Irish-Language

Sraith eipiciúil faoi Éirí Amach 2016

RÉABHLÓID CHEOIL: Faigheann leaganacha Gaeilge de rianta ar nós Town Called Malice le The Jam, Frankly Mr Shankly de chuid The Smiths agus Video Girl le FKA Twigs beocht úr agus na carachtair ag streachail chun clú ar líne a bhaint amach sa tsraith úr Eipic ar TG4
RÉABHLÓID CHEOIL: Faigheann leaganacha Gaeilge de rianta ar nós Town Called Malice le The Jam, Frankly Mr Shankly de chuid The Smiths agus Video Girl le FKA Twigs beocht úr agus na carachtair ag streachail chun clú ar l& RÉABHLÓID CHEOIL: Faigheann leaganacha Gaeilge de rianta ar nós Town Called Malice le The Jam, Frankly Mr Shankly de chuid The Smiths agus Video Girl le FKA Twigs beocht úr agus na carachtair ag streachail chun clú ar líne a bhaint amach sa tsraith úr Eipic ar TG4

Tá TG4 ar bís go bhfuil an ceoldráma ainrialta grinn Eipic réidh le pléascadh ar scáileáin teilifíse an mhí seo chugainn, sraith atá scríofa ag Mike O’Leary, duine de scríbhneoirí an dráma clúiteach Misfits ar E4, sraith a raibh an-tóir ag daoine óga air. Craolfar EIPIC ar TG4 ag a 10in ar feadh sé sheachtaine ón Déardaoin, 4 Feabhra, 2016.

Is dráma neamhghnách lo-fi é EIPIC a thaistealaíonn i gcuideachta cúigear déagóirí tuaithe a ghlacann seilbh ar an oifig an phoist tréigthe ina gceantar in 2016 le tús a chur le réabhlóid cheoil.

Á inse le meascán den drámaíocht nádúrtha agus tréimhsí réalachas ceolmhar draíochta, seo The Commitments do Ghlúin Y na mílaoise - scéal cróga faoin éalú, faoin chumasú agus faoin ciall atá le bheith i do “laoch” déagóra faoi thuath na hÉireann sa lá atá inniu ann - agus comóradh Éirí Amach 1916 sa chúlra.

Nuair a chloiseann Sully, fear óg tuaithe nach dtuigeann aon duine, faoi chomórtas físeáin cheoil ar líne, glacann sé leis mar bhealach éalaithe ó ghruaim a bhaile dhúchais, Dobhar. Cuireann sé buíon

ina bhfuil agus éanacha corra agus spreasáin an bhaile le chéile in éirí amach in éadan an leadráin, dóchas ina gcroíthe go sciobfaidh an t-éacht iad óna bhaile suarach dúchais do dtí an t-ardán náisiúnta. Cén fáth an bhfuil sé á dhéanamh seo? Bhuel, cionn is gur dhúirt cara mistéireach ar líne - atá an-chosúil le Michael Collins - amhlaidh a dhéanamh.

Agus an bhuíon á spreagadh ag an neach gan ainm ar líne seo, briseann siad isteach i mballóg sheanteach an phoist mar cheanncheathrú agus mar an t-aon lóchrann dóchais atá acu tús a chur le héirí amach - réabhlóid sa cheol. Tráth ar féidir le rud ar bith imeacht mearscaipthe, féiceann muid gur ann do chineál úr de dhéagóir tuaithe, meascán corraitheach den réadúlacht agus den fhíorúil, an áitiúil agus an domhanda.

Arsa scríbhneoir EIPIC, Mike O’Leary: “Tá saothar ceannródaíoch atá ag athrú mhúnla chlár teilifíse don óige - más ceart an téarma sin a úsáid a thuilleadh - ar an taobh eile de Mhuir Éireann le blianta beaga anuas. Bhí géarghá sa seánra do chlár a raibh gné shainiúil Éireannach san fheiniméan thar a bheith uilíoch seo - ag fás aníos.

“Bhí údarás, fírinne agus fiántas mar bhunphrionsabail agam agus mé ag cruthú saol EIPIC, ach bhí coincheap amháin i gcónaí i gcúl m’intinne: ba cheart go mbeadh seo cosúil le dráma teilifíse a scríobhfadh Flann O’Brien ar an Luan i ndiaidh na Picnice Aibhléise.”

I gcroí EIPIC, is dráma é faoi dhul in aibíocht, ag briseadh saor agus ag aimsiú d’fhéiniúlachta pearsanta féin. Is seó ensemble é faoi streachailt a dhéanamh in éadan ollchonstaicí an tsaoil fríd an cheol.

Beidh an chéad chlár eipiciúil le feiceáil ar TG4 ar an 4 Feabhra ar a 10in.