Léargas suimiúil soléite ar dhearcadh na bProtastúnach óg ar an Ghaeilge
Le Robert McMillen Eagarthóir Gaeilge30/06/09
MAR is eol daoibh - tá súil agam - is eagarthóir Gaeilge an Irish News mé agus bíonn leathanach agam uair sa seachtain dar teideal The Bluffer's Guide to Irish, altanna a chuidíonn le daoine Gaeilge a fhoghlaim.
Anuraidh, scríobh mé píosa ar an Ghaeilge a bheadh de dhíth ort dá mba bhall den Ord Oráisteach thú - tá féith an ghrinn síos fríd an cholún!
An lá ina dhiaidh, fuair mé scairt gutháin ó fhear a bhí ina bhall den Ord Oráisteach é agus dúirt sé liom gur thaitin an leathanach leis, go léann sé go rialta é agus go bhfuil cúigear nó seisear ball eile den Ord a bhfuil an-suim acu sa Ghaeilge.
Is léargas é seo go bhfuil daoine níos casta ná mar a shileann muid agus nach bhfuil an naimhdeas ag gach Protastúnach don teanga.
Sin an teoiric atá ag an Dr Ian Malcolm - nach ball den Ord Óraáisteach é - a bhfuil a glór so-aitheanta le cluinstin go minic ar Raidió na Gaeltachta agus an BBC.
Tá an Dr Malcolm i ndiaidh leabhar a fhoilsiú dar teideal Towards Inclusion: Protestants and the Irish Language.
Bhí dáimh ach go hairithe le Preispitéirigh leis an Ghaeilge ó chianaibh ach i ndiaidh Acht na hAontachta i 1801, tháiníg meath ar an dáimh sin.
Tá an leabhar bunaithe ar thráchtas Ian ina ndearna sé agallaimh le daoine óga Protastúnacha maidir leis an dearcadh a bhí acu ar an Ghaeilge agus fuair sé amach go bhfuil Eaglais na hÉireann anois “i bhfad níos báúla don Ghaeilge” ná mar atá na Preispitéirigh.
Labhraím an Ghaeilge, tá mé iontach bródúil ach caithim geansaí Rangers nó geansaí fhoireann peile Thuaisceart Éireann. Tuigeann daoine anois nár athraigh mé mo reiligiún agus níor athraigh mé mo pholaitíocht mar gheall ar an Ghaeilge,” ar sé.
Déanann Ian an pointe sin go neamhbhalbh le daoine.
“Ní chiallaíonn foghlaim na Gaeilge agus rud ar bith eile a athrú,” ar sé.
Má tá muid le daoine óga Protastúnacha a mhealladh chun na Gaeilge, ní gá dúinn bheith ag amharc siar dhá chéad bliain, dar leis. Tá suim acu sa ghné ar a thugann Malcolm An Ghaeilge Bheo/The Living Language air.
“Bhí suim ar leith ag na daoine óga i ngnéithe áirithe den Ghaeilge a bhaineann leis an saol atá acu féin - logainmneacha, sloinnte agus an Béarla.
“Mar shampla, bhí an-suim ag na daoine óga Protastúnacha sna logainmneacha mar gur inís siad rud éigin fán cheantar ina raibh siad ina gcónaí.
Tá Aire úr Cultúir againn ó thuaidh, Nelson McCausland, fear nár cheil a naimhdeas don Ghaeilge riamh roimhe.
Bata brúidiúil Sinn Féineach atá sa teanga le aontachtaithe a chur faoi smacht, dar leis. Ba mhaith leis go mbeadh an teanga dípholaitithe ach measann Ian nach fiú an dípholaitiú a phlé ag leibhéal dáiríre de bharr nach rud polaitiúil é teanga.
“Mar thús, deir daoine go bhfuil an Ghaeilge conspóideach agus polaitiúil. Nach bhfuil an Béarla mar a gcéanna? Mar shampla, an dara chathair is mó i dTuaisceart Éireann, cad é an t-ainm atá uirthi? Derry? Londonderry? Doire Cholmcille? Cad é an chiall atá le Ulster? Cá mhéad contae atá i gceist. “Mar sin, tá an Béarla chomh conspóideach céanna leis an Ghaeilge ach ní dheireann aonduine ‘ó, caithfidh muid an Béarla a dhípholaitiú. Scadán dearg atá san argóint seo fá dhípholaitiú,” ar sé.
“Arís, má bhreathnaíonn tú ar na sloinnte seo - Michelle McIlveen, Gregory Campbell. William McCrea, David Simpson, Ian Paisley - ainmneacha breátha Gaeilge iad uilig agus ainmneacha bhaill an DUP!”
Ar ndóigh, is fan mór é den Albanais Uladh é an tUasal McCausland. An bhfuil na daoine óga a raibh Ian Malcolm ag caint leo tógtha fán “teanga” seo atá á cur chun cinn mar shuaitheantas féiníúlachta Aontachtach/Protastúnach.
Deir sé gur thóg sé go leor conspóide.
