Entertainment

Cluas eile le fáil le podchraoltaí

Myles Dungan an chuireann The History Show i láthar ar RTÉ1
Myles Dungan an chuireann The History Show i láthar ar RTÉ1 Myles Dungan an chuireann The History Show i láthar ar RTÉ1

An mháthair a thaistil ó Éirinn lena mac a fheiceáil le linn na Chéad Chogadh Domhanda; an vaimpíreachas; Timothy Ó’Neill Lane, a chuir foclóir Gaeilge le chéile in 1904; Oíche na Gaoithe Móire.

Seo cuid den iliomad ábhair a chuir faoi dhraíocht mé agus mé éisteacht le podchraoladh The History Show, clár a phléann cúrsaí staire ar RTÉ1 gach Domhnach ar a 6pm - cé go bhfuil sé ar sos samhraidh faoi láthair.

Is é an bua is mó atá ag podchraoltaí ná go dtig leat éisteacht le cláracha a chaill tú míonna roimhe.

Mar shampla, níor chuala mé The History Show dar dháta 16 Deireadh Fómhair, 2014, á chur i láthair ag Myles Dungan, ach tá an clár áirithe seo ar dóigh. Cuireann sé an cheist cérbh é a léigh amach Forógra na Poblachta i 1916. Tá fianaise ann nárbh é Pádraig Mac Piarais a rinne é?

Ansin pléann an clár James Hack Tuke. Cé?

Bhí Tuke ina dhaonchara as Yorkshire a rinne éachtaí carthanachta in Éirinn sa 19ú céad. Sa phodchraoladh, labhraíonn Kathleen Villiers-Tuthill faoi scéim imircíochta Tuke a chuidigh le 9,500 duine dul ar an imirce ó iarthar na hÉireann idir 1882 agus 1884.

Ansin, tugann an staraí Barry Kennerk cur síos

ar Oispideál na Leanaí i Sráid an Teampaill i mBaile Átha Cliath, otharlann a osclaíodh in 1872 le 8 leaba do bhochtáin Bhaile Átha Cliath.

Ansin, pléitear tithe siúil (haunted houses) agus leabhar Tarquin Blake, Haunted Ireland, ar an ábhar.

Sa chuid seo, labhraíonn Tarquin ar an Dearg-due, leagan Éireannach den vaimpír. Tá macasamhail na vaimpírí in go leor tíortha ar domhan ach ar ndóigh, Éireannach a scríobh an leabhar ar an vaimpír is clúití ar domhan, Dracula, Bram Stoker.

Tá barúlacha láidre á gcur chun cinn gur ón Ghaeilge a thagann an focal Dracula - ó “droch-fhola” (bad blood) nó ó Dreach Fola (face of blood).

Ní bheinn féin cinnte faoi cheann ar bith acu thuas.

Ag leanstan ar aghaidh uaidh sin, ar deireadh, labhraíonn an síceolaí Brendan Kelly faoin taighde atá déanta aige ar vaimpírí agus tá a chuid scéalta idir uafásach agus ghreannmhar. Ní nach ionadh, tá mé ag dúil go mór le sraith eile de The History Show.

Ach is iomaí podchraoladh a bhfuil dúil agam ann, go hairithe ó Radio 4 an BBC. Tá a gcláracha siúd ar dóigh agus ar mó iphone, tá aip agam a ligeann dom éisteacht le The Infinite Monkey Cage nó From Our Own Correspondent, nó Front Row nó The Food Programme, cláracha a thugann i gcónaí ábhar machnaimh duit.

Más mian liom súil siar a chaitheamh ar seafóid na polaitíochta anseo, cuirfidh mé podchraoladh Nolan nó Talkback ag dul ach is annamh a tharlaíonn sé sin.

Maidir leis an Ghaeilge, tá cláracha Raidió na Gaeltachta ar fáil mar phodchraoltaí mar sin, má chaillim Ronan Mac Aodha Bhuí, beidh deis agam éisteacht leis arís agus thig liom breith ar chláracha Blas atá caillte agam.

Maidir le mo chaitheamh aimsire, taobh amuigh de cheol beo, le bliain anuas, níor bhain mé sult chomh mór as rud ar bith a oiread le podchraoltaí.

Bhí tús lag ag an mheán úr digiteach ach de réir a chéile, tá feabhas as cuimse i ndiaidh theacht ar an mheán cumarsáide nár aithin mé go dtí le gairid. Chomh maith leis na podchraoltaí a dhéantar de chláracha raidió na gcraoltóirí móra, tá daoine aonair agus grúpaí a chuireann podchraoltaí ar fáil a phléann le rudaí a bhfuil suim acu féin iontu.

Tá ceann curtha ar bun ag cara de mó chuid, Satya Gillen, dar teideal The Hazelnut Interviews Podcast, ina gcuireann sí agallaimh ar shaineolaithe a dtig leo cuidiú le daoine feabhas a chur ar a saol.

I measc na ndaoine ar chuir sí agallamh orthu, i nGaeilge agus i mBéarla, tá Daithí Ó Muirí, múinteoir scoile agus láithreoir Blas agus Fiona Keane, léiritheoir neamhspleách teilifíse.

Is breá liom podchraoltaí ach níl a fhios agam an dóigh a dtig liom cur ina luí ar dhaoine gur ceart dóibh éisteacht le níos mó podchraoltaí agus leis an raidió go ginearálta. A bhuíochas don iplayer, is féidir éisteacht le cláracha raidió an BBC agus RTÉ agus stáisiúin eile ar fud na cruinne ach bíonn daoine chomh cleachtaithe sin ag breathnú ar an teilifís, ní thuigeann siad cad é a dhéanfadh siad gan ach an raidió ag dul.

Ní féidir a bheith ag stánadh ar an raidió ar feadh uair a chloig gan cuma mhire bheith ort. Mar sin, tá ceist agam ort, cad é dhéanann tusa nuair atá tú ag éisteacht leis an raidió? Abair liom ag r.mcmillen@irishnews.com