Irish News Online
Sunday, 22 November 2009
today's top pictures



Issue Changer:
today's pdfs
play sudoku online
irish news photos
AN TEOLAS | ÓIGE >

Níl mórán ama fágtha - tiocfaidh deireadh leis an domhan i 2012!

Le Robert McMillen
04/11/09
COME FLY WITH ME: Tá LA agus an domhan ag titim as a chéile agus níl ach fear amháin a dtig leis an chine daonna a shábháil - sean-scéal agus meirg air ach leis na maisíochtaí a úsáideann Roland Emmerich, seans mór gur scannán iontach a bheas i 2012
COME FLY WITH ME: Tá LA agus an domhan ag titim as a chéile agus níl ach fear amháin a dtig leis an chine daonna a shábháil - sean-scéal agus meirg air ach leis na maisíochtaí a úsáideann Roland Emmerich, seans mór gur scannán iontach a bheas i 2012

NÍL an bhliain 2012 i bhfad uainn ach measann daoine gur chreid na Máigigh ársa (the ancient Mayans) go dtiocfadh deireadh leis an domhan an bhliain sin (mí na Nollag le bheith beacht, 21ú le bheith níos beaichte).

Sin ráite, measann scoláirí nach bhfuil bunús ar bith leis an dearcadh.

“... a complete fabrication and a chance for a lot of people to cash in” a thug Sandra Noble ón Foundation for the Advancement of Mesoamerican Studies, gan fiacail a chur ann.

Anois, tá na cluichí Oilimpeacha le tarlú i Londan an bhliain chéanna agus dóibh siúd nach bhfuil suim ar bith agaibh i lúthchleasaíocht, beidh sé cosúil le deireadh an domhain is dócha ach ní ar an cur meáchan (shot put) nó ar an 5000 meadar a bheas an scannán úr 2012 ag díriú ach ar an apocalypse (apacailipsis más fearr leat) a tharlóidh dhá bhliain ón mhí seo chugainn.

Neirbhíseach?  

An stiúrthóir Gearmánach Roland Emmerich atá taobh thiar de 2012, fear a rinne na scannáin thaitneamhacha Independence Day agus The Day After Tomorrow - agus don scannán is déanaí, tá sé geallta aige go rachaidh an CGI “chuig áiteanna nach ndeachaigh sé riamh!”

Níl ach cúpla lá le dul sula dtiocfadh rud darbh ainm an Mesoamerican Long Count Calendar (an raibh a fhios agat gur chiallaigh an mhír meso – lár?) agus níl ach fear amháin dtig leis an domhan a shábháil - Tómaí Ó Conghaile? Julian de Spáinn? Ní hé, ach scríbhneoir colscartha darb ainm Jackson Curtis. (Agus ainm mar sin air, caithfidh gur laoch atá ann!)

Do scannán mórthaibhseach Emmerich, roghnaíodh John Cusack mar an phríomh-charachtar gaisciúil, rud a chuir iontas ar go leor daoine. Is mó an clú atá ar Cusack as scannáin ar nós Grosse Point Blank, High Fidelity agus Being John Malkovich ná mar atá air as na scannáin aicsin atá déanta aige.

Deir John gur roghnaigh an ról eisean, ar bhealach, agus é ag caint i réalt-Hollywoodís.

"Bhí mé sa bhaile ag déanamh mo ruda (ní insíonn sé dúinn cad é an rud é sin) ach faighim scairt ghutháin a rá go raibh Roland m’iarraidh don scannán seo,” arsa John.

"Scannán mór-bhuiséid a bhí ann, mar sin bhuail mé leis, léigh mé an script agus mhothaigh mé go raibh sé deá-scríofa agus go raibh go leor cor ann fosta.

“Ní raibh sé cosúil le gnáth-scannán tubaiste, bhí sé difriúil ón rud a raibh mé ag dúil leis mar sin, b’fhurasta dom an cinneadh a dhéanamh bheith páirteach sa scannán,” ar sé.

In 2012, bhí Emmerich agus a chomh-scríbhneoir, Harald Kloser ag iarraidh leagan nua-aimseartha de scéal Áirc Noah - miotas ina dtarlaíonn tuile mór a sciobann an tsibhialtacht ar shiúl - a inse. 

Imríonn an scannán leis an eagla atá orainn roimh an athrú aeráide.

Cruthaíonn Emmerich radharcanna oll-uafáis agus an ghrian ag téamh croí na cruinne, ag leá screamh an domhain (the earth’s crust) ag cur tús le creathanna móra talún agus tonnta tuile trasna na cruinne.

Tosaíonn an scannán agus Jackson ag dul tí a iar-mhná lena iníon agus a mhac a thabhairt go Yellowstone ar saoire campála.

Ach tarlaíonn sé go bhfuil an rialtas ag déanamh staidéar ar imeachtaí saoithiúla faoin talamh.

Chomh luath is atá Jackson agus a chuid paistí ar ais i Los Angeles, tosaíonn na creathanna móra talún óna bhfuil gach duine ag iarraidh éalú.

Ansin faigheann muid amach go bhfuil pleananna ann a shábhálfaidh an cine daonna. Ach an mbeidh an t-am acu theacht ar na pleananna seo?

Chuala muid an scéal céanna míle uair roimhe ach caithfidh mé a rá gur bhain mé sult as The Day After Tomorrow agus Independence Day araon. Thig leis an script a bheith go measartha, an plota go hainnis ach má bhíonn na héifeachtaí speisialta go maith, is scannán fiúntach é, dar liomsa. 

"Díríonn muid ar ghné dhaonna an scéil,” arsa Cusack, “Nuair a thosaíonn an sceimhle agus an domhan réidh le titim as a chéile, is é an rud is tábhachtaí le carachtar s’agamsa ná oiread agus is féidir a dhéanamh le mo chlann a shábháil ar bhealach ar bith.

“Tá an mothúchán sin iontach láidir - tá an teaghlach ar shean a ndíchill fanacht beo nuair atá mórchorraíl ag titim amach thart orthu,” ar sé.

• Beidh 2012 le feiceáil i bpictiúrlanna ón 13ú Samhain.



Related Stories
printer iconPrint       back to top back to top

 

Email this story Email this story