Entertainment

Stair luath na Gaeilge i mBéal Feirste á ceiliúradh

John St Cliar Boyd: chéad chathaoirleach Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste
John St Cliar Boyd: chéad chathaoirleach Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste John St Cliar Boyd: chéad chathaoirleach Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste

‘A provisional committee with Dr St Clair Boyd as president ... has been formed in Belfast for the purpose of starting an association for the cultivation of the study of the Irish language amongst the people of the city and district.’

Sin mar a thuairiscigh an iris United Ireland bunú choiste a chuirfeadh tús le Conradh na Gaeilge i mBéal Feirste 120 bliain ó shin, i míMeán Fómhair 1895.

Ar íorónaí an tsaoil, aontachtach go smior agus Protastúnach diongbháilte a bhí in St Clair Boyd ach cuireadh síos air mar dhuine de na daoine ba ghníomhaí i gcúrsaí Gaeilge sa chathair ag deireadh an 19ú céad agus ag tús an 20ú céad.

Inniu ar a 2pm ag geataí Reilig na Cathrach, déanfar ceiliúradh ar St Clair Boyd i searmanas atá á reáchtáil ag Forbairt Feirste.

In ainm.ie, cuireann Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú síos ar mar a d’fhág a athair £900,000 le huacht aige cé go bhfuair a sheisear deirfiúracha cuid di. Baill d’Eaglais na hÉireann a bhí ann féin agus ina mhuintir.

I dTeach Chúltrá (mar a bhfuil Daonmhúsaem Uladh inniu) in Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin, a rugadh John St Clair Boyd ar an 9 Nollaig 1858.

“Cháiligh sé mar dhochtúir in Ollscoil na Ríona in 1886 agus bhí ag obair in ospidéal i mBirmingham sular thosaigh sé ag obair mar mháinlia cúnta in Ospidéal na Leanaí mBreoite i mBéal Feirste (The Hospital for Sick Children) in 1888. Ceapadh é ansin ina mháinlia san Ulster Hospital for Sick Children agus faoi 1889 bhí sé ina lia ban san Ulster Hospital for Women and Children. As sin chuaigh sé go hOspidéal na Samárach mar mháinlia sinsearach. D’éirigh sé as obair i 1907.

"Scríobhann siad nach raibh labhairt na Gaeilge go maith aige riamh ach faoi na luathnóchaidí bhí spéis á cur aige sa teanga. Mhol sé in United Ireland 18 Bealtaine 1895 go mbeadh leabhair Uí Ghramhna ar fáil sna seomraí i dtithe ósta na Gaeltachta.

"Fógraíodh St Clair Boyd bheith tofa ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge sa chathair.”

Deir siad, gur féidir go raibh sé ar an duine ba mhó in Éirinn a thugadh cúnamh airgid don eagraíocht.

“Chabhraíodh sé le heagraíochtaí eile: Cumann na Scríbheann Gaeilge, Belfast Natural History and Philosophical Society, Cumann na bPíobairí, Cumann Ólséanta na hÉireann.... I 1901 thairg sé duais trí ghiní don seamsúr ab fhearr de dhéantús na hÉireann. Bhí sé ina uachtarán ar Chumann na bPíobairí."

Le saol St Clair Boyd agus bunú Chonradh na Gaeilge a chomóradh, beidh searmanas i Reilig na Cathrach inniu.

"Reáchtáladh an chéad chruinniú den Chonradh i mBéal Feirste i dteach Pheadair Mhic Fhionnlaoich arb as Gleann tSúilí i dTír Chonaill ó dhúchas dó, i mí Lúnasa, 1895. Bhí Ó Fionnlaoich ina oifigeach custaim ag an am agus é ina chónaí ag 32 Beersbridge Road sa chathair.

Is comhartha eile e seo ar an iliomad nasc atá in oirthear na cathrach leis an Ghaeilge agus le daoine a chur ar an eolas faoi na nascanna sin, tá turas treoraithe bus le dúil thart ar shuíomhanna a bhfuil baint acu leis an teanga sa taobh thoir de Bhéal Feirste.

Cluinfear faoin taoiseach Conn Ó Néill (smaoinigh ar Connswater) agus faoin teaghlach a tógadh trí mheán na Gaeilge ar Bhóthar Chaisleán Riabhaigh sna 1950í. Is iad Gordon McCoy agus Aidan Campbell na treoraithe agus caithfidh siad solas ar an eaglais inar labhair an séiplíneach Gaeilge Aontroma.

Léireoidh siad imeachtaí chraobhacha an Chonartha i mBaile Mhic Airt (Ballymacarret), i nGortbhláth (Bloomfield), agus sa Bhréadach (Breda) agus míneofar an chiall atá le logainmneacha oirthir Bhéal Feirste.

Tosóidh an turas ar a 11am inniu (tá súil agam go reáreachtáilfearchtáilfear arís é) ag Skainos, Bóthar Bhaile Nua na hArda agus rachaidh sé ar tús chuig uaigh John Feely, an soiscéalaí Modhach a raibh Gaeilge aige; go 143 Albertbridge Road, áit a mbíodh siopa earra iarainn a raibh cruinnithe Gaeilge ann sna 1960í; go droichead Choinn Uí Néill (an struchtúr is sine in Éirinn agus go 32 Upper Beersbridge Rd inar bunaíodh Conradh na Gaeilge go leor Protastúnach ina measc; go reilig an Chnoic áit a mbíodh Naomh Colmcille ag urnaí tráth; go reilig Robert McAdam agus go leor áiteanna suimiúla eile.

Críochnóidh sé le turas ar an ionad Skainos.