Irish-Language

Cad is brí le “Saor agus Gaelach” in 2016?

An bhfuil saoirse bainte amach againn i dtír Ghaelach go fóíll?
An bhfuil saoirse bainte amach againn i dtír Ghaelach go fóíll? An bhfuil saoirse bainte amach againn i dtír Ghaelach go fóíll?

AN rud is mó a bhfuil mé féin ag dúil leis agus muid ag comóradh agus/nó ag ceiliúradh 1916, ná an cur agus an cúiteamh.

Is breá liom bheith ag éisteacht le daoine léannta (ní hionann léannta agus ciallmhar, ar ndóigh) agus iad ag cur síos ar ghnéithe den tsaol a bhfuil suim agam iontu.

Tá spéis agam sa stair, sa chultúr agus i dteangacha agus an mhí seo, déanfar plé ar ghluaiseacht na Gaeilge roimh Éirí Amach na Cásca 1916 i gcomhthéacs na linne ina maireann muid inniu.

Tarlóidh an díospóireacht ag seimineár dátheangach poiblí – atá á eagrú ag Oifig na Gaeilge, TCD, agus Conradh na Gaeilge – in Áiléar Eolaíochta Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ar 7.00in Dé Luain seo chugainn, 23 Samhain, agus an cheist Cad is brí le “Saor agus Gaelach” in 2016? á freagairt –tá súil againn – ag cainteoirí as Éirinn agus as áiteanna eile ar fud an domhain.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go bhfuil sé an-sásta go bhfuil an eagraíocht ag tapú na deise tús a chur le comhrá nua ar athbheochan na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca Mheabhraigh sé go mbeadh seoladh na sraithe de sheimineáir Plé ’16 i suíomh stairiúil leis Choláiste na Tríonóide, trasna an bhóthair ón teach inar rugadh na Piarsaigh.

“Ba é an Piarsach féin a dúirt go raibh sé mar chuspóir aige Éire shaor AGUS Gaelach a bhaint amach, agus is tráthúil an cheist í go mbeidh painéal de scoth na n-aoichainteoirí ó cheann ceann na tíre agus ón choigrích á plé go mion ag seimineár an Chonartha i gcomhar le hOifig na Gaeilge – cad is brí le “Saor agus Gaelach.”

Tabharfaidh aoichainteoirí ó chúlraí éagsúla a léargas féin ar an cheist ag Cad is brí le “Saor agus Gaelach” in 2016? ag an seimineár. Ina measc, beidh An tOllamh Eunan O’Halpin ó Scoil na Staire i gColáiste na Tríonóide, An tOllamh Allan I. MacInnes ó Ollscoil Shraith Chluaidh i nGlaschú; An Dr Chris McGimpsey, Iarchomhairleoir Cathrach i mBéal Feirste agus ball de Pháirtí Aontachtach Uladh; Íte Ní Chionnaith, Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Iar-Léachtóir Sinsearach le Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC); An Ceart-Oirmhinneach Michael Burrows, Easpag Eaglais na hÉireann ar Chaiseal, ar Fhearna agus ar Osraí; agus Mary Harris, Léachtóir Sinsearach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG).

Chuir Patrick Prendergast, Propast Choláiste na Tríonóide i gcuimhne dúínn gur bhunaigh céimí iomráiteach dCholáiste, Dubhghlas de hÍde.

Cuirfidh an tsraith seimineár “Plé ‘16” lón machnaimh ar fáil don phobal maidir le tábhacht athbheochan na Gaeilge i gcomhthéacs Éirí Amach 1916 agus an comóradh céid atá le teacht.

Beidh córas aistriúchán comhuaineach ar fáil don seimineár poiblí agus cuirfear fearadh na fáilte roimh an uile dhuine.