Irish-Language

Runabay - grúpa a sheinneann ceol a thógfaidh do chroí

Runabay ceann de na grúpaí is corraithí atá ag ceol faoi láthair sa tuaisceart
Runabay ceann de na grúpaí is corraithí atá ag ceol faoi láthair sa tuaisceart Runabay ceann de na grúpaí is corraithí atá ag ceol faoi láthair sa tuaisceart

IS annamh a bhíonn an deis agam éisteacht le buíon úr óg nach grúpa traidisiúnta iad ach bhí sé de phléisiúr agam cluas a thabhairt do Runabay ag an Duncairn Dé hAoine seo caite.

Grá ag an chéad éisteacht a bhí ann agus mé ag breathnú ar fhíseán iontach a rinne na leaids – John McManus (giotár agus guth), Gary Graham (giotár agus guth ach tá sé in ann gach rud a sheinm). Gerard McHugh (cnaguirlisí agus guth) George Sloan (drumaí, Declan McCartan ar an dordveidhil agus Dean Walker a sheinneann an dord.

Bhí an Duncairn plódaithe Dé hAoine agus léar mór Gaeilgeoirí ina measc, meallta ag na fuaimeanna traidisiúnta atá fite fuaite ceol Runabay a chuirfeadh Fleet Foxes agus buíonta eile nu-folk i gcuimhne duit agus ba léir go raibh caidreamh idir an grúpa agus an lucht éisteachta a thug bualadh mór bos do gach amhrán. Labhair mé le John McManus faoi Runabay cúpla mí ó shin agus chuir mé ceist air faoin sprioc a bhí ag an seisear.

“Is dóigh liom go bhfuil muid uilig ag iarraidh ceol ionraice, bunúsach a dhéanamh, ceol atá álainn ina bhfuil chomhcheol den chéad scoth ann agus fuaim dheas acústach ann. Sin go bunúsach an aidhm atá againn,” arsa John.

“Thig leis a bheith ard nó domhan ach tá an fhuaim i gcónaí iontach éifeachtach agus cuireann sé go mór le mór-fhuaim s’againn.”

An bhfuil sé sin chomh furasta sin nuair nach ionann an cúlra atá ag gach ball den bhuíon?

“Beirt de na baill, is ó chúlra raic/punc a thagann siad mar sin, tá difir idir dearcadh s’acu agus dearcadh Gary, a bhfuil cúlra sa cheol traidisiúnta aige, mar shampla agus meascaim féin fuaim pop isteach ann, ach ciallaíonn sé sin go bhfuil gnéithe éagsúla fite fuaite sa ceol, tá sé aisteach, tá sé difriúil agus tá súil agam go mbainfidh daoine sult as.” arsa John.

I ndiaidh oíche Aoine, is léir go mbaineann daoine an dúshult as na hamhráin a scríobhann John agus Gary.

“Is breá linn Fleet Foxes, Hozier, The Beatles agus the Smiths. Is breá le Gary Planxty agus a macasamhail mar sin, tá go leor tionchar i gceol s’againn ach níl muid ach bliain ar an fhód, tá muid éiginnte faoi go leor rudaí ach creidim, i gceann bliana, beidh dearcadh dearfa againn faoin chineál ceol is ansa linn a bheith á sheinm,” ar sé.

Ní minic a fheiceann tú dordveidhil i ngrúpa pop/nu-folk ach i lámha Declan, tá an uirlis chlasaiceach thar a bheith éifeachtach.

“As measc na n-uirlisí téada, is é an dordveidhil an ceann is mo a bhfuil carachtar ann,” a mhíníonn John.

“Uplifting” an focal is mó a chluinim faoi Runabay agus tá na cóiriúcháin, na siansaí, an comhcheol go hálainn agus tá sé go iomlán fíor faoin bhuíon agus iad ag seinm beo.

Bíonn ócáidí draíochta ann sna coirmeacha is fearr nuair a nascann an grúpa agus an lucht éisteachta nuair a tugtar an slua ar thuras a stiúrann an ceol nó nuair a mothaíonn siad rud éigin iontu féin atá spreagtha ag an cheol.

“Is rud iontach e nuair atá tú in ann ceol a dhéanamh a mbaineann daoine an-sult as agus a gcuireann dea-spin orthu,” dar le John.

Tá go leor amhrán eile cumtha ag Runabay, cuid acu a chuala muid oíche Aoine.

“Tá muid ag dul fríd tréimhse iontach torthúil faoi láthair, ag scríobh amhrán a bhfuil dúil againn uilig iontu agus tógann sin an croí.

Ba é Moon Turns Blue an chéad singil a d’eisigh Runabay, cuid de a scannánaíodh ar thrá Bhaile An Chaistil agus an chuid eile fá Rú na Beithe - an Ghaeilge atá ar Runabay Head - agus Cionn an Toir nó Torr Head. Tá Cionn an Toir go hiontach, ósréalaíoch cosúil le rud éigin as Narnia nó as Lord of the Rings.

Tá scéal ag baint leis an fhíseán agus beidh nasc idir gach ceann a dhéanfaidh an grúpa le scéal iomlán a chruthú. Thig leat breathnú ar an ghrúpa ag youtube.com/runabayband