Tá 93 beart gnímh geallta ag RTÉ maidir leis an soláthar a dhéanann siad ar an Ghaeilge ar ardáin éagsúla.
Bhí an Taoiseach Enda Kenny i láthair ag seoladh Phlean Gníomhaíochta Gaeilge inné agus i measc na ngealltanas, tá feasacháin nuachta dhátheangacha ar 2fm, Ábhar den nuáil do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge, Ionad Barr Feabhais maidir le hoiliúint sna meáin chumarsáide Gaeilge a bhunú.
Deirtear sa tuairisc go mbainfear úsáid níos minice as an nGaeilge ar bhlaisíní teilifíse, sa leanúnachas agus i bhfeasacháin aimsire Beidh rogha na Gaeilge ar fáil leis an gcóras nascleanúna don chéad leagan eile den seinnteoir RTÉ Player.
Tabharfaidh RTÉ spreagadh agus cúnamh don lucht fógraíochta agus do ghníomhaireachtaí fógraíochta fógraí a chur ar fáil i nGaeilge ar an teilifís, ar an raidió agus sa réimse digiteach.
Agus tá sé de rún ag an chraoltóir seirbhís nua raidió Ghaeilge dírithe ar ógánaigh a fhiosrú.
Ag an seoladh inné, dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Noel Curran, go mbeifí ag féachaint le “ról na teanga ar fud seirbhísí uile RTÉ a chóiriú as an nua leis an bplean ardaidhmeach.
“Táthar ag gealladh go gcuirfear an Ghaeilge i gceartlár na hoibre, go ndéanfar gnáthrud den Ghaeilge in ábhar cláir agus le linn imeachtaí agus go leathnófar dá húsáid ar fud na meán digiteach agus na meán sóisialta,” arsa an tUasal Curran.
Dúirt an Taoiseach go raibh sé den tábhacht “go ndéanfaidh RTÉ gnáthrud den Ghaeilge ar fud a chuid ardán agus go ndíreoidh sé níos géire ar a thiomantas don Ghaeilge.”
In 2014 a ceapadh Rónán Mac Con Iomaire mar an chéad Ghrúpcheannasaí Gaeilge ag RTÉ. Ag an seoladh inné, chuir sé síos ar chur i bhfeidhm na moltaí.
“I rith na mblianta seo romhainn, beifear ag féachaint le seirbhís raidió nua Ghaeilge a chur ar bun a bheidh dírithe ar ógánaigh agus i rith mhí Mheán Fómhair na bliana seo, déanfar tástáil phíolótach ar rogha idir tráchtaireacht i nGaeilge nó i mBéarla leis an gcraoladh teilifíse ar chluichí ceannais na hÉireann.
“Táthar ag féachaint le cur leis an méid Gaeilge a bhíonn ar sheirbhísí teilifíse agus raidió RTÉ agus, trí chomhpháirtíochtaí, le hábhar oideachais breise a chur ar fáil chomh maith le cur leis an gcumas Gaeilge ar fud RTÉ.”
D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh sheoladh an Phleain agus roimh an Scéim Teanga do RTÉ a foilsíodh inné fosta.
Mhol an Conradh cur chuige dátheangach Sheachtain na Gaeilge a chur i bhfeidhm i gcaitheamh na bliana ar fad ach dúirt siad go gcaithfeadh RTÉ a chinntiú go gcuirfear go suntasach le líon na n-uaireanta de chláracha Gaeilge ar an teilifís amach anseo, agus creideann siad go mba chóir do RTÉ sprioc intomhaiste de ar a laghad uair a’ chloig de chláracha teilifíse as Gaeilge sa tseachtain ar RTÉ a áireamh sa phlean 5 bliana seo..