le tuilleadh eolais a fháil, nó le freastal ar na himeachtaí, déan teagmháil le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, le do thoil, ar 028 90 749688 nó cuir ríomhphost chuig eolas@mhicreachtain.com.