Irish-Language

Súil siar ar bhuaicphointí ealaíne na bliana seo caite

BREABACH: Bhí an grúpa Albanach ar cheann de bhuaicphointí ceoil na bliana seo caite chomh maith le hAon Teanga (thíos)
BREABACH: Bhí an grúpa Albanach ar cheann de bhuaicphointí ceoil na bliana seo caite chomh maith le hAon Teanga (thíos) BREABACH: Bhí an grúpa Albanach ar cheann de bhuaicphointí ceoil na bliana seo caite chomh maith le hAon Teanga (thíos)

Tá mí Eanáir baiste as an dia Rómhánach Janus, dia na dtús agus na n-athruithe a fheiceann muid agus dhá aghaidh air. Seo cionn is go n-amharcann sé siar agus chun tosaigh ag an am céanna.

Ag amharc siar a bheas mé san alt seo, siar ar na himeachtaí as ar bhain mé sult in 2015.

Bhí mé ag níos nó na 25 imeacht ealaíne le linn na bliana agus a bhuíochas do complachtaí agus do cheoltóirí agus do na daoine a chuireann na himeachtaí seo ar siúl, bhí bliain thar a bheith bisiúil ó thaobh an cheoil de.

Thit mé faoi dhraíocht ag Aon Teanga, grúpa ceoil ina bhfuil Gaeilge, Gàidhlig agus Gaelg á cheol ag Eoghan Ó Ceannabháin, Mary Ann Kennedy agus Ruth Keggin (san ord sin). D’fhéadfadh an triúr sean-chlaisicí na dtraidisiún sin a cheol ach bhí samhlaíocht agus nuálaíocht ag baint leis na hamhráin agus leis an chur i láthair a roghnaigh siad agus bhí an lucht éisteachta i gCultúrlann McAdam O Fiaich sna flaithis ag éisteacht le trí ghuth chomh binn sin.

San ionad ceanna, bhí grúpa Albanach a bhfuil an-mheas agam air, Breabach ag seinm i mí Bealtaine.

Bhí na píosaí a sheinn siad mar a bheadh siomfóin iontu, ag cruthú pictiúr iontacha i samhlaíocht an éisteora. Is léir go bhfuil tuiscint domhan ag gach ball den bhuíon ar an cheol dúchais ach déanann siad rud éigin draíochta leis na foinn atá ar fheabhas.

Ar bhuaicphointí eile na bliana, bhí Aldoc sa Duncairn dhá uair agus gach gig acu spleodrach, sultmhar, spraíúil - tá an bhuíon ar na grúpaí is fearr liom i seánra ar bith; bhí Túcán thar barr le linn an Chabaret Craiceáilte i gCaisleán Uidhilín, gig iontach ina raibh Bréag agus amhránaithe ón Ghaeltacht i mbun ceoil; bíonn meascán iontach i gcónaí ann le linn Fhéile an Droichéad agus i mbliana bhí oíche amháin ina raibh fathaigh an cheoil traidisiúnta – Liam O’Flynn, Neil Martin Paddy Glackin agus Michael Ó Súilleabháin – ar ardán na Chéad Eaglaise Preispitéirigh i Sráid Róismháire i mBéal Feirste agus an oíche dár gcionn, bhí Ensemble Ériu ag cur an cheoil dúchais i láthair ar dhóigh thar a bheith úr. Agus, má thaitníonn a chuid ceoil le Tony MacMahon, níl sé ag imeacht i bhfad o na fréamhacha!

Tá John O’Connor agus John McSherry ar ais i gcuideachta Sean Óg Graham agus bhí Ulaidh mar a thugtar orthu ag seinm sa Duncairn, oíche eile ina léiríodh go bhfuil fadmharthanacht sa cheol go fóill.

Ó thaobh an phopcheoil - más sin an focal ceart, má tá Dia ann, beidh an grúpa Runaby i mbéal an pobail roimh i bhfad. Google iad.

Bhí cúrsaí drámaíochta thar barr i mbliana fosta - ach chonaic mé turcaí amháin!

Léiríodh Arrivals 2 sa Crescent Arts Centre agus bhí sé ar an chaighdeán ard céanna leis an chéad Arrivals. Sé ghearrdhráma le drámadóirí aitheanta atá in Arrivals, saothar a chuireann síos ar na hinimircigh as tíortha éagsúla atá i ndiaidh theacht go Béal Feirste ar mhaithe le saol úr a bheith acu.

Oscailt súl a bhí ann ar na daoine atá ar imeall an tsochaí anseo. An mbeidh Arrivals 3 againn? Tá súil agam.

Beidh sé deacair Sean O’Casey a sheachaint i mbliana agus comórtha éagsúla Éirí Amach 1916 ar siúl. Chonaic mé The Shadow of a Gunman ag an Lyric Theatre. Thaitin an léiriú a rinne Wayne Jordan de The Plough and the Stars and bhí an Gunman ar an chaighdeán ceanna.

Má tá clú domhanda ar Sean O’Casey is beag duine a chuala faoi DS Murray. Scríobh Murray Sequamur, dráma i nGàidhlig faoin Chéad Chogadh Domhanda faoi phríomhoide a mhol dá dhaltaí éide saighdiúra a chaitheamh agus troid an Chogadh Mhór sin.

Ba é an chéad dhráma Gáidhlig a chonaic mé riamh agus an chéad uair dom bheith ag amharclann The Belvoir Players.

An turcaí a chonaic mé – Christmas Eve can Kill You – bhuel, silim gur mithid dúinn an tua a bhaint amach don dráma airithe seo atá 25 bliain d’aois ach ní ag dul chun feabhais atá sé!

Níl le déanamh agam anois ach mo dhialann do 2016 a líonadh!