Irish-Language

Na fadhbanna fadtéarma atá ag eascairt as an chúlú eacnamaíochta

 Is minic ráite é go bhfuil nasc idir an bochtaineacht agus an teip  i gcúrsaí oideachais
Is minic ráite é go bhfuil nasc idir an bochtaineacht agus an teip i gcúrsaí oideachais Is minic ráite é go bhfuil nasc idir an bochtaineacht agus an teip i gcúrsaí oideachais

BHÍ mé féin i gcónaí den bharúil gur ann do pholaiteoirí ar mhaithe le hollphéist ar a thugtar “an margadh”.

Tá dearmad déanta acu gur ann dóibh ar mhaithe leis na daoine agus gur ceart go mbeadh gach gníomh dá gcuid dírithe ar leas na ndaoine.

Is léir nach bhfuil sé amhlaidh ó dheas agus polaiteoirí an rialtais ag maíomh astu féin as an bhorradh atá faoin gheilleagar.

Ba cheart go mbeadh an geilleagar – chomh maith leis na polaiteoirí – in ann saol an uile dhuine a fheabhsú ach is léir go bhfuil geilleagair náisiúnta ar fud na cruinne ag feidhmiú chun leasa aicme beag daoine.

Tá an oiread sin airde acu ar théad damháin alla an líonra airgeadais go bhfuil dearmad déanta acu dá saoránaigh.

Agus tá an fhianaise ann go bhfuil dochair á dhéanamh don tsochaí ag polasaithe eacnamaíochta nach bhfuil chun leasa an ghnáthdhuine.

Le blianta beaga anuas, tá lucht riaracháin in Éirinn i ndiaidh cuid mhór dúthrachta a chur i mbailiú eolais ar na heolaíochtaí sóisialta ar bhonn fadtéarmach agus an dóchas acu go gcuideoidh an t-eolas seo le fuascailtí níos fearr a chruthú ar cheisteanna tábhachtacha sóisialta agus polaitíochta.

Tá na sonraí a thagann as staidéir fhadtéarmacha ar nós Growing Up in Ireland iontach cumhachtach mar leanann siad na rannpháirtithe céanna fríd thréimhse fada ama agus soláthraíonn siad sonraí a bhféadfaí úsáid a bhaint astu le staidéar a dhéanamh ar cheisteanna casta sóisialta agus eacnamaíochta.

Dé Máirt na seachtaine seo, reáchtáladh comhdháil i mBaile Átha Cliath inar chuir corradh le 300 taighdeoir ó gach cearn den domhan, staidéir a bhain úsáid as sonraí fadtéarmacha (longitudinal data) faoi bhráid shaineolaithe eile a bhí i láthair.

Léirigh na staidéir seo na dálaí a bhain le sláinte níos fearr, le maoin agus le folláine.

Le linn na comhdhála, chuir an tOllamh Richard Layte ó Choláiste na Tríonóide torthaí úra a d’eascair as an staidéar Growing Up in Ireland (GUI) ar thionchar an chúlú eacnamaíochta ar theaghlaigh agus ar pháistí.

Ceanglaítear an bochtaineacht le leibhéil ratha i gcúrsaí oideachais agus le meabhairshláinte pháistí ach bhí na cúiseanna taobh thiar dóibh seo éiginnte.

Lean an staidéar GUI na teaghlaigh chéanna le linn an chúlú eacnamaíochta agus léirigh páipéar an Ollaimh Layte na bealaí a ghortaíonn an bochtaineacht agus an díothacht páistí.

Lean an staidéar na daoine óga ó 2008 go dtí 2010/11 agus thaispeáin sé go soiléir cad é mar a dhéanann an brú a eascraíonn as an dífhostaíocht agus as an titim in ioncam dochar do mheabhairsehláinte thuismitheoirí.

Mar thoradh ar na deacrachtaí seo, éiríonn an caidreamh idir na páirtnéir searbh agus, ag an am céanna, bíonn an tuismitheoireacht níos fuaire, níos géire.

Déanann na droch-chaidrimh seo idir tuismitheoirí agus a gcuid páistí an-dámaiste do mheabhairshláinte na bpáistí a éiríonn imníoch, a mbíonn fadhbanna maidir lena mothúcháin acu agus tá baint ag na droch-chaidrimh seo le drochiompar sa bhaile agus sa seomra ranga fosta.

Is measa a éiríonn le páistí imníocha, míshásta ar scoil na páistí eile, agus is minic go mbíonn tionchar aige seo ar chúrsaí sláinte agus maoine san fhadtéarma.

+++++++++++++++++++++++++++++++++++

Torthaí a eascraíonn as taighde in Éirinn

Thit ioncam i dteaghlaigh le 16% idir 2008 agus 2011 i measc na dteaghlach a bhí páirteach sa GUI.

D’ardaigh dífhostaíocht i measc na n-aithreacha ó 5.6% go dtí 13.8%. D’ardaigh dífhostaíocht i measc na máithreacha ó 5.6% go dtí 6.5%.

Thuairiscigh 29% de na máithreacha go raibh orthu gearradh siar ar earraí bunúsacha, bhí 8% acu i bhfiacha maidir le cúrsaí cíosa nó morgáiste agus bhí 12% acu mall ag íoc billí fóntais.

Mhéadaigh líon na ndaoine a dúirt go raibh fadhb éigin acu “theacht i dtír” faoi dhó, ag méadú ó 31% in 2008 go dtí 61%.

Agus aitheantas á thabhairt go bhfuil cúinsí sainiúla ar obair i ngach teaghlach, mhéadaigh an brú a bhaineann le díobháil airgid na seansanna go dtiocfadh leibhéil chliniciúla dúlagair ar mháithreacha le 84% i gcomparáid leis na máithreacha nach raibh an brú sin orthu.

Ba é an riosca a bhí ar aithreacha 61%.

Chuir an t-imní a bhaineann leis an streachailt eacnamaíochta isteach go mór ar an chaidreamh idir aithreacha agus máithreacha.

Dúirt tuismitheoirí a bhí faoi bhrú ó thaobh an airgid de, go raibh níos mó argóintí eatarthu, gur mhothaigh siad nach raibh siad chomh gar dá chéile agus gur dóiche go mbeadh siad sásta a rá go raibh siad míshásta leis an chaidreamh.

Mhothaigh mná an brú seo ar chaidrimh níos mó ná mar a mhothaigh na fir.

Chuir na caidrimh lochtacha seo idir páistí agus tuismitheoirí an-imní ar na páistí, chruthaigh sé drochiompar agus ba lú a bhí páistí sásta lena saol.

Bhí tionchar ag an drochiompar agus ag fadhbanna mothúcháin ar thriailscóir oideachais na bpáistí. Inseoidh tuilleadh staidéir sa GUI cé acu is fadhb fadtéarmach é seo.