“Dar fia, d’éirigh na fócas-ghrúpaí iontach teasaí agus iad ag caint ar Ulster Scots mar gur chreid cuid mhór acu nach teanga í ar chor ar bith ach ar an láimh eile, bhí cúpla duine ann agus sheas siad an fód go neamhbhalbh ar son Albainíse Uladh. Ach formhór na ndaoine, níor chreid siad gur teanga í, nach raibh inti ach canúint.”
Ní bheadh Ian sásta a rá go bhfuil “doras oscailte” don Ghaeilge i measc na bProtastúnach ó thuaidh.
“Tá mana agam a deir ‘ní féidir leat dul i ngleic leis an intinn druidte’ agus bhuail mé le go leor daoine den chineál sin, daoine a dúirt liom ‘if you want to talk that ould foreign language, away down to Dublin.’
“Bhí mé i mBaile Átha Cliath agus tháiníg fear a chuala mo bhlas Ultach a fhad liom agus dúirt, ‘I suppose you learnt your Irish in the Kesh?’
“Tá míthuiscintí mar sin le fáil ar an dá thaobh,” arsa Ian.
Bunús na bProtastúnach i dTuaisceart Éireann, níl eolas ar bith acu ar an Ghaeilge seachas an méid a chluin siad ar an teilifís agus ar an raidió.
Deirim le daoine, sa deireadh thiar, níl inti ach teanga.
“Níl a leithéid de rud ann mar theanga pholaitiúil ach is féidir teanga ar bith a úsáid ar bhonn pholaitiúil,” arsa Ian.
“Mar shampla, chuirfinn ceist ar Phrotastúnaigh an bhfuil Gaeilge ar bith acu agus déarfadh siad nach bhfuil acu ach ‘tiocfaidh ár lá’ agus mothaíonn siad maslaithe ag an fhrása sin.
Ach dá mbeadh greim acu ar an Ghaeilge, bheadh siad ábalta ‘ní thiocfaidh bhur lá’ a fhreagairt!
“Bheadh siad ábalta a rá ‘Ar son Dé agus Uladh’ nó ‘Dia leis an Bhanríon’ nó “ní sinne an Bhreasaíl ach Tuaisceart Éireann’.
“Is cineál mecchano set é teanga ar bith - tá an foclóir agus an fhoghraíochta ann, tá an graiméar agus an comhréir ann, braitheann sé ortsa sa deireadh thiar, cad é mar a chuireann tú na heilimintí sin le chéile.”
Deirim le hIan, i mo thaithí féin, tá an pobal Protastúnach chun cinn ar na polaiteoirí ach níl sé cinnte. Tugann sé sampla sa leabhar de pholaiteoir Aontachtach a bhfuil an-suim aige sa Ghaeilge agus a mbíodh leabhair Ghaeilge agus Gaidhlig aige ina oifig i Sandy Row, ceantar clúiteach dílseacht i lár Bhéal Feirste.
Bhí a fhios aige go raibh amhras ar an bhean a ghlan a oifig faoi seo uilig, mar sin, chuaigh sé chuig an siopa agus cheannaigh sé pictiúr mór de Bhanríon Shasana le cur ar an bhalla le go dtuigfeadh sí go raibh sé chomh dílis is a bhí sí féin!
“Ní rud polaitiúil é an teanga ach is dóigh liom go bhfuil sé níos deacra don te atá ag iarraidh í a chur chun cinn mar gheall ar an chonspóid a bhaineann lei, gí nach bhfuil locht ar bith ar an teanga.”
Measann Ian go bhfuil seans níos fearr againn anois í a chur chun cinn ó tharla síocháin bheith i réim.
“Mar shampla, ag tús na bliana seo, bhí mise i dTír Chonaill le scaifte dílseoirí ó thuaisceart Bhéal Feirste. Bhí siad ansin le go bhfoghlaimeodh siad níos mó fán Ghaeilge. Chuala siad ó cheathrar cainteoir, mé féin chomh maith le hiar-phríosúnach Poblachtánach a labhair ar fhás na Gaeilge mar thoradh ar an Jailtacht a chur in iúl dóibh.
“D’éist siad go macánta agus ba léir go ndeachaigh cás na Gaeilge i bhfeidhm go mór orthu,” arsa Ian. “Bhí sé suimiúil gur tharla an cheardlann sin i dTír Chonaill, ní i mBéal Feirste nó i dTuaisceart Éireann féin. Creidim go ndeachaigh an Ghaeltacht i bhfeidhm orthu - áilleacht na háite agus iad ag éisteacht le daoine ag caint Gaeilge sna siopaí. Sílim gur thuig siad gur teanga bheo atá sa Ghaeilge agus go bhfuil sí in úsáid ar bhonn laethúil. Mar sin, tá na céimeanna á dtógáil de réir a chéile. Ní thig liom níos mó a rá fán ghrúpa seo ach tá rudaí ag dul sa treo cheart,” ar sé.
“Tá síocháin againn mar sin tá achan rud indéanta san áit álainn seo,” ar sé.
• Tá Towards Inclusion: Protestants and the Irish Language le Ian Malcolm foilsithe ag Blackstaff Press.
Tá sé ar fáil ó shiopaí maithe leabhar agus ón suíomh idirlín amazon.com

|



Print
back to top
Email this story