Arts

Ábhair machnaimh le linn chainteanna Fhéile an Phobail

Robert Ballagh atá ar choiste comórtha Éirí Amach 1916
Robert McMillen

Ag deireadh na hoíche, bhí mo chloigeann ag réabadh - ach ar dhóigh mhaith.

Bhí mé ag trí chaint go leith de chuid Fhéile an Phobail - an chuid sin ar Scoil Samhraidh í, agus rudaí suimiúla le cluinstin agus ábhar machnaimh i ngach ceann acu le mé ag coinneáil ag meabhrú ar feadh tamaill fhada. (Chaill mé an chuid is mó de chaint Conor O'Clery ar Éireannach Aontaithe Willie Kean)

Labhair John Halford ar shléacht a tharla i sráidbhaile darbh ainm Batang Kali sa Mhalaeisia i 1948 nuair a bhí an tír ina coimirceas de chuid na Breataine (a British Protectorate)

B'iontach na cosúlachtaí a bhí idir an cas sin agus cás Dhomhnach na Fola i nDoire 23 bliana níos maille. An coir é féin, séanadh na firinne ag na húdaráis Bhreataineacha, maslú na n-íobartach, scealta bréagacha sna meáin ar son an Airm, iniúchtaí lochtacha, brú polaitiúil ar dhaoine ionraice a bhí ag iarraidh an fhirinne a chur amach etc. etc.

Ach os a choinne sin, tá buanseasmhacht ghaolta na n-íobartach agus iad ag iarraidh ceartais dá ndaoine muinteartha.

Thug John Halford, an dlíodóir atá ag troid cas mhuintir Batang Kali i gcaint shoiléir, shothuigthe. An rud a chuir iontas orm cionn is nár chuala mé roimhe é na an ról a ghlac Ard-Aighne na Sé Chontae, John Larkin, air féin maidir le ceist Batang Kali.

Mhaigh Larkin gur tharla an sléacht ró-fhada ó shin agus nár cheart leanstan ar aghaidh leis an chas, gurbh fearr iad a fhágáil “ag leabharlannaithe agus ag staraithe.”

Ar ndóigh, bheadh tionchar aige seo ar chásanna conspóideacha i dTuaisceart na hÉireann a bhfuil daoine ag iarraidh go ndéanfaí iniúchadh ceart air, mar sin tá nasc díreach idir Batang Kali agus an áit seo.

Léiríonn sé a thábhachtaí is atá sé go mbeadh freagracht oscailte i gceist i ngach cas a bhfuil amhras nó séanadh ann faoi.

I ndiaidh na cainte sin, chuaigh mé chuig an ócáid inar labhair an t-ealaíontóir Robert Ballagh ar “leagáid” 1916. Arís bhí an chaint seo thar a bheith suimiúil.

Le tamall anuas, tá mé ag cur suime san fhocal “fuadach” nó “hijacking” i mBéarla. Má léann tú na nuachtáin ‘d'ardchaighdeán” ó dheas shilfeá go raibh an tír ar bharr amháin creatha go raibh comóradh 1916 á fhuadach ag untermenschen ar nós Bobby Ballagh nó, Dia idir muid agus an drochrud, ag Sinn Féin.

Anois, mheas mé riamh gurb ionann fuadach agus rud ar le duine éigin eile é a thabhairt leat agus é a úsáid ar dhóigh nárbh é mian an úinéara. Bhí an t-am ann agus bhí Béal Feirste mar phríomhchathair an fhuadaithe - busanna, carranna, leoraithe, veain aráin, saoradh iad seo uilig agus baineadh úsáid astu ar bhonn cosanta i m baracáidí nó ar bhonn ionsaithe i ngníomhartha uafásacha foréigin. Ach ní fheicim an dóigh ar féidir an stair a fhuadach mar ní le duine nó le dream ar leith é an stair.

Ina áit sin, is cineál tírdhreach síor-athraitheach é agus tá cuma dhifriúil air ag brath ar an áit ina bhfuil tú i do sheasamh, ar an pheirspictíocht atá agat. An dóigh a bhfuair tú an pheirspictíocht sin, brathann sé ar chuid mhór gnéithe éagsúla, ó stair do theaghlaigh go dtí na nuachtáin a leann tú.

Is amaidí é a chreidbheáil nach bhfuil ach insint amháin ar scéal 1916, an scéal oifigiúil, agus tá sé fíor faoi scéal stairiúil ar bith eile.

Tá an stair, idir oifigiúil agus neamhoifigiúil, breac le hearráidí, le neamhleanúnachais gus le fantaisíocht - agus bíonn smál na hídeolaíochta orthu araon ach nach bhfuil sé go hiontach go bhfuil dioscúrsaí éagsúla in iomaíocht lena chéile faoi cad é a tharla le linn Éirí Amach 1916, faoi na cúiseanna taobh thiar de agus faoin chiall atá leis sa lá atá inniu ann.

Nach bhfuil sé sin níos fearr na foghlaim de ghlanmheabhair fíricí a chuireann an rialtas ar fail dúinn mar a dhéanann siad sa Chóiré Thuaidh, áit nach nglactar le malairtí tuairime.

Agus tugann sé sin mé go Mike Nesbitt.

Ní maith le Mike daoine a fhuadaíonn an stair. Tá a fhios ag Mike gach rud faoin stair agus ní le ghlacfaidh sé le tuairimí nach ionann agus tuairimí s'aige féin.

Níl ach dóigh amháin le breathnú ar an stair agus sin fríd shúile Mike.

Deir sé gur ceart gan na “short-comings, bad decisions and perceived illegality by the state and its agents” - do dhaoine eile feachtais mharfacha a bhí sna “faillí” seo - “without due emphasis on context”.

Cuireadh an comhthéacs os comhair an lucht éisteachta i gColáiste Ollscoile Naomh Mhuire inne le linn comhdhála ar an Chlaonpháirteachas. Chuaigh scéalta na ndaoine ar maraíodh a bpáistí nó a n-athracha go croí san ollscaifte a bhí i láthair. Ach tá na daoine seo as radharc cionn is go bhfeiceann daoine an comhthéacs stairiúil óna bpeirspictíochtaí féin.

Is mithid dúinn bogadh agus an deis a thapú radharc eile a fháil ar shaol ar gcomharsana.

Arts

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: