Entertainment

Idéalachas na seanghlúine agus aimhleas na ndaoine óga

SEAFORTH HIGHLANDERS: Bhí go leor de dhaltaí an Nicholson Institute sa réisimint seo le linn an Chéad Chogadh Domhanda cuid acu nár tháinig slán ón sléacht
SEAFORTH HIGHLANDERS: Bhí go leor de dhaltaí an Nicholson Institute sa réisimint seo le linn an Chéad Chogadh Domhanda cuid acu nár tháinig slán ón sléacht SEAFORTH HIGHLANDERS: Bhí go leor de dhaltaí an Nicholson Institute sa réisimint seo le linn an Chéad Chogadh Domhanda cuid acu nár tháinig slán ón sléacht

Ar na cuimhní cinn is spraíúla atá agam, tá an oíche a chaith mé sa British Legion Hall in Steronabhagh ar Oileán Leòdhais na hInnse Ghall.

Bhí mé ansin i ndiaidh a bheith ag Feis Cheilteach Innse Gall nó The Hebridean Celtic Festival agus an la caite agam ag ithe agus ag ól agus ag baint suilt as ceol Runrig, Shooglenifty agus grúpaí eile nach iad. Agus níor éag an tsiamsaíocht nuair a druideadh an ollphuball.

No, away linn go dtí an Halla mar a raibh na ceoltóirí uilig agus foinn óil agus ceoil orthu.

Ba dhoiligh ag cuid de mhuintir na Sé Chontae a thuigbheáil go mbeadh céilí ar siúl agus Gàidhlig á labhairt i Halla de chuid an British Legion ach ní hionann Alba agus an dúiche ar an taobh eile de Shruth na Maoile.

Ar thuras treoraithe an lá roimhe, b’iontach líon na séadchomharthaí a chonaic muid spréite ar fud an oileáin. Chonaic mé an rud céanna agus mé ar tír mór agus ar Oileán Sgítheanach, séadchomharthaí, plaiceanna, páirceanna ómóis, clocha cuimhne agus ainmneacha na nGàidheal agus na nGall a cailleadh go míthrócaireach i gcogaí ar fud na cruinne.

Maraíodh 147,609 Albanach idir 1914 agus 1918 le linn an Chéad Chogadh Domhanda, an chúigiú chuid de na saighdiúirí Briotanacha tráth a raibh Albanaigh mar 10 faoin chead de dhaonra na Breataine.

In alt thar a bheith suimiúil le Alan Titley ar an Irish Times anuraidh, chuir sé síos ar an claonadh seo i dtreo an mhíliteachais in Albain.

“Áirítear go raibh an ceathrú cuid d’fhir na hAlban idir 1792 agus 1815 ag plé le seirbhís éigin míleata, agus lean dílseacht na seanaigne sin iad cuid mhór ó shin. Chomh déanach le heachtra mhí-ámharach Suez in 1956, ba láidre tacaíocht in Albain don ionsaí ná i Sasana féin,” a scríobh sé.

Tá sé mar a gcéanna, dar liom, i measc an phobail PUL mar a thugtar anois orthu.

Ag leamh tvuíteanna ó bhaill an PUP, ón Ord Oráisteach agus ó dhaoine aonair, tabharfaidh tú faoi deara a thábhachtaí is atá imeachtaí míleata, na cogaí dhomhanda. Tá an Somme chomh beo beathach inniu is go sílfeá gur tharlaigh sé anuraidh.

B’fhéidir go mbeadh a mhalairt de dhearcadh acu dá bhfeicfeadh siad Sequamur, dráma i nGaeilge na hAlban, a léiríodh in Amharclann na Belvoir Players mar chuid den Eastside Arts Festival in oirthear Bhéal Feirste.

Scríofa ag Donald S Murray, cuireann Sequamur síos ar reachtaire an Nicholson Institute in Steornabhagh ar Eilean Leódhais, William Gibson.

Ag cur thar maoil le sean-fhilíocht na Gréige agus na Laidine, bhí anam Gibson lán de dheá-smaointe, smaointe a threoraigh é lena cuid dalta a spreagadh troid ar son na Breataine Úire sa Chéad Chogadh Domhanda - agus ghlac siad lena comhairle. Ach diaidh ar ndiaidh, tháinig an scéal ar agus go raibh siad ag fail bháis, diaidh ar ndiaidh ar pháirceanna áir san Eoraip, tháinig gruaim ar Gibson.

Tá radhairc sa dráma de na fir óga - páistí - á marú agus Gibson a chiapadh mar gheall ar a ról sa sléacht seo. Léitear litreacha ó na dalta sna trinsí thar lear chuig Gibson (féach an ceann ar chlé) agus is léir go raibh gean acu ar an oide.

Tá mír an-láidir ag an deireadh nuair a chaitheann sé plaic a nochtadh sa scoil ar a bhfuil ainmneacha na ngasúr uilig nár tháinig abhaile, fir óga a raibh aithne aige orthu agus a raibh a n-oideachas faoina chúram ach a bhfuil a gcoirp fhuinniúla, tréana anois faoin fhód. Ach rinneadh dearmad ar chúpla duine acu - níl siad ar an liosta. An tragóid dheireanach.

Tagann cuid acu ar ais ó na mairbh le hacmhusáin a chaitheamh air agus ar an fhilíocht a spreag é, an díchiall atá i rá in “Déanann muid cogadh le go mbeidh síochán againn,” mar a dúirt Aristotle.

Dráma den chéad scoth é Sequamur a chuireann síos ar uafáis an chogaidh.

Bhí an fhoireann aisteoireachta ar dóigh - Daibhidh Walker, Iain Beggs, Donna Mhoireasdan, Sean MacLeoid agus Aonghas Pàdraig Caimbeul.

Ag an deireadh, sheinn an píobaire Aonghas Mac Neacail fonn agus ainmneacha an 148 dalta a thit sa ghleo sa an Dardainéil agus in Gallipoli agus in áiteanna eile ós ar gcomhair.

Dráma iontach.