Foireann óg Arsense ag teacht i méadaíocht sa deireadh thiar thall
Le Robert McMillen07/11/09
Dúirt Arsene Wenger le scairshealbhóirí an chlub cúpla seachtain ó shin go raibh sé cinnte go mbainfeadh Arsenal corn de chineál éigin an séasúr seo.
Agus na scairshealbhóirí ag ól champagne agus ag ithe canapé, thug sé le fios gur chreid sé go raibh an fhoireann atá ina sheilbh anois aige in ann an Phríomh-Roinn agus Sraith na Seaimpíní a thabhairt leo agus go mbeadh siad ag déanamh a ndíchill an dá chorn Sasanach a bhaint chomh maith.
“Blah, blah, blah,” a dúirt cuid mhór daoine.
Le ceithre bliana anuas, tá Wenger agus Arsenal ag priollaireacht ar an téad céanna. Ach ní raibh ann ach baothchaint.
“Fan go bhfeicfidh sibh muid an séasúr seo chugainn,” an mana a bhíonn acu. “Fan go dtaraidh na gasúir i méadaíocht.”
Agus d’fhan muid. Agus d’fhan muid arís. Agus bhí sé mar a bhí sé riamh. Patrúin dheasa agus maingléis ach gan mórán tairbhe ar a son.
Is fíor gur bhain siad cluiche ceannais Shraith na Seaimpíní amach i 2006 nuair a fuair Barcelona an lámh i uachtar orthu.
Anois agus arís, baineann déagóirí an chub geit asat, go háirithe sa bhua sin 6-3 in éadan Learphoill sa League Cup ag Anfield cúpla bliain ó shin.
Ach ní raibh an chuma riamh ar an scéal go mbeadh Arsenal, club a chaitheann é féin a riar de réir réimeas stuama airgeadais, chan ionann agus na cumainn eile a bhfuil billiúnaithe coimhthíocha ar a gcúl, go mbeadh siad inchurtha le foirne móra Sasana agus na hEorpa.
Go dtí anois.
Go tobann, mar a bheadh a córbhuachaill a bhfuil a ghlór ag briseadh ann, tá geonaíl Arsenal imithe agus rosc catha na bua á chraobhscaoileadh acu.
Má bhuaileann siad Wolves Dé Sathairn, bainfidh siad an dara háit sa Phríomh-Roinn amach - go dtí go n-imreoidh Chelsea agus Manchester United a chéile Dé Domhnaigh.
Chiallaigh an bua 4-1 a bhí acu ar AZ Alkmaar i lár na seachtaine go bhfuil sé chóir a bheith cinnte go mbeadh Arsenal i measc an 16 deireanach i Sraith na Seaimpíní.
San idirlinn, ógánaigh an chlub, bhí bua eascaí 2-1 acu in éadan Learphoill i gcluiche ceathrú ceannais an Chorn Carling.
Don chéad uair ó chaill Thierry Henry cúpla deis scórála sa chluiche ceannais sin i Sraith na Seaimpíní sa Stade de France - deiseanna a chuirfeadh crut eile ar stair Arsenal dá gcuirfeadh sé an liathróid san eangach - tá an chuma anois orthu go dtig leo dul in iomaíocht dháiríre leis na boic mhóra.
Sin deá-scéal don sacar i Sasana.
Cad chuige? Óir, le fada an lá, tá Wenger agus Arsenal ina gcadhain aonair i Sasana a fhad is a bhaineann sé le tosaíocht na samhlaíochta ar an leabhar seic.
Tá corradh le £30 milliún ar fáil do Wenger le bliain anuas ach níor bhain sé don chuid is mó de cionn is go gcreideann sé nach dtiocfadh leis imreoirí a cheannach a bheadh ní b’fhearr ná na himreoirí atá aige cheana.
Rinne sé eisceacht amháin - cheannaigh sé an cosantóir Thomas Vermaelen ó Ajax, agus tá gach seans ann gurb é Vermaelen, a chosain tuairim’s ar £10 milliún, gurb é margadh na bliana é.
Ach, go bunúsach, creideann Wenger gur chóir foirne a fhorbairt, ní iad a cheannach agus tá comharthaí ann go bhfuil an fhoireann faoi láthair in aibíocht nó gar dó.
Ní fada go mbeidh searmanas oifigiúil ceiliúrtha i Staid na nÉimíríochtaí, ag fógairt go bhfuil an fhoireann “tagtha in aois”.
Chuir sé iontas ar bhunús achan duine ach chrom William Gallas ar an obair agus tá sé anois ina chosantóir daingean i ndiaidh é ísliú céime a fháil ó bhí sé ina chaptaen ar an fhoireann. Tá an chuma ar Kieran Gibbs go dtig leis bheith ina lánchúlaí fadtéarmach do Shasana gan mórán moille.
Cuireann Cesc Fabregas an gliceas samhlaíoch i lár na páirce ar fáil, áit a bhfuil sé in easnamh ag Learpholl ach go háirithe na laethanta seo. Agus tá na cúil ag teacht ó réimse leathan imreoirí - Nasri, Diaby, Eduardo, Rosicky agus Andrey Arshavin.
Agus nuair atá leathanaigh cúil na bpáipéar uilig lán den díospóireacht ar cé acu is fearr idir Fernando Torres, Didier Drogba agus Wayne tá Robin van Persie ag saothrú leis. Seacht gcúl an séasúr seo cheana, triúr níos lú ná Torres, beirt níos lú ná Drogba ach an méid céanna le Rooney ach dar leat b’fhearr i bhfad le Wenger Van Persie nó duine ar bith den mhuintir eile.
Tá sé luath sa séasúr ar ndóigh. Ró-luath do lucht leanúna Arsenal éirí ró-chorraithe.
Deir cuid mhór acu “Arsenal need a holding midfielder” - tá an abairt chomh coitianta le “Newcastle fans deserve better” agus “Michael Owen is injured” le blianta beaga anuas.
Níl faichill ar bith ar Wenger, áfach. Is ábhar broid agus sásaimh dó muinín a chuid imreoirí. Tá sé sásta inse don saol mór go bhfuil corn ag teacht go dtí na hÉimíríochtaí an séasúr seo.
"Nuair a deirim sin, ní dheirim é le sibh a shásamh, deirim é cionn is go bhfuil mé cinnte go dtarlóidh sé,” arsa Wenger.
Blah, blah, b’fhéidir.
Ach an iarraidh seo, b’fhéidir go mbeadh an ceart aige!

|



Print
back to top
Email this story