Entertainment

Ag baint suilt agus tairbhe as an rothaíocht

Talamh cothrom ar a dtig leis an rothaí is lú taithí cleachtadh a fháil
Talamh cothrom ar a dtig leis an rothaí is lú taithí cleachtadh a fháil Talamh cothrom ar a dtig leis an rothaí is lú taithí cleachtadh a fháil

Bhí mé ar saoire i Málaga i mí Meithimh i mbliana agus is breá liom an chathair i ndeisceart na Spáinne. Don chéad uair riamh, fuair mé rothar ar cíos agus mé thar sáile agus caithfidh mé a rá gur thaitin sé go mór liom - i ndiaidh cúpla uair a chloig.

Bhí an chéad dá uair sin ar an tréimhse is mó struis agus aiféaltais dar chaith mé riamh. Bhí obair agam suí ar an diallait, bhí sé deacair bogadh i líne díreach; bhí sé doiligh dul thart le lucht siúil agus cluaisíní orthu as a raibh an ceol miotail ba throime amuigh ag teacht; bhí páistí ag rith i mo chosán; d’éirigh crainn ina bhfathaigh móra míofara ag stróiceadh mionnaí móra orm. Yikes!

Ach sa deireadh, d’aimsigh mé cúpla lána suaimhneach rothair agus bhí an lá ina phléisiúr as sin amach. Anois, tá Rothair Bhéal Feirste nó na Belfast Bikes againn agus tá i bhfad níos mo deiseanna ag daoine bheith ag rothaíocht thart ar Bhéal Feirste ar dhá roth.

Déanta na fírinne, measaim go bhfuil siad thar a bheith daor i gcomparáid le cathracha eile ach sin scéal eile.

Tá an chathair i bhfad níos cairdiúla do lucht rothar na laethanta seo cé go bhfuil barraíocht ama á ghlacadh ag tiománaithe éirí cleachtaithe le “parity of esteem” do lucht an dá roth. Tá sé mar chaitheamh aimsire agam anois na tiománaithe a theann isteach sna boscaí atá leagtha amach do rothaithe a chuntas.

Agus tugaim faoi deara i gcónaí carranna atá páirceáilte sna lánaí rothar. Cuireann cuid acu isteach go mór orm ach tuigim an cas in áiteanna eile.

Mar shampla, bíonn carranna i gcónaí páirceáilte taobh amuigh de chleachtadh mo dhochtúir. Tá sé práinneach go mbeadh áit ag othair dul isteach leis an dochtúir a fheiceáil mar sin, ní miste liom daoine bheith páirceáilte in áit atá leagtha amach do rothair - cé gur beag a líon i láthair na huaire.

Sin ráite, agus an Tour de France faoi lánseol, beidh daoine eile spreagtha chun dul amach ar an sean-rothar sin atá ina luí sa gharáiste ar feadh na gcianta.

Tá rothair i sólanna nach mbogann orlach ach níl rud ar bith cosúil le bheith amuigh ar an bhóthar ar rothar - cúrsaí sláinte agus aclaíocht, rath ar an timpeallacht, níl siad a 10ú chuid chomh costasach le carranna agus míle fáth eile cé go --admhaím go mbíonn gluaisteán riachtanach in amanna.

Rud eile, bíonn lucht rothaíochta iontach garach, is pobal é agus gach duine sásta cuidiú le daoine atá ar bheagán eolais nó a bhfuil tiúb úr a chur isteach i mbonn.

Seo cúpla leid eile a chuideoidh leat más mian leat dul amach ar do chapall iarrainn.

- Má tá tú neirbhíseach, is féidir do mhuinín a thógáil ar bhóithre atá measartha saor o thrácht. Tá an talamh thart ar eastát an chuain nó the Harbour Estate iontach cothrom agus is beag trácht a bhíonn air cé nach bhfuil sé gan locht.

Níl leigheas ar an fhadhb ach cleachtadh agus má bhíonn tú ábalta taisteal ar feadh leathuaire nó níos mó gan aon stró cuirfidh sé go mór le do féin-mhuinín.

Tá suíomh iontach maith idirlín a phléann le cúrsaí rothaíochta ar fáil ag nigreenways.com agus tá grúpaí rothaíochta ar fud na hÉireann a dtiocfadh leat clárú leo,

- Gabh ag do luas féin. Ná bí ag iarraidh bheith i do Stephen Roche láithreach bonn. Bíodh a fhios agat cad é na teorainneacha atá agat mar thosaitheoir. Ná lig do dhaoine atá níos aclaí ná tú brú a chur ort - gabh ag do luas féin.

- Is aclaíocht den chéad scoth é an rothaíocht ach dá mbeifeá ag iarraidh bheith níos dáiríre faoi, bheadh sé ina chuidiú chomh maith dá ndéanfá rud beag traenála gan tú ar an rothar.

Tá an tsnámh thar a bheith maith don cholainn ar fad, mar sin cuideoidh sé leat agus tú ag rothaíocht.

- Bí cinnte nach bhfuil an roth ró-mhór nó róbheag duit.

Is féidir difir mór a dhéanamh má tá tú ró-ard ar an diallait é a ísliú nó é a bhogadh i dtreo an hanla.

- Ná bí róbhuartha faoin stuif theicniúil - na giair, ráta an chroí, etc.

Ná lig dó cur isteach ort.

- Agus ar deireadh, fág na fó-éadaí i do dhiaidh. Is leor an Lycra le pianta tóna a sheachaint!