Irish-Language

Ciorruithe ina chúis imní ag eagraíochtaí Gaeilge sa tuaisceart

 Ionadaithe ó 11 ghrúpa Gaeilge a raibh cruinniú acu le Foras na Gaeilge, cruinniú a chuir idir fhearg agus uafás orthu a deir siad
Ionadaithe ó 11 ghrúpa Gaeilge a raibh cruinniú acu le Foras na Gaeilge, cruinniú a chuir idir fhearg agus uafás orthu a deir siad Ionadaithe ó 11 ghrúpa Gaeilge a raibh cruinniú acu le Foras na Gaeilge, cruinniú a chuir idir fhearg agus uafás orthu a deir siad

Tá idir fhearg agus uafás ar eagraíochtaí logánta Gaeilge i ndiaidh iad cruinniú a bheith acu le Foras na Gaeilge maidir le Scéim Phobail Gaeilge. 2016-2020.

Tharla an cruinniú, ar a raibh ionadaithe ón 11 ghrúpa ó thuaidh atá á maoiniú faoi láthair, an tseachtain seo caite agus cuireadh mionsonraithe chaiteachas na scéime úire faoi bhráid na n-ionadaithe.

Seachtain roimhe, dúirt an Foras go raibh siad ag cur fáilte roimh iarratais ó eagraíochtaí pobail ar Scéim Pobal Gaeilge a bheadh i bhfeidhm idir 2016 agus 2020, a ceadaigh An Comhairle Aireachta Thuaidh Theas ar an 6 Samhain.

“Tiocfaidh an scéim athbhreithnithe i gcomharbacht ar an mbabhta reatha de Scéim Phobail Gaeilge, faoina bhfuil 19 ndeontaí á maoiniú go dtí Meitheamh 2016,” a dúirt an Foras. “Cuirfidh an scéim seo suas le €154,000/£124,500 de dheontas ar fáil do choistí thar thréimhse ceithre bliana agus é mar aidhm aige líon na bpobal a fhaigheann deontas a mhéadú ó 19 ndeontaí go 26 dheontaí faoin mbabhta úr den scéim.”

Tá Sue Pentel ina stiúrthóir ar Ionad Uíbh Eachach in iarthar Bhéal Feirste agus níor chuir sí fiacail ann.

“Ní féidir go n-oibreodh na moltaí seo agus cuirfidh siad de dhroim seoil agus laghdóidh siad an cumas ata ag grúpaí logánta Gaeilge, muid féin ina measc, príomhsheirbhísí a chur ar fail don phobal agus an t-éileamh atá ag teacht ón phobal sin ag dul i méid i rith an ama.?

“Tá siad ag iarraidh orainn uaireanta na n-oibrithe deonacha s’againn go dtí ceithre lá sa tseachtain agus ag an am ceanna, ag díothú an mhaoinithe atá le fáil acu le tograí pobail a chur sa tsiúl, rudaí tábhachtacha cosúil le soláthar do dhaoine óga, cumainn iar-scoile, ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, feilte samhraidh agus araile.

“Mar bharr ar an donas, ní bheidh cead ag na grúpaí Gaeilge cur isteach ar dheontais bheaga de chuid an Fhorais ach iarrfar orthu cuidiú le grúpaí ón earnáil Bhéarla iarratais a chur isteach ar son phobal na Gaeilge.

Dúirt an Foras gur “eascair na hathruithe ar Scéim Phobail Gaeilge 2011-2013 ó phróiseas comhairliúcháin a léirigh an ról lárnach atá ag Oifigigh Forbartha Gaeilge i bhforbairt na Gaeilge i measc an phobail agus tá sé mar aidhm ag an scéim athbhreithnithe forbairt a bhuanú ar bhonn logánta agus fadtéarmach.”

Ach measann grúpaí Gaeilge ó thuaidh go raibh sé indéanta cothromas tíreolaíochta a bhaint amach agus go raibh pionós trom a cur ar eagraíochtaí a bhí ag éirí leo in áiteanna a raibh ard-éileamh ar ar seirbhísí.

“Ar tús, cuireadh litreacha amach ag fógairt ciorruithe suas go dtí 31% sa mhaoiniú go dtí mí Meithimh 2016, rud a dhíothaigh costais uilig a bhain le cláracha pobail.” arsa Sue Pentel.