Irish-Language

Ní hiad na mairbh na híobartaigh amháin i gcásanna dúnmharaithe

Is millteanach an rud é mac a chailleadh ach is measa arís é nuair atá dúnmharú uafásach i gceist mar a tharla do mhac Rosemary Fitzpatrick, Shaun, in 2008
Is millteanach an rud é mac a chailleadh ach is measa arís é nuair atá dúnmharú uafásach i gceist mar a tharla do mhac Rosemary Fitzpatrick, Shaun, in 2008 Is millteanach an rud é mac a chailleadh ach is measa arís é nuair atá dúnmharú uafásach i gceist mar a tharla do mhac Rosemary Fitzpatrick, Shaun, in 2008

Fearg. Náire. Eagla. Is mothúcháin chumhachtacha iad seo a dtiocfadh leo saoil na ndaoine is soineanta a chur go hiomlán as a riocht.

Tá sraith úr de chláracha faisnéise ar TG4 faoi láthair a scrúdaíonn 6 dhúnmharú tubaisteacha a tharla in áiteanna suaimhneacha iargúlta in Éirinn mar aon leis an oidhreacht a d’fhág siad ina ndiaidh. Ag craoladh dó oíche Dé Céadaoin ar 10pm ón 30 Meán Fómhair, amharcann gach eagrán ar an spreagadh a bhí taobh thiar de na coireanna agus ar na tionchar mothúchánach a bhí orthu siúd a raibh baint nó gaol acu leis na mairbh.

Anocht ar TG4 ar a 10pm, inseoidh Racht scéal tragóideach Shaun Fitzpatrick, as Dún Geanainn.

Le blianta beaga anuas, tá dul chun cinn ollmhór déanta maidir le cearta na ndaoine aeracha agus comhionannas don phobal Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach.

Ar an drochuair, tarlaíonn tragóidí go fóill. I nDún Geanainn in 2008, bualadh Shaun Fitzpatrick chun báis i ndiaidh é a bheith amuigh don oíche. Díríodh air toisc gur fear oscailte aerach a bhí ann.

Sa chlár, roinneann Rosemary Fitzpatrick a cuid mothúchán faoina mhac a chailleadh, fear ar chroí agus anam na cuideachta é, a raibh nasc speisialta aici leis. Labhraíonn Rosemary faoin dóigh ar choinnigh Shaun a chuid aerachais i bhfolach ar feadh na mblianta ach a ‘tháinig amach’ agus a bhí ag baint suilt mhóir as an saol sular dúnmharaíodh é.

Níor cheart an clár seo a chailleadh ach ar an deá-uair, tá siad ar fáil ar Sheinnteoir TG4.

Thosaigh an tsraith le scéal tragóideach Molly Bunbury a maraíodh ar an Spidéal, Contae na Gaillimhe in 1886.

Trí shúile Pearce Rood, garmhac an fhir a dhúnmharaigh í, téimid i dtaithí ar an scéal a scrúdaíonn saincheisteanna mar ghealtacht alcóil, an delirium tremens agus foréigean teaghlaigh fosta.

Ní raibh Stephen Lyne ach seacht mbliana déag d’aois nuair a dúnmharaíodh é de dheasca chréacht sáite amháin sa droim i gCill Airne sa bhliain 2009. Tharla imscrúdú casta fada ina dhiaidh, sular nochtadh an fhírinne faoi dheireadh sa chúirt maidir le cad é a tharla.

Labhraíonn, Lotte máthair Stephen, faoin phian a bhaineann lena mac a chailleadh agus faoi cheist thromchúiseach na coireachta scine.

I luathbhlianta stát na hÉireann, rinneadh géarleanúint ar aon bhean a bhí torrach lasmuigh den phósadh. Chuaigh go leor ban go dtí neachtlanna Mhaigdiléana, nó go Sasana agus níos faide i gcéin. Chuir cuid mhaith acu lámh ina mbás féin.

Do chuid acu, an t-aon réiteach a bhí ar an fhadhb ná a leanbh nuabheirthe a dhúnmharú.

I 1934 i Ros Comáin, rugadh cailín óg d’Elizabeth Edwards. Níos lú ná trí mhí ina dhiaidh, triaileadh í féin agus a deirfiúr Rose as a leanbh a mharú, cé nár thángthas riamh ar an chorp.

Scrúdaíonn an t-údar Éireannach Clíona Rattigan, an fhadhb shóisialta ar a dtugtar ‘naíonmharú’.

Scrúdaíonn an dá eagrán deiridh den tsraith dhá chás a bhain le hachrainn talún, rud a léiríonn nach mbaineann roinnt saincheisteanna le ham faoi leith sa stair amháin.

In iarthar Dhún na nGall i 1898, dúnmharaíodh Conall Ó Baoill ina bhaile féin. Chuir an choir uafás ar a chlann agus ar an phobal tuaithe.

In 2004, scaoileadh Patrick Devine, altra agus feirmeoir caorach, sé huaire trí fhuinneog a chistine agus é ina shuí ag ithe a dhinnéir agus trí huaire eile agus é ina luí ag fáil bháis ar an urlár.

Níor cúisíodh aon duine riamh as an dúnmharú. Sa bhliain 2014, thairg a dheartháir Aiden luaíocht de £50,000 le haghaidh eolais faoi dhúnmharú Patrick. Sa chlár seo, labhraíonn Aiden agus a dheirfiúr Marie faoin chás oscailte seo, agus iad ag rá go bhfuil siad sásta tuilleadh airgid a thairiscint don luaíocht agus faoina dtroid ar son freagraí a mhair aon bhliain déag.

Paper Owl Films a léirigh Racht do TG4 le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge.